Reáchtáladh Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2024 i dTuaisceart Éireann ar an 4 Iúil 2024. Fuair Sinn Féin an sciar is mó den vóta riamh agus rinneadh scrios ar an DUP, a chaill trí shuíochán in iomláine.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOlltoghchán na R-A 2024 i dTuaisceart Éireann
Map
Cineálgrúpa toghchán Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deOlltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana4 Iúil 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanBall den 59ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe (18) Cuir in eagar ar Wikidata
IarrthóirPáirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann (117,191)
Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (86,861)
Páirtí Aontachtach Uladh (94,779)
Páirtí Aontachtach Daonlathach (172,058)
Sinn Féin (210,891)
Glór Traidisiúnta na nAontachtaithe (48,685)
An Comhaontas Glas i dTuaisceart Éireann (8,692)
Aontú (7,466)
polaiteoir neamhspleách (23,602)
An Páirtí Coimeádach (553)
Comhghuaillíocht an Phobail roimh Bhrabús (8,438)
Cross-Community Labour Alternative (en) Aistrigh (624) Cuir in eagar ar Wikidata
Iarrthóir ar éirigh leis/léiSinn Féin
Páirtí Aontachtach Daonlathach
Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre
Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann
Páirtí Aontachtach Uladh
Glór Traidisiúnta na nAontachtaithe
polaiteoir neamhspleách Cuir in eagar ar Wikidata
18 suíochán a bhí le líonadh sa Tuaisceart
Bushmills; fuair ceannaire an TUV Jim Allister an ceann is fearr ar Ian Paisley in Aontroim Thuaidh

18 suíochán a bhí le líonadh sa Tuaisceart do Pharlaimint Westminster. Bhí 136 iarrthóir ag seasamh iontu le bheith ina bhfeisire parlaiminte i dTeach na dTeachtaí.[2] Bhí iarrthóirí ag seasamh ar son 11 páirtí ar fad agus tá naonúr ag seasamh san olltoghchán mar iarrthóirí neamhspleácha.[3][4]

Sa toghchán in 2019, fuair an PAD 8 suíochán, Sinn Féin 7 gcinn, an PSDLO dhá shuíochán agus ceann amháin a fuair Páirtí na Comhghuaillíochta.[5]

Bhí an Right Honourable Sir Jeffrey Donaldson PC, agus iar-cheannaire PAD, cúisithe i gcionta gnéasacha a bhí bainteach "leis an am a chuaigh thart". Ar an 3 Iúil, an lá roimh an olltoghchán, rinneadh cinneadh cúirte faoi Donaldson agus a bhean chéile Lady Eleanor; rialaigh breitheamh i gcúirt san Iúr i gCo an Dúin go raibh dóthain fianaise ann le Donaldson a chur ar a thriail faoi chionta gnéasacha, éigniú ina measc.[6]

In 2024, fuair Sinn Féin seacht suíochán, an líon céanna agus a bhí acu sa pharlaimint in 2019, sna toghcheantair chéanna.

Bhuaigh an DUP cúig shuíochán, seachas na hocht gcinn a bhí acu in 2019.

Fuair an TUV (Páirtí Aontachtach Uladh) agus Páirtí na Comhghuaillíochta suíochán amháin. B'é an t-aontachtaí Alex Easton an t-aon iarrthóir neamhspleách a toghadh. Sa Dún Thuaidh ar Stephen Farry ó Pháirtí na Comhghuaillíochta a rinne sé an éadáil.

Sinn Féin

B'iad feisirí Shinn Féin John Finucane (Béal Feirste Thuaidh); Paul Maskey (Béal Feirste Thiar); Pat Cullen (Fear Manach agus Tír Eoghain Theas); Cathal Mallaghan (Lár-Uladh): Dáire Hughes (An tIúr agus Ard Mhacha); Chris Hazzard (An Dún Theas); agus Órfhlaith Begley (Tír Eoghain Thiar). Feisirí nua ba ea Pat Cullen, Cathal Mallaghan agus Dáire Hughes.

DUP

B'iad feisirí an DUP. Gavin Robinson (Béal Feirste Thoir); Sammy Wilson (Aontroim Thoir); Gregory Campbell (Doire Thoir); Jim Shannon (Loch Cuan); agus Carla Lockhart (An Bhanna Uachtarach). Mar leis na trí shuíochán a chaill an DUP,[7]

SDLP

Choinnigh an SDLP an dá shuíochán a bhí acusan in 2019. B'iad Colum Eastwood (An Feabhal) agus Claire Hanna (Béal Feirste Theas agus an Dún Láir) beirt fheisirí an SDLP.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Póilín Ní Chiaráin (2024-07-05). "FÍSEÁN: Drochlá do rítheaghlach Paisley, borradh faoi Shinn Féin agus ceist an athaontaithe – torthaí thoghchán Westminster" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-05.
  2. "Starmer agus Páirtí an Lucht Oibre ar thairseach na cumhachta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-04). Dáta rochtana: 2024-07-04.
  3. Bhí iarrthóir ag Páirtí na Comhghuaillíochta ag fiach ar gach aon cheann den 18 suíochán atá sa tuaisceart. Bhí iarrthóirí ag an SDLP agus an UUP le haghaidh 17 suíochán, 16 atá ag an DUP agus 14 iarrthóir ag Sinn Féin.
  4. Póilín Ní Chiaráin (3 Iúil 2024). "Uair na cinniúna do cheannairí an Tuaiscirt" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-06.
  5. Nuacht RTÉ / Áine Ní Ghallchóir (2024-05-23). "Olltoghchán na Breataine: fógra gan choinne" (as ga-IE). 
  6. "'Dóthain fianaise' ann le Jeffrey Donaldson a chur ar a thriail" (as ga) (2024-07-03). 
  7. "Deireadh le réimeas Paisley agus Sinn Féin ar an bpáirtí is mó as Éirinn in Westminster" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-05). Dáta rochtana: 2024-07-05.
  8. Nuacht RTÉ (2024-07-05). "Olltoghchán buaite go rábach ag Páirtí Lucht Oibre na Breataine" (as ga-IE).