Is seanscéal den genre Eachtra is ea Eachtra Connla (Sean-Ghaeilge Echtra CondlaConnlai). Coinníonn an echtra contains an chuid is mó a bhfuil ar eolas againn de Connla mac Choinn Chéadcathaigh, acmm Connla Rua nó Connla Fionn.

Caomhnaítear an scéal i n-ocht lámhscríbhinn bunaithe ar dhá leagan. Téann an lámhscríbhinn is luaite siar go dtí an 12ú haois, ach d'fhéadfadh é gur scríobhadh síos an scéal chomh luath agus an t-8ú haois. Ní an-éagsúil iad an dá leagan.

Insítear sa scéal conas a mealladh Connla mac Coinn Chéadchathaigh ag bean den Aos Sidhe. Cé gur scéal réamhChríostaí atá ann, is amhlaidh go bhfuil teachtaireacht iarChríostaí frith- dhraíocht ann tugtha ag an mbean féin, ag tuar teacht na Chríostaíochta.

Achoimre bunaithe ar Teimpléad:Harv agus Teimpléad:Harv, cf. Teimpléad:Harv agus Teimpléad:Harv

Bhí Connla (Rua) agus a athair Conn ina suí tráth ag Cnoc Uisnigh. Tháinig bean gléasta ar chuma ait ar an bhfód, agus d'fhiafraigh Connla di cad as di. Dúirt sí gurbh as Tír na nÓg í, áit a bhíodh cách go deo ag féasta gan dua, agus a mhairidís i síocháin gan pheaca.[n 1]

D'fhiafraigh Conn de Connla cé a raibh sé ag caint leis, póite níorbh fhéidir le héinne ach Connla an bhean a fheiceáil. Thug an bhean ansin cuireadh do Connla dul léi go dtí Magh Meall agus a rí Bóadag, ag gealladh go bhfanfadh sé an go deo. D'iarr Conn ansin cabhair ón a dhraoi Corann, óir gur thuig sé go gcaillfeadh sé a mhac don bhean. Chan Corann ortha, ionas nach raibh Connla in ann í a feiceáil a thuilleadh. D'imigh an bhean ait, ach i mbun dula, chaith sí úll chuig Connla.

Mhair Connla ag ithe an úill ar feadh míosa, ag diúltú gach bia agus dí eile. D'fhan an t-úll iomlán agus Connla á ithe. Bhraith Connla uaidh an bhean a fheiceáil arís.

Tháinig an bhean ar ais ar an bhfód ar mhaigh Ard Comáin, agus labhair sí le Connla. Ghlaoigh Conn air a dhraoi arís, ach lochtaigh an bhean é, ag rá nár chóir dó dul i muinín na draíochta. Thug Conn faoi dheara nár labhródh Connla le héinne seachas an bhean, agus d'fhiafraigh dá meallfadh focail na mná é. D'fhreagair Connla that he is torn idir a mhuintir agus an bhean.

Thug an bhean comhartha do Connla í a leanúint, ag geallúint tír áthais, nárbh an ach mná agus cailíní. Léim Connla ar long ghloine (Noi[1]Loing Glano[2]) na mná,[n 2] agus bhreathnaigh siúd a bhí fágtha an bád ar seol, go dtí go raibh sé as radharc.

I dtrí lámhscríbhinn, feictear aguisín a leanas, ag míniú bua- ainm Art mhic Chuinn. Tugadh Aonfhear air toisc gurbh eisean an t-aon mhac Choinn tar éis imeacht Chonnla.

Tar éis anailís teangeolaíochta de na téacsanna, tá McCone den tuairim go bhfuil bunús san 8ú haois ag an téacs; go bhfuil an téacs i Lebor na hUidre den 12ú haois fréamhaithe ó leaganacha den 10ú; agus na leaganacha sa Leabhar Buí Leacáin den 14ú níos cosúla leis an mbunchóip.[3]

De réir Oskamp 1974, ba chóir go dtuigtear an téacs mar saothar liteartha den 12ú haois, cibé nósanna atá faoina bhun.[4]

Feiceann roinnt scoláirí teachtaireacht Chríostaí sa sliocht ar leanas:

Sean-Gaeilge Gaeilge

Amail rochuala Cond guth na mna, asbert fri a muintir:

"Gairid dam in drúid: atchíu doreilced a tenga di indiu."

