Patrick O'Donovan
Is polaiteoir Éireannach de chuid Fhine Gael é Patrick O’Donovan nó Pádraig Ó Donnabháin (a rugadh ar 21 Márta 1977). Ar an 23 Eanáir 2025, ceapadh O'Donovan ina Aire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt i Rialtas an 34ú Dáil.[1]
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Márta 1977 47 bliana d'aois An Caisleán Nua, Éire ![]() |
![]() | |
8 Feabhra 2020 – Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Contae Luimnigh Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
Minister of State for Tourism and Sport (en) ![]() | |
19 Bealtaine 2016 – | |
![]() | |
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 32ú Dáil Toghcheantar: Contae Luimnigh Toghadh i: Olltoghchán 2016 in Éirinn | |
![]() | |
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 31ú Dáil Toghcheantar: Luimneach Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann 2011 ![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na hOllscoile Corcaigh ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir ![]() |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fine Gael ![]() |
Suíomh gréasáin | patrickodonovan.ie ![]() |
![]() ![]() |
Gairm
cuir in eagarIarmhúinteoir scoile is ea é.
Bhí O’Donovan ina bhall de Chomhairle Contae Luimnigh do thoghcheantar áitiúil an Chaisleáin Nua Thiar ó 2003 go 2011.[2][3]
Bhí sé ina Theachta Dála (TD), do dháilcheantar Luimnigh, ó 2011 go 2016, agus ansin do dháilcheantar Chontae Luimnigh ó 2016 ar aghaidh.
Bhí sé ina Aire Stáit Turasóireachta agus Spóirt ó 2016 go 2017.[2]
Bhí sé ina Aire Stáit um Sholáthar Poiblí, don Rialtas Follasach, agus don ríomh-Rialtas ó 2017 go 2020.[4]
Bhí sé ina Aire Stáit ag Oifig na nOibreacha Poiblí ó Iúil 2020-2024. Ar an 23 Eanáir 2025, ceapadh O'Donovan ina Aire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt i Rialtas an 34ú Dáil.[1]
Gaeilge
cuir in eagarAr 20 Nollaig 20222, ceapadh O’Donovan mar aire stáit Gaeltachta. Dúirt O’Donovan go ndúirt an Taoiseach Leo Varadkar leis go raibh “bronntanas na Nollag” aige dó, is é sin go raibh cúram na Gaeltachta á chur aige lena chúram mar aire stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí.
Bhí O’Donovan ar dhuine den 35 Teachta Dála a dúirt le Tuairisc sa bhliain 2020 go raibh sé ar a gcumas agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.[5] Ach nuair a ceapadh é mar aire stáit Gaeltachta a chuid Gaeilge “beagnach caillte” aige agus go raibh sé chun dul go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne le tús a chur le hathfhoghlaim na teanga.[6]
Cúrsaí
cuir in eagarI mí Eanáir 2014, theastaigh uaidh "tougher controls on the use of open source internet browsers and payment systems".[7][8]
Pearsanta
cuir in eagarMaireann sé i Móin Achaidh Ghae i Luimneach lena bhean Eileen agus a dtriúr páistí.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (23 Eanáir 2025). "Comhaireacht nua fógartha ag Micheál Martin" (ga-IE).
- ↑ 2.0 2.1 "Patrick O'Donovan". ElectionsIreland.org.
- ↑ "Patrick O'Donovan". Oireachtas Members Database.
- ↑ "Seán Kyne ar dhuine de cheathrar Gaeilgeoirí i measc airí stáit nua-ainmnithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-21.
- ↑ "Patrick O’Donovan an chéad aire stáit Gaeltachta eile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-21.
- ↑ Tuairisc (22 Nollaig 2022). "‘Bronntanas na Nollag gan choinne’ – Aire Stáit nua na Gaeltachta ag súil le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-22.
- ↑ "O’Donovan calls for crackdown on internet browsers and payment systems which facilitate illegal activity". Fine Gael website. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 Eanáir 2014. Dáta rochtana: 30 Eanáir 2021.
- ↑ "Down with This Sort of Thing: TD Calls for Crackdown on “Open Source Browsers”". technology.ie.