Taisce Cheol Dúchais Éireann

Is taisce thagartha agus ionad acmhainne í Taisce Cheol Dúchais Éireann nó an TCDÉ[1] suite i mBaile Átha Cliath, do dhaoine ar suim leo san amhránaíocht, cheoluirlise agus rince dúchais na hÉireann. Bunaíodh TCDÉ ar an 29 Iúil 1987[2][3] le Nicholas Carolan agus Harry Bradshaw mar stiúrthóirí.

Bosca Sonraí EagraíochtaTaisce Cheol Dúchais Éireann
(en) Irish Traditional Music Archive
(ga) Taisce Cheol Dúchais Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrITMA Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálinstitiúid phoiblí
eagraíocht neamhbhrabúis
cartlann Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1987
Bunaitheoir(í)Nicholas Carolan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deDigital Preservation Coalition (en) Aistrigh (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinhttps://www.itma.ie/
https://www.itma.ie/ga/

Is ansin atá an bailiúchán is mó dá bhfuil ann de cheol dúchais na hÉireann, agus an bailiúchán is mó faisnéise ar an gceol. Tá an Taisce ina phríomhionad chun taitneamh a bhaint as an gceol agus chun staidéar a dhéanamh air.

Feidhmeanna

cuir in eagar

Áis phoiblí gan beann ar bhrabús í a bhíonn oscailte saor in aisce dóibh siúd ar suim leo foirmeacha ealaíne cheol dúchais na hÉireann, idir chomhaimseartha agus stairiúil. Cuireann an chartlann oideachas pobail sa cheol dúchais chun cinn trína cuid gníomhaíochtaí féin agus trí chomhpháirtíochtaí le daoine eile.

Is ag an Taisce atá an bailiúchán is mó dá shórt; tá ábhar ann as Éirinn trí chéile, agus ó cheantair thar sáile ina bhfuil Éireannaigh lonnaithe (go háirithe an Bhreatain, Meiriceá Thuaidh agus an Astráil), chomh maith le daoine nach Éireannaigh iad a sheinneann ceol traidisiúnta. Tá bailiúchán ionadaíoch de cheol traidisiúnta as tíortha eile freisin á thiomsú.

 
73 Cearnóg Mhuirfean, BÁC 2

Bailiúchán

cuir in eagar

Is í an tuiscint atá ag an Taisce ar an téarma ‘ceol dúchais na hÉireann' gur téarma leathan é a chuimsíonn amhráin ón traidisiún béil, a lán cineálacha ceoil uirlise agus damhsa ó thréimhsí éagsúla.[4][5]

Bailítear ábhar a cheaptar a bheith traidisiúnta ar aon bhealach: ó thaobh bunúis de, nó modh léirithe, nó tarchuir, nó stíle seanma; nó má bhaineann sé le tuiscint ar an gceol dúchais agus ar a chomhthéacsanna. Tá aici an fonnadóir agus an fidléir aonair chomh maith leis an racghrúpa a sheinneann cornphíopaí agus an cheolfhoireann siansa a sheinneann cóirithe d’fhoinn dúchais.

Taifeadadh

cuir in eagar

Tá amhránaithe, ceoltóirí agus damhsóirí á dtaifeadadh ag an Taisce. Taifeadtaí fuaime atá á dhéanamh tríd an tír agus taifeadtaí fuaime agus físe ins an stiúideo i mBaile Átha Cliath.

Foilseacháin

cuir in eagar

Tá bailiúcháin d’fhoinn agus d’amhráin clóbhuailte le tráchtais ar an gceol traidisiúnta agus lámhleabhair faoi eitneocheolaíocht. Tá réimse íomhánna ann ó ghreantaí adhmad de bhileoga bailéad go grianghraif dhigiteacha íoslódáilte.

Tá an Taisce ag comhoibriú le mórán daoine eile ina gcuid oibre. Ar na comhthionscnaimhː

  • The Journal of Music in Ireland[6] - soláthar liostaí reatha ceirníní, leabhar, scannán, alt agus íomhánna cartlainne;
  • Na Píobairí Uilleann[7] - ailt agus míreanna cartlainne;
  • Cló Iar-Chonnachta - Leabhar Mór na nAmhrán,[8] srl.
  1. i mBéarla, Irish Traditional Music ArchiveITMA
  2. TradConnect (2012). "25th Anniversary of Founding of ITMA (Irish Traditional Music Archive)" (en). tradconnect.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-07-27. Dáta rochtana: 2019-07-27.
  3. Irish Traditional Music Archive (2019-07-27). "Stair" (ga). ITMA. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-07-27. Dáta rochtana: 2019-07-27.
  4. Ábhar cuimsitheach atá ann: taifeadtaí fuaime, leabhair agus sraithirisí, bileoga ceoil agus bileoga bailéad, grianghraif, físeáin, DVDanna agus araile, le go bhféadfadh daoine tuiscint a fháil agus staidéar a dhéanamh ar cheol dúchais na hÉireann.
  5. Bíonn an Taisce ag obair mar shampla leis an Contemporary Music Centre
  6. "The Journal of Music: News, Reviews & Opinion | Music Jobs & Opportunities" (en). The Journal of Music: News, Reviews & Opinion | Music Jobs & Opportunities. Dáta rochtana: 2019-07-27.
  7. "Na Piobairi Uilleann" (en-US). Dáta rochtana: 2019-07-27.
  8. "Leabhar Mór na nAmhrán | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-11-20. Dáta rochtana: 2019-07-27.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar