Voyager 1
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is spás-tóireadóir é Turasóir 1 agus é seolta ag NASA ar an 5ú Meán Fomhar 1977 chun staidéar a dhéanamh ar na pláinéid amuigh agus ar na gealacha sa Grianchóras imigéiniúil, agus eolas a chruinniú ar spás taobh amuigh den Ghrianchóras freisin. Seoladh é 16 lá tar éis a leathchúpla Turasóir 2. Tár éis dó bheith ag obair níos mó ná 38 bliana tá an spás árthach ag cumarsáid go fóill le Líonra Spás Doimhin le h-orduithe a ghlacadh agus sonraí a chur ar ais. Ar fad 134 AU (2.00 x 1010 km) sa bhliain 2016 s’é an spás árthach is sia ón Domhain agus an t-aon cheann amháin atá i spás idir-réaltach. B’é príomhchuspóir mhisin na toireadóra foluain-thart a dhéanamh ar Iúpatar, Satarn agus Tíotán an ghealach mhór Shatairn. Cé go raibh an spás-árthach in ann an turas go Plútón a dhéanamh cinneadh é a chur go Tíotán ina ionad dá dheasca gurb’ eol go bhfuil atmaisféar nach beag é ar an ghealach a bhí níos suimiúla a bhreathnú agus a raibh tosaíocht air mar sin. Rinne sé staidéar ar aimsir, réimsí maighnéadaí agus fáinní an dá phláinéad agus b’é an céad tóireadóir é mion-íomhánna a ngealach a chur ar áis. Tar éis dó a chéad mhisean a chomhlíonadh le foluain-thart ar Shatarn ar an 20ú Samhna 1980 thosaigh Turasóir 1 misean sínte chun taiscéalaíocht a dhéanamh ar réimsí agus teorainn an im-ghriansféir. Ar an 25ú Lúnasa 2012 thrasnaigh Turasóir 1 an Griansos agus rinneadh de an céad spásárthach dul isteach i spás idir-réaltach agus staidéar a dhéanamh ar an mheán idir-réaltach. Meastar go leanfaidh Turasóir 1 lena mhisean shínte go dtí tuairim is 2025 nuair nach mbeidh cumhacht fágtha ag a ghineadóirí teirmeanúicléach a uirlisí eolaíochtaí a oibriú níba mhó.
| |||||||||||||
Cineál misean | flyby probe (en) | ||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Oibritheoir | NASA | ||||||||||||
NSSDCA ID | 1977-084A | ||||||||||||
Uimh. SATCAT | 10321 | ||||||||||||
Airíonna árthaigh | |||||||||||||
Monaróir | Jet Propulsion Laboratory | ||||||||||||
Mais | 815 kg | ||||||||||||
Tús an mhisin | |||||||||||||
| |||||||||||||
Feithicil lainseáil | Titan IIIE | ||||||||||||
Spriocanna
| |||||||||||||
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol a bhaineann leis an spáis nó spáseitilt é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |