Rialtas an 34ú Dáil
Ar an 23 Eanáir 2025, fuair Micheál Martin séala a oifige ó Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins tar éis don Dáil vótáil i bhfabhar é a cheapadh ina Thaoiseach don dara uair. Sular caitheadh aon vóta, fágadh faoin duine is óige i bpáirtí parlaiminte Fhianna Fáil, Albert Dolan, Micheál Martin a mholadh mar Thaoiseach. 95 Teachta Dála a vótáil ar a shon agus 76 a vótáil ina aghaidh. (Mhol an Teachta Dála Mairéad Farrell ó Shinn Féin ceannaire a páirtí féin Mary Lou McDonald don phost),[1][2]
Sonraí | |
---|---|
Cineál | Rialtais na hÉireann |
Stair | |
Téann in áit | Harris Ministry (en) |
Dáta a bunaíodh | 23 Eanáir 2025 |
Beidh Martin ina Thaoiseach go dtí mí na Samhna 2027 nuair a thiocfaidh ceannaire Fhine Gael agus an Tánaiste nua Simon Harris i gcomharbacht air.[3]
An Chomhaireacht i mí Eanáir 2025
cuir in eagarTaoiseach – Micheál Martin
Tánaiste, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Aire Cosanta – Simon Harris
Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Seirbhísí Poiblí, Athchóirithe agus Digitithe – Jack Chambers
Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce – Jim O'Callaghan
Aire Coimirce Sóisialaí, Aire Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus na Gaeltachta – Dara Calleary
Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta – James Browne
Aire Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh, Aire Iompair – Darragh O'Brien
Aire Breisoideachais, Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta – James Lawless
Aire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais – Norma Foley
Aire Airgeadais – Paschal Donohoe
Aire Sláinte – Jennifer Carroll MacNeill
Aire Oideachais agus Óige – Helen McEntee
Aire Talmhaíochta, Bia, Iascaigh agus Mara – Martin Heydon
Aire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta – Peter Burke
Aire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt – Patrick O'Donovan
Ceapadh Mary Butler ó Fhianna Fáil mar Phríomh-Aoire an Rialtais agus ceapadh í ina hAire Stáit um meabhairshláinte freisin.
Athcheapadh an t-abhcóide sinsearach Rossa Fanning ina Ard-Aighne.
Rannpháirtíocht
cuir in eagarOchtar Airí ó Fhianna Fáil agus seachtar ó Fhine Gael a bhí sa Chomhaireacht i mí Eanáir 2025. B'é Peter Burke ó Fhine Gael an t-aon duine a bhí le leanúint den chúram a bhí air sa rialtas 2020-2024. B'é Charlie McConalogue ó Fhianna Fáil an t-aon duine ón rialtas 2020-2025 nach raibh sa Chomhaireacht nua.
Bhí aon duine dhéag ó Chúige Laighean sa Chomhaireacht nua, triúr ó Chúige Mumhan agus duine amháin ó Chúige Chonnacht. (Ar chúl éaga a bhí na hUltaigh).[1] B'é an Teachta Dála Dara Calleary an t-aon duine den chúigear déag airí sinsearacha nua gurb as cúige Chonnacht nó cúige Uladh dóibh.
Rinne Micheál Martin rogha a tharraing conspóid nuair nár thug sé post mar aire rialtais d’oiread agus bean amháin sa bhreis. Ní raibh ach triúr banairí sa Rialtas an 34ú Dáil (Norma Foley ó Fhianna Fáil, agus Helen McEntee agus Jennifer Carroll MacNeill ó Fhine Gael). Ní raibh Mary Butler (an príomhaoire) nó Niamh Smyth ainmnithe mar airí rialtais ag Micheál Martin.[4] Chuaigh rannpháirtíocht na mban sa rialtas ag an leibhéal is sinsearaí ar gcúl – bhí ceathrar banairí sa Rialtas an 33ú Dáil.
Airí stáit
cuir in eagarDeichniúr airí stáit a bhí ag Fianna Fáil agus ochtar a bhí ag Fine Gael. Cúigear neamhspleách a bhí ann mar chuid den socrú faoinar bunaíodh an rialtas. Bhí brú ar pháirtithe an rialtais a chinntiú go mbeadh cuid mhaith ban i measc na gceapachán i ndiaidh na conspóide faoina laghad ban a ceapadh ina n-airí sinsearacha. Seisear ban a bhí ina n-airí stáit.
Tugadh cead ag triúr Mór-Airí Stáit freastal ar chruinnithe den Chomhaireacht ach ní raibh cead acu labhairt iontu. B'iad Hildegarde Naughton ó Fhine Gael agus na Teachtaí Dála Neamhspleácha ón nGrúpa Réigiúnach Seán Canney agus Noel Grealish.[1]
- Jerry Buttimer (FG), an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus an Roinn Iompair (forbairt pobail agus carthanachtaí agus an córas iompair faoin tuath).
- Thomas Byrne (FF), gnóthaí Eorpacha (post a bhí ag Byrne cheana, idir 2020-2022)
- Niamh Smyth (FF) sa Roinn Fiontair
- Jennifer Murnane O’Connor (FF), ina haire stáit sa Roinn Sláinte
- Emer Higgins (FG) a bheidh sa Roinn Caiteachais Phoiblí
- Charlie McConalogue (FF, an t-iar-aire talmhaíochta ó Dhún na nGall), Aire Spóirt, post a bhíonn á shantú ag go leor
- Colm Brophy (FG)m Aire Stáit don Inimirce, agus próifíl ard ag baint léi
- Niall Collins (FF ó Luimneach) athcheaptha ina aire stáit sa Roinn Dlí agus Cirt, ag plé leis an athchóiriú dlí
- Timmy Dooley (FF), Roinn Talmhaíochta
- Robert Troy (FF) ina aire stáit do na comhair chreidmheasa agus seirbhísí airgeadais. d’éirigh sé as; I mí Lúnasa 2022 tháinig sé chun solais gur theip air leasanna maoine a fhógairt.[5]
- Michael Moynihan (FF) ina Aire Stáit don Oideachas Speisialta
- Alan Dillon (FG), an Roinn Fiontair
- Kieran O’Donnell (FG), an Roinn Sláinte agus Tithíochta agus cúram daoine aosta air
- Neale Richmond (FG) ina aire stáit sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus é freagrach as an diaspora
- John Cummins (FG, Port Láirge), ina aire stáit sa Roinn Tithíochta
- Christopher O’Sullivan (FF), freagrach as cúrsaí dúlra, oidhreachta agus bithéagsúlachta
- Hildegarde Naughton (FG), freagrach as daoine atá faoi mhíchumas.
- Seán Canney (Neamhspleách), an Roinn Iompair[6]
- Noel Grealish (Neamhspleách), sa Roinn Talmhaíochta
- Marian Harkin (Neamhspleách), Roinn Breisoideachais
- Kevin ‘Boxer’ Moran (Neamhspleách), cúram an OPW air
- Michael Healy-Rae (Neamhspleách), ina aire stáit sa Roinn Talmhaíochta
Gaeilge
cuir in eagarBhí seachtar Gaeilgeoir i measc an chúigear déag airí sinsearacha a ceapadh i mí Eanáir 2025, seisear ó Fhianna Fáil agus duine amháin ó Fhine Gael. Is iad an seisear ó Fhianna Fáil an Taoiseach féin, Micheál Martin; Dara Calleary, Jim O’Callaghan; Darragh O’Brien; Norma Foley; agus Jack Chambers. An tAire Cumarsáide Ealaíon agus Meán, Patrick O’Donovan, an t-aon duine de sheachtar airí Fhine Gael a bhfuil dóthain Gaeilge aige le hagallamh beo a dhéanamh leis na meáin Ghaeilge.[7]
Cainteoir líofa Gaeilge é duine amháin den naonúr déag airí stáit nua a d’fhógair an Rialtas , Thomas Byrne ó Fhianna Fáil. Bhí roinnt Gaeilge freisin ag duine de na mórairí stáit nua, Hildegarde Naughton.
Ar an aire sinsearach Dara Calleary a raibh príomhchúram na Gaeltachta. Bhí aire sinsearach don Ghaeilge i measc na n-éileamh réamhthoghchán a bhí ag Conradh na Gaeilge.[8]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (23 Eanáir 2025). "Comhaireacht nua fógartha ag Micheál Martin" (ga-IE).
- ↑ tuairisc.ie (23 Eanáir 2025). "Airí an chomhrialtais nua ainmnithe ag an Taoiseach, príomhchúram na Gaeltachta ar Dhara Calleary".
- ↑ tuairisc.ie (23 Eanáir 2025). "Micheál Martin tofa ina Thaoiseach den dara huair".
- ↑ Cathal Mac Coille (25 Eanáir 2025). "Ceachtanna le foghlaim ar gach taobh sa Dáil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-26.
- ↑ RTÉ news (2022-08-24). "Robert Troy resigns from Minister of State role" (as en).
- ↑ "Seolann na hAirí O’Brien agus Canney ‘Luasanna Níos Moille, Bóithre Níos Sábháilte’ - feachtas a thacaíonn le sábháilteacht ar bhóithre." (ga). www.gov.ie (2025-01-30). Dáta rochtana: 2025-02-02.
- ↑ "Naonúr Gaeilgeoirí ceaptha ina n-airí nó ina n-airí stáit sa rialtas nua" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-30). Dáta rochtana: 2025-02-02.
- ↑ "23 aire stáit le ceapadh, ach dóchas ann go mbeidh an Ghaeltacht ag aire sinsearach an geábh seo" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-29). Dáta rochtana: 2025-02-02.