An tIolar
Tá an tIolar (nó Aquila, an focal Laidine ar Iolar) ar cheann de na 48 réaltbhuíon a liostaigh Tolamaes agus atá páirteach chomh maith anois sa liosta oifigiúil de na 88 réaltbhuíon a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo. Tá sé suite ar an meánchiorcal neamhaí, nó mar sin. Tá an réalt is gile, Altair, ar cheann de thrí rinn "Thriantán an tSamhraidh" mar a deirtear leis.
Ainm Laidine (IAU) | Aquila |
---|---|
Nod | Aql |
Ginideach Laidine | Aquilae |
Siombalaíocht | an tIolar |
Dronairde | 20 h |
Diallas | +5° |
Achar | 652 céim cearnach Céim 22ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 3 |
Réalta is gile | Altair (α Aql) (méid 0.77) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +85° agus −75° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Iúil an infheictheacht is fearr |
Príomhghnéithe
cuir in eagarTá go leor réaltréimsí saibhre san Iolar, atá suite i mBealach na Bó Finne.
- α Aql: dá ngairtear freisin Altair (ó fhocal Araibise a chiallaíonn "eitilt"); is ilréalta í, le 3 chomhbhall; tá sí ar amharcmhéid 0.77 agus is é A7 V a haicme speictreach.
- β Aql: G8 IV a haicme speictreach agus soilsíonn sí le gile dhealraitheach ar méid 3.71. Cosúil le Altair, is ilréalta í chomh maith le trí chomhbhall.
- γ Aql: den aicme speictreach K3 II, agus ar amharcmhéid 2.72.
- η Aql: tá an réalta athraitheach seo ar cheann de na Ceifidí clasaiceacha is gile sa spéir; comhathraíonn a ghile ó 3.48 go 4.39 gach 7.177 lá.
- 15 Aql: is K-réalta bhuí an réalta dhúbailte seo ar amharcmhéid 5.4, in éineacht le réalt den 7ú méid; is furasta an péire optúil seo a scoilteadh le teileascóip bheaga.
- 57 Aql: réalta dhúbailte.
Réada suntasacha domhainspéire
cuir in eagar- NGC 6709: réaltbhraisle oscailte ar méid 6.7
- NGC 6803: réaltnéal pláinéadach a thaispeánann fáinne atá beag ach geal
- NGC 6781: réaltnéal pláinéadach atá cosúil le Réaltnéal an Ulchabháin sa Bhéar Mór
- NGC 6755: réaltbhraisle oscailte ar méid 7.5
- NGC 6760: réaltbhraisle chruinneogach ar méid 9.1
Stair
cuir in eagarBreathnaíodh dhá nóva suntasacha san Iolar; tharla an chéad cheann sa bhliain 389 RC agus cuireadh i gcuntas go raibh sé chomh geal le Véineas; bhí an ceann eile (Nova Aquilae 1918) níos gile ná Altair ar feadh tamaillín.
Miotaseolaíocht
cuir in eagarTá dealramh éin ar an réaltbhuíon seo, éin leathansciathánaigh eadarbhuasaigh ghearrmhuineálaigh, a d'ionannaítí muintir an tseansaoil le hiolar [1] Curtha i gcartlann 2005-03-15 ar an Wayback Machine. I miotaseolaíocht na Gréige, d'ionannaítí le hiolar é a d'iompraíodh caora tine Shéas agus leis an iolar ar chuir an dia sin é leis an aoire óg Gainiméide, ar thit Séas i ngrá leis, a fhuadach; iompraíodh Gainiméide, léirithe ag réaltbhuíon cóngarach an Uisceadóra, go hOilimpeas, áit ar rinneadh dáileamh do na déithe go léir de. Sin é an fáth a ngairtear Gainiméide den ghealach is mó de chuid Iúpatair, ar mbeith ina ainm Rómhánach a thugtar ar Shéas d'Iúpatar.
Thugtaí Vultur volans ar an réaltbhuíon seo ag na Sean-Rómhánaigh, gan é a thógáil in abhraíocht Vultur cadens a thugaidís ar an réaltbhuíon a dtugtar an Lir anois uirthi.
Is cosúil go bhfuil baint mhór ag an Iolar, i dteannta réaltbhuíonta eile sa chomhartha stoidiacach an tSaighdeora (is iad sin an Lir agus an Eala), le bunús mhiotas Éin Stimfealas, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.
I scéal grá a bhaineann leis an bhféile Shíneach Qi Xi, scartar go deo Niu Lang (Altair) agus a bheirt chlainne (β agus γ Aql) óna máthair Zhi Nu (Vega), atá ar an taobh thall den abhainn, is é sin le rá Bealach na Bó Finne.
Réaltaí
cuir in eagarFéach fosta
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Yale Bright Star Catalog
- an tIolar ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-05-08 ar an Wayback Machine
- Ian Ridpath's Star Tales
- an tIolar agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-06-14 ar an Wayback Machine
- an tIolar ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an tIolar Curtha i gcartlann 2006-06-15 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an tIolar
Tagairtí
cuir in eagar- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |