Eacnamaíocht
Is brainse den eolaíocht shóisialta í an eacnamaíocht a bhaineann le cúrsaí an gheilleagair. Tagann an focal ón nGréigis (oikos nó teach agus nomos nó dlí). Thug an staraí Thomas Carlyle "an eolaíocht ghruama" uirthi sa naoú chéad déag.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/e/eb/Supply-demand-right-shift-demand.svg/220px-Supply-demand-right-shift-demand.svg.png)
Díríonn an eacnamaíocht ar iompar agus idirghníomhú na ngníomhairí eacnamaíocha agus conas a oibríonn an geilleagar. Ag teacht leis an bhfócas seo, is minic a dhéanann príomh-téacsleabhair idirdhealú idir micreacnamaíocht agus maicreacnamaíocht.
Anailísíonn an eacnamaíocht an geilleagar ar fad (a chiallaíonn táirgeadh comhiomlán, tomhaltas, coigiltis, agus infheistíocht) agus na saincheisteanna a dhéanann difear dí, lena n-áirítear dífhostaíocht na n-acmhainní (saothair, caipiteal, agus talamh), boilsciú, fás eacnamaíoch, agus na beartais phoiblí a thugann aghaidh ar na saincheisteanna seo (beartais airgeadaíochta, fioscacha, agus eile).
Micreacnamaíocht
cuir in eagarScrúdaíonn an micreacnamaíocht iompar na n-eilimintí bunúsacha sa gheilleagar, lena n-áirítear gníomhairí aonair agus margaí, ar na hidirghníomhaíochtaí, agus torthaí na n-idirghníomhaíochtaí. D'fhéadfadh a bheith san mar gníomhairí aonair, mar shampla; teaghlaigh, gnólachtaí, ceannaitheoirí, agus díoltóirí.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |