Prionsa Andrew, Diúc Eabhrac
Is prionsa Briotanach é Prionsa Andrew,[1] Diúc Eabhrac, (a rugadh ar 19 Feabhra 1960).
Tá sé ina mac ag Eilís II na Ríochta Aontaithe agus Prionsa Pilib, Diúc Dhún Éideann.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/e/e1/Prince_Andrew_at_the_National_Memorial_Arboretum.jpg/166px-Prince_Andrew_at_the_National_Memorial_Arboretum.jpg)
Bhí sé pósta ar Sarah, Bandiúc Eabhrac agus tá beirt iníonacha acu.
Scannail
cuir in eagarBhí Andrew an-mhór le Jeffrey Epstein (chuir Epstein lámh ina bhás féin sa bpríosún i Nua-Eabhrac in 2019 tar éis a chiontaithe i sraith cúiseanna a bhain le mí-úsáid ghnéis agus mangaireacht ban óg). Níor séanadh go raibh an prionsa cairdiúil le Epstein ach séanann sé go raibh sé páirteach in aon chuid de na heachtraí mídhleathacha a bhain leis na cailíní óga.[2]
Chuaigh an Prionsa imithe i bhfolach ar na meáin arís eile in 2021 ó tugadh cúiseanna dlí ina aghaidh i gcúirt i Nua-Eabhrac as mí-úsáid agus éigniú a dhéanamh ar Virginia Roberts Giuffre le linn dó a bheith ag freastal ar ócáid a bhí eagraithe ag Jeffrey Epstein.[2]
I mí Iúil 2020, i Nua-Eabhrac, eisíodh cáipéisí a mhaígh go ndearna Epstein iarracht fianaise inchoiritheach ar Phrionsa Andrew a fháil.[3] Dúradh sna páipéir gur chuir Epstein brú ar chailín faoi aois caidreamh collaí a thosú leis an Phrionsa ar oileán príobháideach in Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean.[4] Níor séanadh go raibh an prionsa cairdiúil le Epstein ach séanann sé go raibh sé páirteach in aon chuid de na heachtraí mídhleathacha a bhain leis na cailíní óga.[5]
Faoi dheireadh bhí socrú déanta lasmuigh den chúirt idir Andrew agus Virginia Giuffre. Gheall Andrew go léireoidh sé aiféala as an gceangal a bhí aige leis an bhfear mór airgid, Jeffrey Epstein; go labhróidh sé amach in aghaidh gháinneáil ar ghnéas agus go dtacóidh sé leis na híospartaigh ar fad a d'fhulaing dá bharr.[6]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ nó Aindrias nó Aindriú
- ↑ 2.0 2.1 Máirín Ní Ghadhra (13 Lúnasa 2021). "Ceist cumhachta agus cos ar bolg é mí-iompar an bheirt Andrew" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-16.
- ↑ RnaG (2019-11-21). "Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, An Bhreatain." (ga). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (2020-08-01). "1 Lúnasa 2020 (Tír Eoghain) - Nuacht Mhall (podcast)" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (13 Lúnasa 2021). "Ceist cumhachta agus cos ar bolg é mí-iompar an bheirt Andrew" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-02-15). "Socrú lasmuigh den chúirt idir Andrew agus Virginia Giuffre" (as ga-IE).