Giovanni Domenico Cassini
réalteolaí Iodálach
Réalteolaí a rugadh i bPerinaldo na hIodáile ab ea Giovanni Domenico Cassini (8 Iúil 1625 – 14 Meán Fómhair 1712). Ceapadh é mar an gcéad stiúrthóir ar an réadlann i bPáras sa bhliain 1669. Ainmníodh deighilt Cassini, an bhearna idir dhá fháinne de chuid Satairn, as. Thairg sé dlíthe Cassini i 1693 chun cur síos ar rothlú na Gealaí.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Giovanni Domenico Cassini". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 120.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |