Is éard atá in eolaíocht ná cuardach nó staidéar i gcóir eolais infhíoraithe trí bhreathnadóireacht agus turgnamhacht. Ar dhóigh caol tagraíonn eolaíocht do chóras bailithe eolais a bhuntar ar eimpíreachas, tástáil agus nádúrachas rianúil, modhúil agus chomh maith le sin don choiste eolais eagraithe a bhfuil bailithe leis an cine daonna de thoradh a leithid sin taighde.

turgnamh a dhéanamh ar rud

Modh eolaíochta

cuir in eagar

Breathnaítear ar "disciplín" mar "eolaíocht" má úsáideann sé an Modh Eolaíochta chun teacht ar "hipitéis" indearbhaithe, bailítear sonraí trí dhianstaidéar agus/nó tástáil, agus ceaptar nó bréagnaítear an hipitéis (oibriú le saothrú agus luachálú míniúcháin nádúrtha le haghaidh feiniméin sofheicthe bunaithe ar staidéar eimpíreach, turgnamhaíoch, triaileach agus fíorú neamhspleách).

Más amhlaidh gur thástáileadh hipitéis i réimsí ilchoinníollacha, agus fós féin nár bhréagnaíodh í, glaotar "teoiric" uirthi. Ach amháin nuair is féidir teoiric a chruthú a ghlaotar "dlí" uirthi.

Tá an t-ualach chruthúnais níos suntasaí agus níos doichte ná a mhalairt.

Mar sin de, bíonn hipitéis measartha coitianta san eolaíocht, bíonn méid áirithe "teoiric" ann, ach bíonn "dlíthe" gann go leor ar an dtalamh.

 
"Science and Mechanics", Samhain 1931

Tagraíonn eolaíocht go leathan do chóras eolais ar bith a shroichtear le modhanna infhíoraithe. Ar dhóigh caol tagraíonn eolaíocht do chóras bailithe eolais a bhuntar ar eimpíreachas, tástáil agus nádúrachas rianúil, modhúil agus chomh maith le sin don choiste eolais eagraithe a bhfuil bailithe leis an chine daonna de thoradh a leithid sin taighde.

Dearbhaíonn eolaithe go gcaithfidh cuardach eolaíoch bheith greamaithe don modh eolaíochta—oibriú le saothrú agus luachálú míniúcháin nádúrtha le haghaidh feiniméin sofheicthe bunaithe ar staidéar eimpíreach, turgnamhaíoch, triaileach agus fíorú neamhspleách.

Mar sin de ghnáth, diúltaíonn eolaíocht míniúcháin osnádúrtha agus argóintí ón údaráis.

Aicmítear réimse eolaíochta in dhá pháirt de ghnáth: