Satarn (pláinéad)
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is é Satarn (arb ionann é mar fhocal agus Satharn nó Saturnus, dia na talmhaíochta ag na Rómhánaigh) an séú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras, agus é ar an dara ceann is mó. Tá sé 119,300 ciliméadar ar trastomhas, agus ní mhaireann an lá ach deich n-uair a chloig go leith, rud a dhéanann cothromú ar na poil. Hidrigin is mó atá san atmaisféar agus bíonn stoirmeacha fíochmhara le feiceáil ón domhan. Cuireadh suntas ó thús i gcóras fáinní Satarn agus san iliomad gealach atá ag an bpláinéad. Tá 31 cheann acu ainmnithe agus is é Tíotán an ceann is mó acu. Tá Tíotán chomh mór céanna le Gealacha Galileo, an ceathrar gealach mhóra atá ag timpeallú Iúpatair. Is é Tíotán an dara gealach is mó sa Ghrianchóras, agus é beagáinín níos lú ná Ganymede atá ar an gceann is mó de Ghealacha Galileo.
Thug na spástaiscéalaithe úd Pioneer 11 (1979) agus Voyager 1 agus 2 cuairt ar Shatarn agus thimpeallaigh an taiscéalaí úd Cassini an phláinéid ón 1 Iúil 2004 go deireadh an mhisin sa mhí Mheáin Fómhair 2017.
Cosúil le hIúpatar, Úránas, agus Neiptiún, is gásfhathach é Satarn. Is é sin, tá an chuid is mó den phláinéad féin comhdhéanta as na gáis chéanna atá ina atmaisféar - hidrigin thar aon dúil eile. Mar sin, níl sé furasta a shainmhíniú go sásúil, cá dtagann deireadh leis an atmaisféar agus tús leis an bpláinéad féin. Is léir go bhfuil croíleacán cloiche taobh istigh, ach tá sé i bhfad níos lú ná an pláinéad ina iomlán.
Gealacha
cuir in eagarTá 145 gealach ag Satarn.[11]
- Gealacha Móra
Eolas ar líne
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 URL tagartha: https://www.le-systeme-solaire.net/modules.php?name=syssol&page=saturne. Dáta rochtana: 5 Samhain 2017.
- ↑ URL tagartha: https://www.imcce.fr/langues/fr/grandpublic/systeme/promenade/pages1/123.html. Údar: Institut de mécanique céleste et de calcul des éphémérides. Dáta rochtana: 5 Samhain 2017.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 Ráite i: Keplerian elements for approximate positions of the major planets. Dáta rochtana: 5 Samhain 2017. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla. Dáta foilsithe: 15 Feabhra 2015. Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; name "Q21128615" defined multiple times with different content - ↑ URL tagartha: https://www.le-systeme-solaire.net/modules.php?name=syssol&page=saturne. Dáta rochtana: 12 Deireadh Fómhair 2017.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 5.6 5.7 5.8 URL tagartha: https://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/saturnfact.html.
- ↑ Ráite i: Kepler orbit.
- ↑ 7.0 7.1 7.2 Jürgen Oberst (4 Nollaig 2010). "Report of the IAU Working Group on Cartographic Coordinates and Rotational Elements: 2009" (as Béarla) (2): 101-135. doi: .
- ↑ URL tagartha: https://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/saturnfact.html. Object named as: Equatorial radius (1 bar level) (km): 60,268.
- ↑ “NASA FACTS” (Béarla). NASA.
- ↑ “Saturn Fact Sheet” (Béarla). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 9 Aibreán 2014.
- ↑ Daisy DobrijevicContributions from Nola Taylor Tillman last updated (2022-10-19). "Saturn's Moons: Facts About the Ringed Planet's Satellites" (en). Space.com. Dáta rochtana: 2023-07-06.
athraigh An Grianchóras |
---|
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris |
Pláinéid · Abhacphlainéid · Gealacha (Domhanda · Marsacha · Ióbhacha · Satarnacha · Úránasacha · Neiptiúnacha · Plútónacha · Haomaeacha · Eiriosacha)
|
Is síol réalteolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |