Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2024


Reáchtáladh Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2024 sa Ríocht Aontaithe ar an 4 Iúil 2024. Fuair Páirtí an Lucht Oibre ollbhua agus bhí scrios déanta ar na Tóraithe. Agus 648 den 650 suíochán líonta, 412 suíochán a bhí Páirtí an Lucht Oibre, agus an dara móramh is mó riamh acu, 170 suíochán, beagáinín taobh thiar den mhóramh 179 suíochán a ghnóthaigh Tony Blair i 1997. 121 suíochán a bhí ag Tóraithe Rishi Sunak, 251 suíochán níos lú ná mar a bhí ag an bpáirtí in 2019 agus an toradh is measa a bhí acu ó na 1830idí nuair a bhí Robert Peel i gceannas orthu. Laghdú 20 pointe céatadáin a tháinig ar vóta na gCaomhach agus gan acu ach 24% agus chaill piardaí móra de chuid an pháirtí a suíocháin, leithéidí Liz Truss, Jacob Rees-Mogg, Penny Mordaunt, agus Grant Shapps.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOlltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2024
Íomhá
Map
CineálOlltoghchán na Ríochta Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana4 Iúil 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
2019 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisan Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisPremiership of Keir Starmer (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanBall den 59ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe (650) Cuir in eagar ar Wikidata
IarrthóirAn Páirtí Coimeádach (6,828,925)
Páirtí an Lucht Oibre (9,708,716)
An Páirtí Daonlathach Liobrálach (3,519,143)
Páirtí an Athchóirithe (An Ríocht Aontaithe) (4,117,620)
Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige (1,842,436)
polaiteoir neamhspleách (564,095)
Páirtí Oibrithe na Breataine (210,252)
Social Democratic Party (en) Aistrigh (33,811)
Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba (724,758)
Comhaontas Glas na hAlban (92,685)
Heritage Party (en) Aistrigh (6,597)
Trade Unionist and Socialist Coalition (en) Aistrigh (12,901)
Plaid Cymru (194,811)
Yorkshire Party (17,236)
Rejoin EU (en) Aistrigh (9,235)
Páirtí Neamhspleách na Ríochta Aontaithe (6,530)
Christian Peoples Alliance (en) Aistrigh (5,604)
Official Monster Raving Loony Party (en) Aistrigh (5,814)
Pàrtaidh Alba (11,784)
Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann (117,191)
Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (86,861)
Páirtí Aontachtach Uladh (94,779)
Páirtí Aontachtach Daonlathach (172,058)
Party of Women (en) Aistrigh (5,077)
Scottish Family Party (en) Aistrigh (5,425)
Páirtí Cumannach na Breataine (2,622)
Sinn Féin (210,891)
Glór Traidisiúnta na nAontachtaithe (48,685)
Climate Party (en) Aistrigh (1,967)
English Democrats (en) Aistrigh (5,182)
Socialist Labour Party (en) Aistrigh (3,609)
An Páirtí Liobrálach (6,375)
An Comhaontas Glas i dTuaisceart Éireann (8,692)
Aontú (7,466)
Hampshire Independents (en) Aistrigh (2,872)
Alliance for Democracy and Freedom (en) Aistrigh (1,769)
Freedom Alliance (en) Aistrigh (895)
Workers Revolutionary Party (en) Aistrigh (1,190)
Animal Welfare Party (en) Aistrigh (1,486)
British Democratic Party (en) Aistrigh (1,860)
English Constitution Party (en) Aistrigh (1,563)
Independent Network (en) Aistrigh (13,663)
Scottish Libertarian Party (en) Aistrigh (536)
True & Fair Party (en) Aistrigh (1,695)
Women's Equality Party (en) Aistrigh (1,275)
Abolish the Welsh Assembly Party (en) Aistrigh (1,521)
Comhghuaillíocht an Phobail roimh Bhrabús (8,438)
Alliance for Green Socialism (en) Aistrigh (378)
British Unionist Party (en) Aistrigh (614)
Christian Party (en) Aistrigh (806)
Communist League Election Campaign (en) Aistrigh (230)
Southend Confelicity Party (en) Aistrigh (750)
Independence for Scotland Party (en) Aistrigh (678)
Páirtí Liobraíoch (RA) (113)
One Leicester (en) Aistrigh (4,008)
Scottish Socialist Party (en) Aistrigh (1,007)
Shared Ground (en) Aistrigh (664)
Socialist Equality Party (en) Aistrigh (239)
Sovereignty (en) Aistrigh (304)
Peace Party (en) Aistrigh (531)
Páirtí Sóisialach na Breataine Móire (193)
Transform (en) Aistrigh (595)
Volt UK (en) Aistrigh (267)
Ashfield Independents (en) Aistrigh (6,276)
Blue Revolution Party (en) Aistrigh (397)
Chesterfield And North Derbyshire Independents (en) Aistrigh (363)
The Common Good (en) Aistrigh (215)
Communist Future (en) Aistrigh (131)
Consensus (en) Aistrigh (1,289)
Count Binface Party (en) Aistrigh (308)
Cross-Community Labour Alternative (en) Aistrigh (624)
Democracy for Chorley (en) Aistrigh (2,424)
Fairer Voting Party (en) Aistrigh (240)
Independent Alliance (Kent) (en) Aistrigh (926)
Independent Oxford Alliance (en) Aistrigh (2,381)
Independents for Direct Democracy (en) Aistrigh (45)
Kingston Independent Residents Group (en) Aistrigh (1,177)
Lincolnshire Independents (en) Aistrigh (4,277)
Liverpool Community Independents (en) Aistrigh (3,294)
National Health Action Party (en) Aistrigh (247)
New Open Non-Political Organised Leadership (en) Aistrigh (186)
Newham Independents Party (en) Aistrigh (7,180)
Portsmouth Independent Party (en) Aistrigh (733)
Propel (en) Aistrigh (1,041)
Psychedelic Movement (en) Aistrigh (99)
Putting Crewe First, Independent Residents Group (en) Aistrigh (588)
Rebooting Democracy (en) Aistrigh (265)
Save Us Now (en) Aistrigh (170)
Social Justice Party (en) Aistrigh (285)
South Devon Alliance (en) Aistrigh (1,924)
Lindsay Hoyle (25,238)
Stockport Fights Austerity No to Cuts (en) Aistrigh (193)
Swale Independents (en) Aistrigh (3,238)
Taking the Initiative Party (en) Aistrigh (503)
The Common People (en) Aistrigh (91)
The Mitre TW9 (en) Aistrigh (349)
North East Party (en) Aistrigh (1,581)
The Yoruba Party in the UK (en) Aistrigh (261)
UK Voice (en) Aistrigh (150) Cuir in eagar ar Wikidata
Iarrthóir ar éirigh leis/léiPáirtí an Lucht Oibre
An Páirtí Coimeádach
An Páirtí Daonlathach Liobrálach
Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba
Sinn Féin
polaiteoir neamhspleách
Páirtí an Athchóirithe (An Ríocht Aontaithe)
Páirtí Aontachtach Daonlathach
Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige
Plaid Cymru
Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre
Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann
Páirtí Aontachtach Uladh
Glór Traidisiúnta na nAontachtaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna
Fuarlach báistí ar an 23 Bealtaine 2024, nuair a d'fhógair Rishi Sunak olltoghchán
Karl Turner, Labour, Kingston upon Hull, Meitheamh 2024
18 suíochán a bhí le líonadh sa Tuaisceart
Bushmills; fuair ceannaire an TUV Jim Allister an ceann is fearr ar Ian Paisley in Aontroim Thuaidh

Bhí ollbhua ag na Caomhaigh in Olltoghchán 2019 agus lucht vótála á spreagadh ag gáir chatha Boris Johnson agus é ag fógairt ‘Get Brexit done’ [Déanaimis an Breatimeacht].

I ráiteas a thug sé lasmuigh d’Uimhir 10 ar an 23 Bealtaine 2024, dúirt Sunak go raibh sé “bródúil” as an méid a bhí bainte amach ag a rialtas.[2] Chaith na Caomhaigh ceithre bliana déag i mbun rialtais, blianta a raibh céasadh ag baint leo de bharr na déine, cúrsaí eacnamaíochta a bhí támáilte go maith agus scannail éagsúla a chuir cora coise go leor i lucht údaráis. Blianta an-suaite ab ea an tréimhse sin idir neamhspleáchas na hAlban, reifrinn faoin mBreatimeacht, paindéim Covid-19, an cogadh san Úcráin agus cíor thuathail go leor ó thaobh na polaitíochta de, aighnis a d’fhág gur ceapadh cúigear príomh-airí i Sráid Downing laistigh d’ocht mbliana.[3]

Tháinig fógra an olltoghcháin ó Phríomh-Aire na Breataine Rishi Sunak aniar aduaidh ar bheagnach gach aon duine. Bhíothas ag meas go ndéanfadh Rishi Sunak toghchán a ghairm do mhí na Samhna. Go deimhin, 1945 an uair dheireanach a bhí olltoghchán na Breataine ann i lár an tsamhraidh.

Dúirt Páirtí an Lucht Oibre go gcuirfeadh siad borradh faoin ngeilleagar agus go gcuirfeadh siad arís le dóchas na ndaoine i ndiaidh anord na dTóraithe. Ach bhí sé curtha ina leith go raibh cuid dá bhforógra toghcháin ar bheagán téagair agus go raibh easpa sonraí ann faoi conas a íocfadh as cuid dá ngeallúintí.

Le linn an fheachtais, chuaigh an pobalóir Nigel Farage i gceannas ar Reform UK (an Brexit Party tráth) agus d'éirigh leo teacht i dtír ar mhíshásamh daoine faoi cheist na hinimirce. Bhí an páirtí in ann cur go mór le deacrachtaí na dTóraithe agus le líon na suíochán a chaill siad faoin "gcóras an chéad duine abhaile".[4]

Le linn an fheachtais, bhí an drochmhisneach chomh fairsing sin i measc na dTóraithe féin gur admhaigh an feisire Rialtais Mel Stride, an Rúnaí Pinsean agus Oibre, gur dóichí go mbeadh “an bua is mó riamh ag Páirtí an Lucht Oibre” san olltoghchán seo.

Bhuaigh Páirtí an Lucht Oibre 412 de na 650 suíochán i bParlaimint Westminster, nó 211 níos mó ná an t-olltoghchán in 2019 (ní theastaíonn ach 326 suíochán le haghaidh móraimh). 121 suíochán a bhuaigh an Páirtí Caomhach, sin 250 níos lú ná 2019 agus an líon is lú riamh go deimhin. Mar sin féin, fuair an Lucht Oibre níos lú vótaí an uair seo ná mar a fuair siad san olltoghchán in 2019, tráth a thug na Caomhaigh lascadh ceart dóibh.[5] 34% de na vótaí a fuair Páirtí an Lucht Oibre san olltoghchán. Ní raibh an céatadán sin ach ábhairín beag níos mó ná an vóta a fuair siad in 2019 ach bua rábach a bhí acu an babhta seo agus móramh 170 suíochán acu, beagáinín taobh thiar den mhóramh 179 suíochán a ghnóthaigh Tony Blair i 1997.

Chaill na Caomhaigh roinnt baill sinsearacha, ina measc Grant Shapps, Penny Mordaunt, agus an pobalóir i bhfad amach ar an eite dheis Sir Jacob Rees-Mogg. Bhí an t-iarPhríomh-Aire Liz Truss í féin i measc aingil an uabhair. D’éirigh Rishi Sunak as mar cheannaire an pháirtí.

D'íoc na Caomhaigh as míshásamh an phobail faoin gcostas ard maireachtála, faoi sheirbhísí poiblí laga agus faoi scannail éagsúla. Bhí ceist na hinimirce go mór i dtreis chomh maith.[5]

Bhí Reform UK sa tríú háit ó thaobh chéatadán na vótaí agus 14% is ceithre shuíochán acu. Vótáil ceithre mhilliún duine ar son Reform UK, ar dhaoine iad cuid mhór acu ar ghnách dóibh vótáil ar son na gCaomhach mí-ámharach. Ní hamháin gur toghadh Nigel Farage é féin (rud nár éirigh leis a dhéanamh seacht n-uaire roimhe seo) ina thoghcheantar in Essex ach toghadh triúr eile ó Reform UK.[5]

12% den vóta a bhí ag na Daonlathaithe Liobrálacha ach d’éirigh leo 71 suíochán a bhuachan, an toradh is fearr acu le thart ar chéad bliain agus 61 suíochán níos mó acu ná mar a bhí in 2019.

Tuaisceart Éireann

cuir in eagar

18 suíochán a bhí le líonadh sa Tuaisceart do Pharlaimint Westminster. Bhí 136 iarrthóir ag seasamh iontu le bheith ina bhfeisire parlaiminte i dTeach na dTeachtaí.[3] Bhí iarrthóirí ag seasamh ar son 11 páirtí ar fad agus tá naonúr ag seasamh san olltoghchán mar iarrthóirí neamhspleácha.[6] Sa toghchán in 2019, fuair an PAD 8 suíochán, Sinn Féin 7 gcinn, an PSDLO dhá shuíochán agus ceann amháin a fuair Páirtí na Comhghuaillíochta.

Bhí an Right Honourable Sir Jeffrey Donaldson PC, agus iar-cheannaire PAD, cúisithe i gcionta gnéasacha a bhí bainteach "leis an am a chuaigh thart". Ar an 3 Iúil, an lá roimh an olltoghchán, rinneadh cinneadh cúirte faoi Donaldson agus a bhean chéile Lady Eleanor; rialaigh breitheamh i gcúirt san Iúr i gCo an Dúin go raibh dóthain fianaise ann le Donaldson a chur ar a thriail faoi chionta gnéasacha, éigniú ina measc.[7][8]

in 2024, fuair Sinn Féin seacht suíochán, an líon céanna agus a bhí acu sa pharlaimint in 2019, sna toghcheantair chéanna. Bhuaigh an DUP cúig shuíochán, seachas na hocht gcinn a bhí acu in 2019. Fuair an TUV (Páirtí Aontachtach Uladh) agus Páirtí na Comhghuaillíochta suíochán amháin. Mar leis na trí shuíochán a chaill an DUP,

- fuair ceannaire an TUV Jim Allister an ceann is fearr ar Ian Paisley in Aontroim Thuaidh;

- toghadh Sorcha Eastwood ó Pháirtí na Comhghuaillíochta, i nGleann an Lagáin in áit Jeffrey Donaldson nach raibh san iomaíocht; agus

- thóg Robin Swann ó Pháirtí Aontachtach Uladh, an suíochán in Aontroim Theas ó Paul Girvan.[5]

Gan na Caomhaigh a bhac, fuair Páirtí Náisiúnta na hAlban ramhrú maith - chaill siad 38 suíochán. Bhain Páirtí an Lucht Oibre na dosaein suíochán díobh, gach ceann de na sé shuíochán a bhí acu i nGlaschú ina measc.[5] Bhuaigh Páirtí an Lucht Oibre in Albain 36 suíochán.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "‘Solas ghrian an dóchais’ ag taitneamh ar an mBreatain – Keir Starmer, príomh-aire nua na Breataine" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-05). Dáta rochtana: 2024-07-05.
  2. "Olltoghchán fógartha ag Sunak don 4 Iúil" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-22). Dáta rochtana: 2024-05-23.
  3. 3.0 3.1 "Starmer agus Páirtí an Lucht Oibre ar thairseach na cumhachta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-04). Dáta rochtana: 2024-07-04.
  4. "Léirscrios á lua leis na Tóraithe, ollbhua á thuar do Pháirtí an Lucht Oibre" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-03). Dáta rochtana: 2024-07-04.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 Nuacht RTÉ (2024-07-05). "Olltoghchán buaite go rábach ag Páirtí Lucht Oibre na Breataine" (as ga-IE). 
  6. Bhí iarrthóir ag Páirtí na Comhghuaillíochta ag fiach ar gach aon cheann den 18 suíochán atá sa tuaisceart. Bhí iarrthóirí ag an SDLP agus an UUP le haghaidh 17 suíochán, 16 atá ag an DUP agus 14 iarrthóir ag Sinn Féin.
  7. "'Dóthain fianaise' ann le Jeffrey Donaldson a chur ar a thriail" (as ga) (2024-07-03). 
  8. Nuacht RTÉ / Áine Ní Ghallchóir (2024-05-23). "Olltoghchán na Breataine: fógra gan choinne" (as ga-IE). 
  9. "Deireadh le réimeas Paisley agus Sinn Féin ar an bpáirtí is mó as Éirinn in Westminster" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-05). Dáta rochtana: 2024-07-05.