2025
Is bliain choitianta í an bhliain 2025 (MMXXV).
![]() | |
Sampla de | bliain féilire, common year starting and ending on Wednesday (en) ![]() ![]() |
---|---|
Féilirí eile | |
féilire Ghréagóra | 2025 (mmxxv) |
Ioslamach | 1447 – 1448 |
Síneach | 4721 – 4722 |
Eabhrach | 5785 – 5786 |
Hiondúch | 2080 – 2081 (Vikram Samvat) 1947 – 1948 (Shaka Samvat) 5126 – 5127 (Kali Yuga) |
Peirseach | 1403 – 1404 |
Airméanach | 1474 |
Rúnach | 2275 |
Ab urbe condita | 2778 |
Catagóirí | |
Básanna Teilifís Scannáin Spóirt | |
Aois | |
20ú haois - 21ú haois - 22ú haois | |
Deich mbliana | |
1990í 2000í 2010í - 2020í - 2030í 2040í 2050í | |
Bliain | |
2022 2023 2024 - 2025 - 2026 2027 2028
| |
![]() |
Cúrsaí reatha
cuir in eagarNollaig
cuir in eagarSamhain
cuir in eagarCOP30 nó Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2025
Deireadh Fómhair
cuir in eagarMeán Fómhair
cuir in eagarLúnasa
cuir in eagarIúil
cuir in eagarMeitheamh
cuir in eagarBealtaine
cuir in eagarAibreán
cuir in eagarMárta
cuir in eagarFeabhra
cuir in eagarAr an 4 Feabhra sa tSualainn, lámhachadh agus maraíodh deichniúr in ionad oideachais do dhaoine fásta Ionsaí
Ar an 4 Feabhra , mhol Donald Trump an pobal Palaistíneach a dhíbirt as Gaza go buan, agus. "Riviera an Mheánoirthir" a dhéanamh de.
Eanáir
cuir in eagarBhuail Stoirm Éowyn Éire agus an Bhreatain ar an 24 Eanáir 2025, "stoirm ghéar gan chuimse", ar cheann de na stoirmeacha ab fhíochmhaire a bhuail Éire riamh.[1]
Ar an 23 Eanáir 2025, fuair Micheál Martin séala a oifige ó Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins tar éis don 34ú Dáil vótáil i bhfabhar é a cheapadh ina Thaoiseach don dara uair.
Insealbhaíodh Donald Trump mar Uachtarán na Stát Aontaithe den dara huair ar an 20 Eanáir.
Fuarthas Donald Trump ciontach in 2024 sa chás gur cheil sé suas le $130,000 d'íocaíocht le Stormy Daniels. Ar an 10 Eanáir 2025, scaoileadh Trump gan choinníoll ó tharla, a dúirt an breitheamh 'go bhfuil Donald Trump le hinsealbhú ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe'.[2]
Bhris ráig den ghalar crúibe is béil amach sa Ghearmáin, an chéad uair a haimsíodh an galar sa Ghearmáin ó na 1980idí.
Bhí teochtaí curiarrachta ann ar fud an domhain le linn 2024-2025. Ar an 10 Eanáir 2025, dúirt an tseirbhís Copernicus gurbh í an bhliain 2024 ba theo riamh ó cuireadh tús le taifid.[3] => Aimsir na bliana 2025.
Bhris falscaithe amach i Los Angeles agus sna ceantair máguaird ar chósta thiar na Stát Aontaithe i mí Eanáir 2025, Ba mhillteanach an tubaiste é.[4]
I mí Eanáir 2025, bhris ráig den ghalar crúibe is béil amach sa Ghearmáin, go háirithe i gceantair cóngarach don phríomh-chathair Beirlín.
D'éirigh an Ghraonlainn ina cnámh spairne idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Thug Donald Trump le fios gur mian leis seilbh a fháil ar an nGraonlainn agus ar Chanáil Phanama.
Tharla crith talún sa Tibéid, gar don teorainn le Neipeal. ar an 7 Eanáir 2025.
D'éirigh Justin Trudeau, príomh-aire Cheanada, as.
Maraíodh 14 agus gortaíodh tríocha duine eile in ionsaí trucailín i New Orleans ar Lá Caille, 1 Eanáir 2025. Iarshaighdiúir na Stát Aontaithe ba ea an sceimhlitheoir. Cúpla uair níos déanaí, phléasc trucailín Tesla roimh an Óstán Trump i Las Vegas; thug saighdiúir na Stát Aontaithe eile lámh ina bhás féin agus neamhord struis iarthrámaigh air.
Básanna
cuir in eagar- Na Gaeil a fuair bás in 2025: Pádraig Ó Snodaigh (Coiscéim) ar an 2 Eanáir.
- agus
- thar lear, Jean-Marie Le Pen (pobalóir) ar an 7 Eanáir.
Spórt
cuir in eagarTeilifís
cuir in eagarScannáin
cuir in eagarDuaiseanna Nobel
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-24). "'Stoirm ghéar gan chuimse'-BSL" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-10). "Píonós gearrtha ar an Uachtarán Trump" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-10). "'2024 ba theo riamh'-Copernicus" (as ga-IE).
- ↑ Samuel Granados, Nicholas Bogel-Burroughs, Soumya Karlamangla (2025-01-09). "How the Destruction in Los Angeles Ranks in California’s Fire History" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2025-01-10.