Ferdinand Lassalle

dlí-eolaí agus sóisialaí Gearmánach (1825–1864)

Saineolaí dlí, fealsamh, polaiteoir agus ceannaire de chuid an tsóisialachais sa Ghearmáin ab ea Ferdinand Lassalle (Wrocław, 11 Aibreán, 1825 - an Ghinéiv, 31 Lúnasa 1864).

Infotaula de personaFerdinand Lassalle

(1860) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Ferdinand Johann Gottlieb Lassal Cuir in eagar ar Wikidata
11 Aibreán 1825
Wrocław Cuir in eagar ar Wikidata
Bás31 Lúnasa 1864
39 bliana d'aois
Carouge, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnbhású agus comhrac aonair (Tráma balaistíoch)
Áit adhlacthaOld Jewish Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán General German Workers' Association (en) Aistrigh
23 Bealtaine 1863 – 31 Lúnasa 1864 (bás in oifig)
← luach ar iarraidh – Bernhard Becker → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Humboldt Bheirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreEolaíocht pholaitiúil, eacnamaíocht, fealsúnacht agus practice of law (en) Aistrigh
Gairmscríbhneoir, dlíodóir, eacnamaí, polaiteoir, fealsamh Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Humboldt Bheirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaGeneral German Workers' Association (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtSóisialachas daonlathach
Faoi thionchar
TeangachaAn Ghearmáinis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairHeyman Lassal  agus Rosalie Heizfeld
SiblínFrederike Lassal
Síniú
Ferdinand Lassalle
an t-aisteoir agus scríbhneoir sárdhíola Helene von Dönniges
Cuimhneachán

Polaitíocht

cuir in eagar

Ba chuid mhór dá sheasamh polaitiúil an stádas a bhí ag Lassalle mar fhear léinn an dlí.[1] Bhí a leagan den sóisialachas in iomaíocht le smaointe Marx agus Lenin. D'fhéach Lassalle ar an stát mar ionstraim bhuan chun an ceartas sóisialta a bhaint amach. Mar sin, bhí an ceart vótála na bhfear uile ríthábhtach mar chéim i dtreo an tsóisialachais.

Bhunaigh Lassalle an páirtí Allgemeiner Deutscher Arbeiterverein (ADAV — Cumann Ginearálta Oibrithe na Gearmáine) sa bhliain 1863. Ba shruth ar leith é laistigh den ghluaiseacht as ar tháinig an SPD, nó Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine, atá ann fós. Mar sin, tá an SPD ar cheann de na páirtithe polaitíochta is sine ar domhan inniu.

Bás anabaí

cuir in eagar

Chas Lassalle le bean óg, Helene von Dönniges, sa bhliain 1864. Bhí sé i ndán dóibh go bpósfaí iad. Ach bhí fearg mhillteanach ar athair Helene agus d'imigh sí léi[2] (de réir foinsí áirithe eile, cuireadh Helene faoi ghlas)[3].

Bhí sí geallta cheana, don phrionsa, Iancu Racoviță. Throid Lassalle, ar bheagán taithí, comhrac aonair leis an prionsa. Ach fuair Lassalle goin a báis.

Phós Helene agus Iancu an bhliain dár gcionn ach d'éag Iancu gan mhoill; is iomaí caint a tharraing saol Helene níos déanaí.

  1. "UCD School of Law". www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-04-14.
  2. "Helene von Dönniges" (as de) (2016-10-30). Wikipedia. 
  3. "Count von Racowitza" (as en) (2019-07-10). Wikipedia.