An Leon
Is réaltbhuíon an stoidiaca é an Leon, atá suite idir réaltbhuíon dhoiléir an Phortáin ar an taobh thiar de agus an Mhaighdean ar an taobh thoir de. Tugtar Leo mar ainm Laidine air, rud a chiallaíonn leon.
Ainm Laidine (IAU) | Leo |
---|---|
Nod | Leo |
Ginideach Laidine | Leonis |
Siombalaíocht | an leon |
Dronairde | 11 h |
Diallas | 15° |
Achar | 947 céim cearnach Céim 12ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 3 |
Réalta is gile | Regulus (α Leo) (méid 1.4) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −65° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Aibreán an infheictheacht is fearr |
Príomhghnéithe
cuir in eagarFaightear a lán réaltaí geala ar an réaltbhuíon, mar Regulus (α Leo), croí an Leoin; Denebola (β Leo); agus Algieba (γ1 Leo). Is iomaí réalta eile níos doiléire a dtugtar ainmneacha áirithe orthu chomh maith, mar Zosma (δ Leo), Chort (θ Leo), Al Minliar al Asad (κ Leo), Alterf (λ Leo), agus Subra (ο Leo).
Sa chúig aois déag rinneadh réaltbhuíon aonair de sheanastaireacht a léiríodh roimhe sin stoth ruball an Leoin. Folt Bheirnicé a thugtar anois ar an réaltbhuíon sin.
- Corrán an Leoin: comhdhéanann Regulus, η Leonis, Algieba, agus na réaltaí níos doiléire Adhafera (ζ Leo), Ras Elased Borealis (μ Leo), agus Ras Elased Australis (ε Leo), an astaireacht da ngairtear Corrán an Leoin. Léiríonn na réaltaí seo ceann agus moing an Leoin.
- Wolf 359: tá an réalta seo, atá ar cheann de na réaltaí is gaire don ghrianchóras (7.7 solasbhliain), ar an Leon.
- Gliese 436: ceann de na pláinéid eachtarghréine is lú a aimsíodh riamh, fithisíonn sé Gliese 436, réalta dhoiléir ar an Leon atá thart ar 33 solasbhliain i bhfad i gcéin. [1]
Réada suntasacha domhainspéire
cuir in eagarIs iomaí réaltra gheal a fhaightear ar réaltbhuíon an Leoin. Ina measc siúd is iad an dá chúpla seo a leanas is cáiliúla:
- M65:
- M66:
- M95:
- M96:
Stair is miotaseolaíocht
cuir in eagarDe réir mhiotaseolaíocht na Gréige, d'ionannaití an réaltbhuíon seo leis an Leon Néiméach (agus b'fhéidir gurbh é ab fhoinse an scéil sin) ar mharaigh Earcail é agus é i mbun cinn den dá shaothar déag; ina dhiaidh sin aistríodh ar an spéir é. D'adhradh na Sean-Éigiptigh an Leon toisc go mbíodh an Ghrian ar an réaltbhuíon seo ar uair sceitheadh folláin na Níle.
Astralaíocht
cuir in eagarBaineann comhartha astralaíoch an Leoin (Iúil 23 - Lúnasa 22) leis an réaltbhuíon ata ar aon ainm leis.
De réir cosmeolaíochtaí áirithe, tá baint éigin ag an Leon le dúil chlasaiceach na Tine, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha na tine é (mar aon leis an Reithe agus an Saighdeoir). Tá an Leon ar cheann chomh maith de na ceithre chomhartha dhaingne (i dteannta an Tairbh, na Scairpe, agus an Uisceadóra).
Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Leon an croí agus an dromlach. Is é an tUisceadóir is frithchomhartha polach an Leoin, agus is í an Ghrian is pláinéad ceannasach leis. Dar ndóigh, is é an tsiombail atá ar an gcomhartha seo ná an leon féin.
I measc tréithe an Leoin áirítear: croíúlacht, nádúr eisdíritheach, iompar maorga, claonadh lena thuairimí féin a chur i gcéill go bagrach, agus anam flaithiúlach. Os a choinne sin, féadfaidh lucht an Leoin a bheith méaldrámatach, ag lorg aire dóibh féin, agus féinlárnach. Bíonn siad an-bhríomhar chomh maith.
Daoine cáiliúla ar rugadh faoi chomhartha an Leoin iad: Ben Affleck, Halle Berry, Raymond Chandler, Bill Clinton, Cecil B DeMille, Robert De Niro, Hulk Hogan, Whitney Houston, Mick Jagger, Stanley Kubrick, Jennifer Lopez, Madonna, Steve Martin, Herman Melville, Debra Messing, Benito Mussolini, Napóilean, Jacqueline Kennedy Onassis, Sean Penn,J K Rowling, Percy Bysshe Shelley, George Soros, agus Mae West.
Réaltaí
cuir in eagarFéach fosta
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Yale Bright Star Catalog
- an Leon ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-05-08 ar an Wayback Machine
- Ian Ridpath's Star Tales
- an Leon agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2008-10-15 ar an Wayback Machine
- an Leon ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Leon Curtha i gcartlann 2006-06-15 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Leon
Tagairtí
cuir in eagar- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23567-X.
an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc |
Réalthbhuíonta a d'athraigh an réalteolaí Gearmánach Johann Bayer sa bhliain 1603 ar a léarscáil neamhaí Uranometria |
an Ceinteár | roinnte mar seo: | an Ceinteár | an Chros |
Iasc an Deiscirt | roinnte mar seo: | Iasc an Deiscirt | an Chorr |
an Leon | roinnte mar seo: | an Leon | Folt Bheirnicé |
an Saighdeoir | roinnte mar seo: | an Saighdeoir | Coróin an Deiscirt |
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |