Pádraig Ó Snodaigh

foilsitheoir agus gníomhaí Éireannach

Rugadh an foilsitheoir agus scríbhneoir Pádraig Ó Snodaigh i gCeatharlach (Oliver Snoddy a bhaisteadh air) ar an 16 Bealtaine 1935, agus d'éag sé i mBaile Átha Cliath ar an 2 Eanáir 2025.[1][2][3] Fear ildánach, Gael, agus poblachtach, bhí An Snodach ar dhuine de phearsana móra shaol na Gaeilge agus shaol chultúrtha na hÉireann, mar bhunaitheoir an teach foilsitheoireachta Coiscéim, mar údar, mar fhile agus mar ghníomhaí teanga.[4]

Infotaula de personaPádraig Ó Snodaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith18 Bealtaine 1935
Ceatharlach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Eanáir 2025
89 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht, filíocht, gníomhaíochas agus foilsitheoir
Gairmscríbhneoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Teaghlach
CéileClíodna Cussen Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteColm Ó Snodaigh, Aengus Ó Snodaigh, Rónán Ó Snodaigh, Rossa Ó Snodaigh Cuir in eagar ar Wikidata

Is i gCeatharlach a rugadh agus a tógadh Pádraig Ó Snodaigh, Chaith sé tamall ag obair do Bhord Soláthair an Leictreachais, agus ansin san Ard-Mhúsaem i mBaile Átha Cliath.

Idir 1970-73 bhí Ó Snodaigh ina chomheagarthóir ar an iris chléach phoblachtach Ghaeilge Pobal. I lár na seachtóidí bhí sé ina eagarthóir ar Carn, iris an Chonartha Cheiltigh.

Bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 1974 go 1978[5] agus is é a bhunaigh siopa leabhar an Chonartha.[2] Cuireadh Seachtain na Gaeilge ar bun in athuair faoina cheannaireacht. Thacaigh sé go mór le gluaiseacht na Gaelscolaíochta a bhí ag teacht in inmhe an tráth céanna. Agus é ag scríobh do Comhar in 1989 dúirt sé gur ‘cath cúlgharda’ a bhí sna Gaelscoileanna ina raibh ‘an pobal Gaelach ag léiriú míshástacht leis an gcúlú ó aidhmeanna fógraithe an stáit sa Phoblacht agus in éadan ionraí an stáit sna sé chontae’.[6]

Chuir an Snodach an Bille Cearta don Ghaeilge chun cinn sna seachtóidí, a baineadh amach mar Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) nach mór tríocha bliain ina dhiaidh sin. Bhí Ó Snodaigh lárnach, chomh maith, san Fheachtas Náisiúnta Teilifíse a cuireadh ar bun sna hochtóidí agus a bhain a sprioc amach le bunú TnaG (TG4 ina dhiaidh sin) in 1996 (ag tús an fheachtais chuidigh sé le Ciarán Ó Finneadha meirge a chrochadh ar aeróg chumarsáide RTÉ i nDomhnach Broc chun aird a tharraingt ar neamairt an stáisiúin i leith na teanga).

Bhunaigh sé a chomhlacht foilsitheoireachta féin Coiscéim.ie sa bhliain 1980. Fuair sé £1000 ar iasacht ó chara dá chuid in 1980 chun Coiscéim a chur ar bun. Bhí beagnach 1,500 leabhar curtha i gcló ó shin ag an gcomhlacht, idir úrscéalaithe, ghearrscéalaithe, fhilí, dhrámadóirí, lucht aistí agus aistíola.. Bhí filíocht, úrscéalta agus aistí staire dá chuid féin foilsithe chomh maith.[6]

Poblachtach go smior a bhí sa Snodach agus sheas sé le poblachtaigh agus náisiúnaithe na Sé Chontae le linn na dTrioblóidí.

Bhí sé pósta leis an dealbhadóir, scríbhneoir agus ealaíontóir Clíodna Cussen agus bhí seisear mac acu. Tá triúr mhac le Pádraig sa bhanna cheoil Kíla, Rossa, Rónán agus Colm. Is mac eile leis Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála de chuid Shinn Féin. Fergus agus Cormac an bheirt eile.

