Racht díograise chun saibhris thobainn i measc cuid mhaith daoine de gach aicme. Is beag mianadóir a d'éirigh saibhir, ach mar thoradh ar bhorradh an daonra osclaíodh tailte tréadacha don talmhaíocht.

Fuadar óir

Sna Stáit Aontaithe, tharla órthóraíochtaí suntasacha

 

Bhrostaigh slua mór sirtheoirí, as na Stáit Aontaithe den chuid is mó, go críocha Yukon i gCeanada nuair a thángthas ar ór ann i 1896. Lean an tóraíocht ar feadh 5 bliana. Táirgeadh luach timpeall $50 milliún óir, bunaíodh baile Dawson, agus tugadh spreagadh mór don gheilleagar i mBritish Columbia, Alberta, Alasca, is stát Washington.

 

Fuarthas rian an óir san Astráil i 1823, ach níor thángthas ar mhéid suntasach go dtí 1851 nuair a d'fhógair Edward Hargreaves an fhionnachtain in Ophir, New South Wales. Tháinig níos mó ná 2,000 duine don áit ansin díreach. An bhliain chéanna fuarthas ór i Victoria, agus táirgeadh 35% den ór a táirgeadh ar Domhan ansin (1852-1861). Fuarthas ór i Queensland (1867) agus Western Australia (1893). D'athraigh na fionnachtana seo an Astráil ó bhun go barr. Tháinig 342,000 inimirceach don Astráil i 1852-1861, bhorr an eacnamaíocht, agus d'fhás daonra Melbourne, mar shampla, ó 29,000 i 1851 go dtí 473,000 i 1891.

 

I measc na n-inimirceach bhí na mílte Síneach, agus níor mhaith leis na hEorpaigh iad siúd: ritheadh dlíthe frith-Shíneacha agus glacadh le polasaí na hAstráile Gile.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fuadar óir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 292.