Jeffrey Epstein
Fear gnó agus ciontóir gnéis mór le rá as na Stáit Aontaithe ba ea Jeffrey Epstein (20 Eanáir 1953 – 10 Lúnasa 2019).
(2013) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Jeffrey Edward Epstein 20 Eanáir 1953 Brooklyn, New York |
Bás | 10 Lúnasa 2019 66 bliana d'aois Metropolitan Correctional Center, New York City (Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Siocair bháis | Féinmharú cuidithe agus dúnbhású (Crochadh agus tachtadh) |
Áit adhlactha | Reilig Réalta Dháiví |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Institiúid Courant um Eolaíochtaí Matamaiticiúla Cooper Union Ardscoil Lafayette |
Áit chónaithe | Little Saint James Palm Beach Teach Herbert N. Straus |
Gníomhaíocht | |
Gairm | duine den lucht gnó, múinteoir, baincéir |
Fostóir | Bear Stearns Fondúireacht Jeffrey Epstein VI |
Teangacha | Béarla |
Glanfhiúchas | 559 M$ (30 Meitheamh 2019) |
Eile | |
Páirtí | Ghislaine Maxwell |
Athair | Seymour G. Epstein agus Pauline Epstein |
Siblín | Mark Epstein |
Ciontaíodh i | sirtheoireacht (2008) → (carcrú) |
Bhí Epstein ciontaithe in 2008 as coireanna a bhain le striapachas is striapachas leanaí sna 2000idí.[1] Saor ón phríosúin sna 2010idí, bhí sé ciontaithe i sraith cúiseanna eile a bhain le mí-úsáid ghnéis agus mangaireacht ban óg. Chuir Epstein lámh ina bhás féin sa bpríosún i Nua-Eabhrac sa bhliain 2019.
Saol
cuir in eagarCiontaíodh Epstein i sraith cúiseanna a bhain le mí-úsáid ghnéis agus mangaireacht ban óg.[3] Cláraíodh Epstein mar chiontóir gnéis agus phléadáil sé ciontach i gcás i Florida in 2008 as striapachas a lorg ó chailín sna déaga.
Faoi 2010 bhí a thréimhse príosúnachta curtha isteach aige. É saor arís agus a shaol ag leanúint ar aghaidh mar ba ghnáth. Lean sé ar aghaidh ag gáinneáil cailíní sna 2010idí. D’fhéadfadh líon na n-íospartach a bheith níos mó ná 100.[4]
Gabhadh Epstein i mí Iúil 2019 ar tháillí feidearálacha gáinneála gnéis.[4] Chuir Epstein lámh ina bhás féin sa bpríosún ar 10 Lúnasa 2019.[5]
Oidhreacht
cuir in eagar- Sa bhliain 2021, fuarthas a chara Ghislaine Maxwell ciontach i ngáinneáil ar chailíní óga ar son Epstein
- I mí Iúil 2020, i Nua-Eabhrac, eisíodh cáipéisí a mhaígh go ndearna Epstein iarracht fianaise inchoiritheach ar Phrionsa Andrew a fháil.[6] Dúradh sna páipéir gur chuir Epstein brú ar chailín faoi aois caidreamh collaí a thosú leis an Phrionsa ar oileán príobháideach in Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean.[7] Níor séanadh go raibh an prionsa cairdiúil le Epstein ach séanann sé go raibh sé páirteach in aon chuid de na heachtraí mídhleathacha a bhain leis na cailíní óga.[3][8] Faoi dheireadh bhí socrú déanta lasmuigh den chúirt idir Andrew agus Virginia Giuffre. Gheall Andrew go léireoidh sé aiféala as an gceangal a bhí aige leis an bhfear mór airgid, Jeffrey Epstein; go labhróidh sé amach in aghaidh gháinneáil ar ghnéas agus go dtacóidh sé leis na híospartaigh ar fad a d'fhulaing dá bharr.[9]
- Sa bhliain 2023, d'íoc an banc JP Morgan €270 milliún d’íospartaigh Epstein chun cás cúirte a shocraigh. Bhí caidreamh fadtéarmach ag JP Morgan le Epstein.[4] Mhaígh cás cúirte na n-íospartach gur thug JPMorgan neamhaird ar rabhadh arís agus arís eile go raibh Epstein ag gáinneáil cailíní sna déaga agus mná óg
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Jeffrey Epstein's web: Search through more than 1,700 associates that the well-connected pedophile listed in 2 little black books"".
- ↑ Kat Tenbarge. "Jeffrey Epstein was a featured 'Bachelor of the Month' seeking 'a cute Texas girl' in a 1980 issue of Cosmopolitan" (en-US). Insider. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ 3.0 3.1 Máirín Ní Ghadhra (13 Lúnasa 2021). "Ceist cumhachta agus cos ar bolg é mí-iompar an bheirt Andrew" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 "Íocfaidh banc JP Morgan €270 milliún d’íospartaigh Epstein" (en-GB) (2023-06-14). Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ RnaG (2019-08-13). "Niall Ó Muilleoir, tráchtaire." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ RnaG (2019-11-21). "Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, An Bhreatain." (ga). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (2020-08-01). "1 Lúnasa 2020 (Tír Eoghain) - Nuacht Mhall (podcast)" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (13 Lúnasa 2021). "Ceist cumhachta agus cos ar bolg é mí-iompar an bheirt Andrew" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-16.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-02-15). "Socrú lasmuigh den chúirt idir Andrew agus Virginia Giuffre" (as ga-IE).