Bhásaigh Pádraig Ó Snodaigh ar an 2 Eanáir 2025; bhí sé 89 bliain d'aois.[2] Bhí sé go fóill ag scríobh do Carn agus ina bhall den Chonradh Ceilteach nuair a básaíodh é. Bhíodh sé de nós aige ailt a scríobh de láimh i gcónaí, seachas leas a bhaint as ríomhairí.[6]

 

Bhí filíocht, úrscéalta agus aistí staire foilsithe ag Ó Snodaigh, na measc saothair léannta ar nós Hidden Ulster (Lagan Press, 1998), The Irish Volunteers, 17151793 (Irish Academic Press, 1995) agus an t-úrscéal Ó Pharnell go Queenie (1991). I measc na gcnuasach filíochta uaidh tá Cumha agus Cumann (Aisling Design, 1985), Cúl le Cúl (1988) agus Cronú (2004).[5][3] Saothar tábhachtach atá, in The Hidden Ulster: Protestants and the Irish Language, a cuireadh i gcló trí huaire (1973, 1977, 1995) agus a d’fhág lorg dearfach ar Phrotastúnaigh an tuaiscirt atá ag tabhairt faoi athbheochan na Gaeilge sa lá atá inniu ann.

Ba staraí é an Snodach agus spéis ar leith aige i dtréimhse na réabhlóide. Chuir sé peann le pár agus chuir sé in eagar an tsraith thábhachtach Macallaí na Cásca, sraith leabhar a thug léargas ar ghnéithe logánta, domhanda, pearsanta, fealsúnachta agus teanga Éirí Amach 1916. Maidir lena staireolaíocht, níor chuir sé aon fhiacail ann i leith na staraithe athbhreithnitheacha, mar a léirigh foilsiú Two Godfathers of Revisionism: 1916 in the Revisionist Canon in 1991.[6]

