Prionsa Pilib, Diúc Dhún Éideann
Diúc Briotanach ba ea Prionsa Pilib, Diúc Dhún Éideann (10 Meitheamh 1921 - 9 Aibreán 2021). Bhí sé pósta le Eilís II na Ríochta Aontaithe le breis agus seachtó bliain.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/9/99/Prince_Philip%2C_Duke_of_Edinburgh%2C_Cambridge%2C_Waikato_%28January_1_1954%29_%2817843185594%29.jpg/178px-Prince_Philip%2C_Duke_of_Edinburgh%2C_Cambridge%2C_Waikato_%28January_1_1954%29_%2817843185594%29.jpg)
Saol
cuir in eagarIs Séarlas, Aindrias agus Éadbhard iad a mhic agus is Áine a iníon.
Os cionn 70 bliain a bhí sé pósta leis an mBanríon Elizabeth II. “Thionlaic sé an Bhanríon ar a cuairteanna chuig Thuaisceart Éireann go minic agus ar a cuairt Stáit stairiúil ar Éirinn in 2011", a dúirt a dúirt Micheál D Ó hUigínn.[1]
I gcaitheamh na mblianta, dhírigh Gradaim Dhiúc Dhún Éideann aird na nglúnta agus na ndaoine ó chúlraí éagsúla go héifeachtach ar rannpháirtíocht na saoránach.
Bás
cuir in eagarD'éirigh an Diúc as imeachtaí poiblí go hoifigiúil sa mbiain 2017. Bhí sé thar a bheith breoite ó thosach na bliana 2021.[2] Chaith sé mí iomlán san ospidéal. Bhí ionfhabhtú air, agus ansin, rinneadh obráid croí air. D'fhill sé ar Chaisleán Windsor ar 16 Márta le ham a chaitheamh le Banríon Eilís.
99 bliain d’aois a bhí an Diúc nuair d'éag sé ar 9 Aibreán 2021. Tá sé ar an gcéile is faide a thug seirbhís d’aon rí nó banríon ar Shasana.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2021-05-02.
- ↑ RTÉ Nuacht (2021-04-09). "Diúc Dhún Éideann, an Prionsa Pilib, básaithe" (as en).
- ↑ "‘Ansin chuir an Prionsa Philip ceist cineál ait orm faoin nGaeilge’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-02.