Asbert in ben la sodain:

"A Chuind Chetcathaig, druidecht nísgradaigther, ap is bec posoich for messu ar Tráig Máir firién con il-muinteraib ilib, adamraib.[5] Motá ticfa a récht, consscéra brichtu drúad tap techta ar bélaib Demuin duib, dolbthig."

Nuair a chuala Conn guth na mná, dúirt sé lena mhuintir:

"Gaireadh dom an draoi. Feicim go ligeadh a teanga di inniu."

Dúirt an bhean ansin:

"A Choinn Chéadchathaigh, ní ghráitear draíocht, óir is beag meas aici ar an Trá Mhór fhíréanta, lena il-mhuintreacha, iliomad, iontacha. Nuair a thiocfaidh a ríocht, scaipfidh sé briochtaí na ndraoithe teacht ar bhéil an deamhain dhuibh, dhoilfe."

De réir aisteoirí eile ciallaíonn Tráig Máir ní "Trá Mhór" ach "Ard-Rí Mór".[n 3] agus tuigeann sé as seo gurbh an dia Chríostaí atá luaite sa téacs, agus gurbh é Íosa Críost an "Tráigh Máir". Molann Oskamp gurbh Íosa agus Naomh Pádraig atá i gceist.[6] De réir McCone, b' ionann an bhean agus críostaíocht féin,[7] ach cuireann sin an fhírinne as a ríocht de réir eile (Olsen, 2013).[8]

Tá brí an fhocail síd faoi cheist chomh maith, cé acu shíocháinAos Sidhe/Sí. Tá roinnt amhail is Teimpléad:Harv agus Teimpléad:Harv den tuairim gur imeartas focal d'aon ghnó atá ann, nó droichead meafarach idir an dá bhrí.[8]

Comhlíonann an bhean ról de bhandia Ceilteach an fhlaithis,[9] chomh maith le bheith aici na tréithe mealltacha de bhandia réamhChríostaí dá leithéid.[8]

Oidhreacht

cuir in eagar
 
"Connla and the Fairy Maiden" le John D. Batten

Insíodh an scéal don lá inniu. Feictear athinsint dá leithéid in Teimpléad:Harv mar "Connla of the Golden Hair, and the Fairy Maiden", nó in Teimpléad:Harv: "Conn and the Fairy Maiden". D'aistrigh Teimpléad:Harv an scéal go Béarla mar "The Adventures of Connla the Fair", le fáil in Ancient Irish Tales.

Féach freisin

cuir in eagar
  • Connla Cáem, prionsa den 2a haois, luaite i Leabhar Gabhála na hÉireann
  • Connla, mac Chú Chulainn

Tuilleadh le léamh

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. 2 nó, noe ar eDIL
  2. glain ar eDIL
  3. Olsen 2013, ll.58-9; nóta 3, lch. 58.
  4. Oskamp 1974, p. 211.
  5. adamrae ar eDIL.
  6. Oskamp 1974, p. 217.
  7. McCone 2000, ll.86-7, 105.
  8. 8.0 8.1 8.2 Olsen 2013, p. 63.
  9. Olsen 2013, p. 64.
  1. Úsáidtear gach uile dóibh go coitianta chun cur síos a dhéanamh ar an Alltar i miotais na nGael, agus is amhlaidh dá bharr gur den Aos Sí í.
  2. Teimpléad:Harv
  3. Scríobh McCone 2000 mar aistriúchán: It is in a little while that the Great High King’s righteous (and) decent one will reach your judgements with many wondrous followers
Earráid leis an lua: <ref> tag with name "name" defined in <references> is not used in prior text.