As Gaeilge

cuir in eagar
  • Comhghuaillithe na Réabhlóide 1913-1916. BÁC: An Clóchomhar, 1966.
  • Paróiste an Fheirtéaraigh agus 1916 Eag. Pádraig Ó Snodaigh, BÁC: Scepter, 1968.
  • Ua Rathghaille Dublin : Foilseachain Poblachtacha, 1970.
  • Éireannaigh sa Chogadh Chathartha sna Stáit Aontaithe 1970
  • An Cómhargadh BÁC: Pobal Teo, 1971.
  • An Bealach Romhainn - léacht a tugadh in Áras an Chonartha faoi bhráid Choiste na Cathrach, Baile Átha Cliath, mí Márta, 1974 BÁC, Clódhanna Teo, 1974
  • Litreacha oscailte le Pádraic Mac Piarais. BÁC: Club Chonradh na Gaeilge, i bpáirt le Clódhanna Teo, 1979.
  • Caomhnú nó athréimniú - óráid an uachtaráin, a tugadh ag ardfheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Átha na Slua, 19 Aibreán 1975 BÁC, Clódhanna Teo, 1975
  • Rex: Dublin, Coiscéim, 1981.
  • Véinéiseach Éigin le Guiseppe Berto, aistrithe ag Pádraig Ó Snodaigh, BÁC, Carbad, 1983.
  • Cumha agus Cumann: Aisling Design, BÁC, 1985.
  • Solitudine e Compagnia/Cumha agus Cumann: poesie di Pádraig Ó Snodaigh a cura di Rosangela Barone e G. Lendaro Camiless, Bari - Edizioni dal Sud, An Iodáil, 1986.
  • Linda: Dublin, Coiscéim, 1987.
  • Cúl le cúl : Coiscéim, 1988.
  • Eadar mi 's a' bhreug, Màiri NicGumaraid; leaganacha Gaeilge, Pádraig Ó Snodaigh & Liam Prút. Coiscéim, 1988.
  • Ó Pharnell go Queenie: Coiscéim, 1991.
  • Ceatharlach i 1798 : amharc ar na staraithe: Coiscéim thar ceann Cumann Oidhreachta Chontae Cheatharlach, 1991.
  • An tAmhrán Éireannach : (i gcuimhne Bobby Sands).Conte, Guisseppe. (leagan gaeilge le Pádraig Ó Snodaigh): Coiscéim, 1991.
  • Unshed Tears - Deora Nár Caoineadh, Áine Ní Ghlinn arna aistriú ag Pádraig Ó Snodaigh. Coiscéim/Dedalus Press, 2002.
  • Ón Droichead go dtí an Duibheagán : Téamaí staire ón tréimhse Nollaig 1921 go tús Chogadh na gCarad. Coiscéim, 1997.
  • Ruithmean's neo-rannan/Rainn agus neamhrainn, Màiri NicGumaraid; leaganacha Gaeilge, Pádraig Ó Snodaigh & Liam Prút. Coiscéim, 1997.
  • Dílseoirí na Gaillmhe - faoi airm agus éide 1798 roimhe agus ina dhiaidh:. Coiscéim, 1998.
  • Len (Malachy Mal’ in Oghma): dátheangach Gaeilge / Iodáilis le Rosangela Barone, 54p Faenza - MobyDick, 1999.[3]
  • Vae Puero: athleaganacha ar dhánta le Pádraic Fiacc, arna aistriú ag Aogán Ó Muircheartaigh & Pádraig Ó Snodaigh. Coiscéim, 2002.
  • Cronú : Coiscéim, 2004.
  • Macallaí na Cásca 4 - Na Priompalláin - 1916 agus athscríobh na staire : Coiscéim, 2006.
  • Macallaí na Cásca 9 - 1916 agus mar sin de : Coiscéim, 2013.
  • Smaointe Fánacha: D. Ó Maol Blagaide, Coiscéim, 2013.
  • Clamavi: Dublin, Coiscéim, 2014.
  • Macallaí na Cásca 13 - Comhghuaillithe na Réabhlóide 1913-1916: Coiscéim (ath-chló), 2016.
  • Ag Druidim le 80, Coiscéim, 2018.
  • Scórscéalta, Coiscéim, 2021
  • Ochtó Seacht FA, Coiscéim, 2022.
  • Scór Eile, Coiscéim, 2022.
  • An Tríú Scór, Coiscéim, 2022.
  • Cuimhne Míosa, Coiscéim, 2022.
  • Scór a Ceathair, Coiscéim, 2023.
  • Fómhar na nDeor, Coiscéim, 2023.
  • Scór 5, Coiscéim, 2023.
  • Ireland and the Common Market : a second Act of Union? BÁC: Common Market Study Group, 1972.
  • Hidden Ulster: Protestants & the Irish Language. BÁC: Clodhanna Teo, 1973. (Revised editions appeared in 1977 and 1995).
  • Modern literature in Irish : survival, revival, arrival, Londain : Connolly Association, c.1984.
  • Irish Political Documents: 1916-1949, An Charraig Dhubh, BÁC: Irish Academic Press, 1985.
  • Irish Political Documents, 1869-1916, BÁC: Irish Academic Press, 1989.
  • Two Godfathers of Revisionism : 1916 in the Revisionist Canon, BÁC: Fulcrum Press, 1991.
  • The Irish volunteers 1715-1793 : a list of the units, An Charraig Dhubh, BÁC: Irish Academic Press, 1995.
  • Nollaig le Rudi Holzappel, 1964
  • Poems le Colm O'Neill, Conleth Ellis & James O'Rourke

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Death Notice of Pádraig Ó Snodaigh (Dublin) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2025-01-12.
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2025-01-02). "Pádraig Ó Snodaigh tar éis bháis" (as ga-IE). 
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 ricorso.net. "Pádraig Ó Snodaigh". www.ricorso.net. Dáta rochtana: 2025-01-02.
  4. "‘Snod be with you!’ – slán fágtha le Pádraig Ó Snodaigh, duine de mhórGhaeil a linne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-06). Dáta rochtana: 2025-01-12.
  5. 5.0 5.1 portraidi.ie. "Pádraig Ó Snodaigh" (ga-IE). Portraits of Irish-Language Writers. Dáta rochtana: 2025-01-02.
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 An Páipéar (2025-01-10). "Pádraig Ó Snodaigh, An Snodach, imithe ar shlí na fírinne" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-01-12.