Fear Manach agus Tír Eoghain Theas (Toghcheantar na Ríochta Aontaithe)

toghcheantar i dTeach Theachtaí, sa Ríocht Aontaithe

Is toghcheantar i dTeach Theachtaí na Ríochta Aontaithe é Fear Manach agus Tír Eoghain Theas. Cruthaíodh sa bhliain 1950 é. I

Bosca Geografaíocht PholaitiúilFear Manach agus Tír Eoghain Theas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54° 32′ 31″ N, 7° 18′ 32″ O / 54.542°N,7.309°W / 54.542; -7.309
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán111,800 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús44.51 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla2,511.755 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú23 Feabhra 1950

Síneann an toghcheantar siar cois teorann ó Ard Mhacha go Béal Cú agus ó thuaidh go Béal Leice. ‘Siad Inis Ceithleann agus Dún Geanainn na príomhbhailte agus tá pobal mór tuaithe ann chomh maith. Díol suntais é an ceantar as ‘bua ar éigean’, iarrthóirí gob ar ghob.

Bhí Michelle Gildernew (SF) ina feisire sa cheantar ó 2001 cé is moite den tréimhse idir 2015-2017 nuair a bhí an suíochán ag Tom Elliott (PAD).

Bhí Fearmanach/Tír Eoghain Theas imeallach i ngach toghchán le fada gan de mhóramh ag Sinn Féin ar iarrthóir aontachtach aontaithe in 2010 ach ceithre vóta. In 2019, 57 vóta d’fharasbarr a bhí ag Michelle Gildernew Shinn Féin ar Tom Elliott an UUP, an bhearna ba lú san Ríocht Aontaithe. Toghadh Gildernew in 2017 agus 2019.

In 2019 bhí 21,986 vóta ag Sinn Féin agus 21,929 ag Tom Elliott mar iarrthóir aontachtach aontaithe. I dtoghchán an Tionóil in 2022, bhí bearna níos mó idir Sinn Féin (a raibh 45% acu agus na haontachtaithe go léir le chéile a raibh 40% acu). Bhain Sinn Féin trí shuíochán, bhí ceann ag an DUP (18%) agus ceann ag an UUP (15.5%). Bhí beagnach 6% den vóta ag an TUV.[1]

In Olltoghchán 2024, ní raibh Gildernew ná Tom Elliott sa rás. agus toghadh Pat Cullen.[2] Ó bhí Gildernew san iomaíocht do Pharlaimint na hEorpa ó dheas roghnaigh Sinn Féin mar iarrthóir ‘réalta isteach’ Pat Cullen. Measadh gur éacht ab ea é iarrthóir chomh hiomráiteach a mhealladh chucu, bean de bhunadh Thír Eoghain arb iarcheannaire í ar cheardchumainn na n-altraí sa Royal College of Nursing. Bhí súil ag Sinn Féin gur buntáiste dóibh taithí Pat Cullen sa tseirbhís sláinte toisc gurb iad cúrsaí sláinte agus an costas maireachtála na ceisteanna ba mhó sa toghcheantar. Bhí an pobal míshásta faoi ghanntanas dochtúirí teaghlaigh agus faoi easpa seirbhísí máinliachta san ospidéal in Inis Ceithleann.[1]

B'í an comhairleoir áitiúil Diana Armstrong iarrthóir an UUP, an t-aon aontachtach atá ag seasamh. Tharraing an DUP agus an TUV siar ón gcomórtas, iad ag tacú le Armstrong cé nach ‘iarrthóir aontaithe’ ba ea í. Iníon is ea í le Harry West a bhí ina cheannaire ar an bpáirtí ó 1974-1979. Thug sí dúshlán iarrthóir Shinn Féin ar chlár raidió, ag iarraidh uirthi mar altra a bhí ina hionadaí ceardchumainn marú altraí i mbuamáil Dhomhnach na bPoipíní, 1987 in Inis Ceithleann a cháineadh. Bhí Armstrong ag leagan béim air freisin go raibh an UUP in éadan an phrótacal iar-Bhreatimeachta ón tús.

Bhí ceathrar eile ag seasamh, an comhairleoir Paul Blake an SDLP, Eddie Roofe, comhairleoir de chuid Páirtí na Comhghuaillíochta, Gerry Cullen, Lucht Oibre Trasphobail, agus Carl Duffy, Aontú.[1]

Toghcháin

cuir in eagar
Olltoghchán, 2024 [3]
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
Sinn Féin Pat Cullen 24,844 48.6 +6.1
PAU Diana Armstrong 20,273 39.7 -1.9
Comhghuaillíochta Eddie Roofe 2,420 4.7 -0.7
PSDLO Paul Blake 2,386 4.7 -2.5
Lucht Oibre Eile Gerry Cullen 624 1.2 +1.2
Aontú Carl Duffy 529 1.0 +0.9
Tromlach 4,571 8.9 +8.8
Ballóid 51,340 65.97 -3.7
Clárú vótálaithe 77,828


Olltoghchán, 2019 [4]
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
Sinn Féin Michelle Gildernew 21,986 43.3 -3.9
PAU Tom Elliott 21,929 43.2 -2.3
PSDLO Adam Gannon 3,446 6.8 +2.0
Comhghuaillíochta Matthew Beaumont 2,650 5.2 +3.6
Neamhspleách Caroline Wheeler 751 1.5 +1.5
Tromlach 57 0.1 -1.6
Ballóid 50,762 69.7 -6.1
Clárú vótálaithe 72,829
Olltoghchán, 2017
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
Sinn Féin Michelle Gildernew 25,230 47.2 +1.8
PAU Tom Elliott 24,355 45.5 -0.9
PSDLO Mary Garrity 2,587 4.8 -0.6
Comhghuaillíochta Noreen Campbell 886 1.7 +0.4
Comhaontas Glas Tanya Jones 423 0.8 -0.7
Tromlach 875 1.7 -
Ballóid 53,481 75.8 +3.2
Clárú vótálaithe 70,601
Olltoghchán, 2015
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
PAU Tom Elliott 23,608 46.4 +46.4
Sinn Féin Michelle Gildernew 23,078 45.4 -0.1
PSDLO John Coyle 2,732 5.4 -1.8
Comhaontas Glas Tanya Jones 788 1.5 +1.5
Comhghuaillíochta Hannah Su 685 1.3 +0.4
Tromlach 530 1.0 -
Ballóid 50,864 72.6 +3.7
Clárú vótálaithe 70,108
Olltoghchán, 2010
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
Sinn Féin Michelle Gildernew 21,304 45.5 +7.3
Neamhspleách Rodney Connor 21,300 45.5 +45.5
PSDLO Fearghal McKinney 3,574 7.6 -7.2
Comhghuaillíochta Vasundhara Kamble 437 0.9 +0.9
Neamhspleách John Stevenson 188 0.4 +0.4
Tromlach 4 0.0 -9.3
Ballóid 46,803 68.9 -3.7
Clárú vótálaithe 67,908
Olltoghchán, 2005
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
Sinn Féin Michelle Gildernew 18,638 38.2 +4.1
PAD Arlene Foster 14,056 28.8 +28.8
PAU Tom Elliott 8,869 18.2 -15.8
PSDLO Thomas Joseph Gallagher 7,230 14.8 -3.9
Tromlach 4,582 9.4 +9.3
Ballóid 48,793 72.6 -5.4
Clárú vótálaithe 66,415
Olltoghchán, 2001
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
Sinn Féin Michelle Gildernew 17,739 34.1 +11.0
PAU James Leslie Cooper 17,686 34.0 -17.5
PSDLO Thomas Joseph Gallagher 9,706 18.7 -4.2
Neamhspleách William James Dixon 6,843 13.2 +13.2
Tromlach 53 0.1 -
Ballóid 51,974 78.0 +3.2
Clárú vótálaithe 61,390
Olltoghchán, 1997
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
PAU Ken Maginnis 24,862 51.5 -1.0
Sinn Féin Gerry McHugh 11,174 23.1 +4.0
PSDLO Thomas Joseph Gallagher 11,060 22.9 +0.0
Comhghuaillíochta Stephen Farry 977 2.0 +2.0
Páirtí Dlí Nádúrtha Simeon Thomas Gillan 217 0.4 +0.4
Tromlach 13,688 28.4 +2.8
Ballóid 48,290 74.8 -3.7
Clárú vótálaithe 59,086
Olltoghchán, 1992
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
PAU Ken Maginnis 26,923 48.8 -0.8
PSDLO Thomas Joseph Gallagher 12,810 23.2 +4.1
Sinn Féin Francie Molloy 12,604 22.9 -3.5
Neamhspleách David Kettyles 1,094 2.0 +2.0
Comhghuaillíochta Eric Anton Herbert Bullick 950 1.7 +0.0
Clár Oibre Nua Gerry Cullen 747 1.4 +1.4
Tromlach 14,113 25.6 +2.4
Ballóid 55,128 78.5 -1.8
Clárú vótálaithe 70,253
Olltoghchán, 1987
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
PAU Ken Maginnis 27,446 49.6 +2.0
Sinn Féin Paul Edna Corrigan 14,623 26.4 -8.4
PSDLO Rosemary Flanagan 10,581 19.1 +2.6
Páirtí na nOibrithe David Kettyles 1,784 3.2 +2.1
Comhghuaillíochta Eric Anton Herbert Bullick 950 1.7 +1.7
Tromlach 12,823 23.2 +10.4
Ballóid 55,834 80.3 -8.3
Clárú vótálaithe 68,979
Corrthoghchán, 1986
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
PAU Ken Maginnis 25,857 49.7 +2.1
Sinn Féin Owen Carron 15,278 27.2 -7.6
PSDLO Austin Currie 12,081 21.5 +5.0
Páirtí na nOibrithe David Kettyles 864 1.5 -0.4
Tromlach 12,579 22.5 +9.7
Ballóid 56,080 80.4 -8.2
Clárú vótálaithe 69,767
Olltoghchán, 1983
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
PAU Ken Maginnis 28,630 47.6 +19.6
Sinn Féin Owen Carron 20,954 34.8 +34.8
PSDLO Rosemary Flanagan 9,923 16.5 +16.5
Páirtí na nOibrithe David Kettyles 649 1.1 +1.1
Tromlach 7,676 12.8 -
Ballóid 60,156 88.6 +1.5
Clárú vótálaithe 67,842
Corrthoghchán, Lúnasa 1981
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
Frith H-Bhloc Owen Carron 31,278 49.1 -3.1
PAU Ken Maginnis 29,048 45.6 -4.2
Comhghuaillíochta Seamus Close 1,930 3.0 +3.0
Republican Clubs Tom Moore 1,132 1.8 +1.8
General Amnesty Martin Green 249 0.4 +0.4
The Peace Lover Simon Hall-Raleigh 90 0.1 +0.1
Tromlach 2,230 3.5 -4.5
Ballóid 63,727 88.6 +1.7
Clárú vótálaithe 73,161
Corrthoghchán, Aibreán 1981
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
Frith H-Bhloc Bobby Sands 30,493 51.2 +51.2
PAU Harry West 29,046 48.8 +20.8
Tromlach 1,447 2.4 -
Ballóid 59,538 86.9 -0.2
Clárú vótálaithe 72,349
Olltoghchán, 1979
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
Poblachtach neamhspleách Frank Maguire 22,398 36.0' -15.8
PAU Raymond Ferguson 17,411 28.0 '-19.9
PSDLO Neamhspleách Austin Currie 10,785 17.3 +17.3
PAUA Ernest Baird 10,607 17.0 +17.0
Comhghuaillíochta Peter Newton Acheson 1,070 1.7 +1.7
Tromlach 4,987 8.0 +4.0
Ballóid 62,271 87.1 -1.6
Clárú vótálaithe 71,481
Olltoghchán, Deireadh Fómhair 1974
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
Poblachtach neamhspleách Frank Maguire 32,795 51.8' +51.8
PAU Harry West 30,285 47.9 +4.3
Marxach-Leiníneach (Éire) Alan John Evans 185 0.3 +0.3
Tromlach 2,510 4.0 +4.0
Ballóid 63,265 88.7 +0.3
Clárú vótálaithe 71,343
Olltoghchán, Feabhra 1974
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
PAU Harry West 26,858 43.6 -5.3
Unity Frank McManus 16,229 26.3 -24.8
PSDLO Denis Haughey 15,410 25.0 +25.0
Aontachtach ar son Tionól Hubert Irvin Brown 3,157 5.1 +5.1
Tromlach 10,629 17.2 -
Ballóid 61,654 88.4 +3.7
Clárú vótálaithe 69,775
Olltoghchán, 1970
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
Unity Frank McManus 32,837 51.1 +24.2
PAU James Hamilton 31,390 48.9 -5.1
Tromlach 1,447 2.3 -
Ballóid 64,227 92.1 +6.1
Clárú vótálaithe 70,381
Olltoghchán, 1966
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
PAU James Hamilton 29,352 54.0 -1.1
Unity James J. Donnelly 14,645 26.9 +26.9
Poblachtach neamhspleách Ruairí Ó Brádaigh 10,370 19.1 -10.5
Tromlach 14,707 27.1 +1.6
Ballóid 54,367 86.0 +0.4
Clárú vótálaithe 63,188
Olltoghchán, 1964
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
PAU James Hamilton 30,010 55.1 -26.3
Poblachtach neamhspleách Aloysius Mulloy 16,138 29.6 +29.6
Liobrálach Uladh Giles FitzHerbert 6,006 11.0 +11.0
Lucht Oibre TÉ Baptist W. Gamble 2,339 4.3 +4.3
Tromlach 13,872 25.5 -37.2
Ballóid 54,493 85.9 +24.3
Clárú vótálaithe 63,642
Olltoghchán, 1959
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
PAU Robert Grosvenor 32,080 81.4 +31.6
Sinn Féin James Martin 7,348 18.6 -31.6
Tromlach 24,732 62.7 +62.3
Ballóid 39,428 61.6 -31.0
Clárú vótálaithe 64,022
Olltoghchán, 1955
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
Sinn Féin Philip Clarke 30,529 50.2 +50.2
PAU Robert Grosvenor 30,268 49.8 +0.9
Tromlach 261 0.4 -
Ballóid 60,797 92.6 -0.8
Clárú vótálaithe 65,770
Olltoghchán, 1951
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
Páirtí Náisiúnachas Cahir Healy 32,717 52.1 +0.2
PAU Frederick Patterson 30,268 47.9 -0.2
Tromlach 2,635 4.2 +0.4
Ballóid 62,985 93.4 +1.3
Clárú vótálaithe 67,219
Olltoghchán, 1950
Páirtí Iarrthóir Vótaí % ±
Páirtí Náisiúnachas Cahir Healy 32,188 51.9 -
PAU Henry Richardson 29,877 48.1 -
Tromlach 2,311 3.8 -
Ballóid 62,065 92.1 -
Clárú vótálaithe 67,424
  1. 1.0 1.1 1.2 Póilín Ní Chiaráin (23 Meitheamh 2024). "An taobh thiar den Bhanna ‘glas’, dúshlán roimh Shinn Féin i nDoire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-06.
  2. "Deireadh le réimeas Paisley agus Sinn Féin ar an bpáirtí is mó as Éirinn in Westminster" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-05). Dáta rochtana: 2024-07-05.
  3. "Fermanagh & South TyroneGeneral Election Results 2024" (en-GB). Dáta rochtana: 2024-07-11.
  4. "Fermanagh & South Tyrone parliamentary constituency - Election 2019" (en-GB). Dáta rochtana: 2019-12-16.