Ciallaíonn féinmharú cuidithe (nó bás cuidithe)[2] gurb é an té a dteastaíonn uaidh bás a fháil, gurb é a chuirfeadh deireadh lena shaol féin.[3] Ciallaíonn eotanáis gur dochtúir, nó duine cáilithe eile, a dhéanann an gníomh nuair nach bhfuil an té atá i gceist ábalta nó toilteanach é a dhéanamh é féin.

20 Márta 2024: Foilsíodh An Tuarascáil Deiridh ón gComhchoiste um Bás Cuidithe[1]
Cuardú Google, 2019-2020

Ar na cúiseanna is dealraithí le go mbainfeadh duine triail as féinmharú, tá drochshláinte nó gur ualach iad ar an teaghlach. Bíonn eagla ar dhaoine eile go mbeidh orthu fulaingt go mór roimh báis.

Féinmharú cuidithe in Éirinn

cuir in eagar

Tá féinmharú cuidithe neamhdhleathach in Éirinn. Ach mhol Coiste Oireachtais sa bhliain 2024 go ndéanfadh féinmharú cuidithe agus eotanáis dleathach in Éirinn "le haghaidh daoine nach féidir a leigheas".[1][3] Ach deir daoine eile is leor feabhas a chur ar chúram maolaitheach agus de réir an cháis, támhú maolaitheach a chur i bhfeidhm. Tá gach duine agus teaghlach difriúil, agus cuireann an fhoireann leighis cineálacha éagsúla tacaíochta ar fáil ag brath ar riachtanais do dhaoine faoi láthair. Dá dtiocfaidh athrú ar an dlí in Éirinn, chuirfeadh sé seo brú b'fhéidir níos mó ar dhaoine leochaileacha – agus seandaoine, daoine míchumasaithe, daoine faoi dhúlagar, a deir an Eaglais Chaitliceach in Éirinn.[4][5]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Tithe an Oireachtais (2024-04-08). "An Coiste um Bás Cuidithe – 33rd Dáil, 26th Seanad – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2024-07-18.
  2. Béarla: assisted suicide nó assisted death
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2024-03-07). "Coiste Oireachtais ag moladh bás cuidithe agus eotanáis a cheadú" (as ga-IE). 
  4. Eaglais Chaitliceach in Éirinn (2009). "‘Mar is luachmhar thú i mo shúile’". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-07-18. Dáta rochtana: 2024.
  5. Deir Eaglais Chaitliceach in Éirinn, "Séard atá ag teastáil ón teaglach, ó chairde agus ón chomhluadar i gcoitinne ná freagairt grámhar cúramach, agus an cúnamh ar féidir le cúram maolaitheach a thairiscint. Níl freagra le fáil i bhféinmharú cuidithe; ní dhéanfaí ach cur le mothú an éadóchais agus lagú a dhéanamh de dhearbhfhiúntas gach beatha daonna."
  6. "Palliative care" (as en) (2024-02-10). Wikipedia. 
  7. "Palliative sedation" (as en) (2024-02-12). Wikipedia. 
  8. "Hospice and palliative medicine" (as en) (2023-08-12). Wikipedia.