Tá sé d’aidhm ag cúram maolaitheach[2] an cháilíocht beatha is fearr is féidir a sholáthar don duine a bhfuil tinneas foirceanta orthu agus dá dteaghlach, lena n-áirítear a chinntiú, a mhéid is féidir, go bhfuil an duine saor ó phian. Tá sé mar aidhm aige an caighdeán saoil is fearr gur féidir a sholáthar don othar agus don teaghlach nuair nach bhfuil aon súil ag lucht leighis go dtiocfaidh biseach.[3] Freagraíonn sé do riachtanais fhisiciúla, shíceolaíocha, shóisialta agus spioradálta agus cuimsíonn sé tacaíocht do lucht méala.[4][5]

Our Lady's Hospice, An Carraig Dhubh BÁC
Siopa carthanais, "Cúram maolaitheach", Muinchille, Contae an Cabháin
20 Márta 2024: Foilsíodh An Tuarascáil Deiridh ón gComhchoiste um Bás Cuidithe[1]

Is cur chuige é cúram maolaitheach i leith cúraim a fheabhsaíonn cáilíocht beatha na othar (daoine fásta agus leanaí) agus a dteaghlaigh a bhfuil fadhbanna acu a bhaineann le tinnis a chiorraíonn saol duine. Déantar é sin trí chosc a chur agus faoiseamh a thabhairt don fhulaingt trí aithint luath, measúnú agus bainistiú ar phian agus ar fhadhbanna eile fisiciúla, síceasóisialta nó spioradálta (WHO, 2020).[6]

Úsáideann cúram maolaitheach cur chuige foirne ildisciplíneach chun cabhrú le hothair maireachtáil chomh maith agus is féidir suas go dtí a mbás. Tá buntáistí ag cúram maolaitheach i ngach céim den chóireáil le haghaidh tinnis a chiorraíonn saol duine, a sheachadtar go minic i gcomhpháirt le cóireálacha eile atá dírithe ar shaol an othair a leathnú.[7]

Is iad na foirne maolaitheacha a chinntíonn go bhfuil an baile ullmhaithe chun aire a thabhairt don té atá tinn. Is minic gurbh iad chomh maith a bhíonn orthu an drochscéal a thabhairt d’othair agus a muintir nach bhfuil aon bhiseach i ndán dóibh.[8]

Eagraíocht

cuir in eagar

Is féidir cúram maolaitheach a sholáthar in ospís, in ospidéal pobail géarmhíochaine nó i dteach an othair.[9] Soláthraítear cúram ospíse nó cúram maolaitheach:

  • I dtithe na ndaoine, is altraí cúram baile a oibríonn i gcomhar leis an dochtúir teaghlaigh agus / nó le sainfhoireann chúraim mhaolaithigh a chuireann an cúram ar fáil.
  • In ospísí (sain-aonaid chúraim mhaolaithigh d’othair chónaitheacha)
  • In ospidéil ghinearálta ag foireann chúraim mhaolaithigh an ospidéil
  • In ospidéil phobail agus i dtithe altranais, is altraí cúram baile a oibríonn i gcomhar leis an dochtúir teaghlaigh agus / nó le sainfhoirne cúraim mhaolaithigh a chuireann an cúram ar fáil.

Sna 2000idí, bhí scóip an chúraim mhaolaithigh leathnaithe agus anois, ní amháin go n-áirítear galair a bhaineann le hailse ach tacaítear le daoine a bhfuil breoiteachtaí neamhurchóideach agus ainsealacha orthu. Cé go bhfuil cúram maolaitheach dírithe den chuid is mó ar othair a bhfuil ailse orthu, bíonn othair a bhfuil galar néarón luadrach, scléaróis iolrach agus VEID orthu in ospísí freisin. Is mionlach beag as an iomlán iad na hothair a bhfuil na galair sin orthu, áfach.

Tá an chaoi a soláthraítear cúram maolaitheach do leanaí éagsúil ón gcaoi a soláthraítear do dhaoine fásta é. I gcás go mbíonn cúram maolaitheach de dhíth ar leanaí is iondúil go soláthraítear sa bhaile é. Sa bhaile, faigheann an teaghlach tacaíocht óna ndochtúir teaghlaigh, ón altra sláinte poiblí agus ón sainfhoireann chúraim mhaolaithigh (má tá sí ar fáil).[4][10]

In Éirinn

cuir in eagar

Is dualgas é de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí cúraim mhaolaithigh a chur ar fáil. Cinneann FSS cé hiad na daoine a dtabharfar rochtain ar chúram maolaitheach dóibh ar bhonn riachtanais.[4]

Sa bhliain 2014 in Éirinn, fuair 11,459 duine cúram maolaitheach speisialta sa phobal agus 117,660 cuairt san iomlán i gceist[11]

- 72% a raibh diagnóis phríomhúil ailse acu agus 28% gan ailse

- Fuair 88% de na hothair cúram maolaitheach speisialta sa phobal laistigh de sheacht lá ón atreorúchán

● Fuair 346 duine ar meán seirbhísí cúraim mhaolaithigh speisialta lae gach mí (83% a raibh diagnóis phríomhúil ailse acu, 17% gan ailse)

● Fuair 381 othar ar meán cúram maolaitheach speisialta ar bhonn cónaitheach gach mí – taifeadadh 3,094 iontráil san iomlán don bhliain

- 88% a raibh diagnóis phríomhúil ailse acu agus 12% gan ailse

- Glacadh isteach 96% de na hothair chuig leaba cónaitheach laistigh de sheacht lá ó.n atreorúchán

● Leanaí: fuair 206 othar nua cúram maolaitheach speisialta ón tseirbhís for-rochtana do leanaí.[11]

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Tithe an Oireachtais (2024-04-08). "An Coiste um Bás Cuidithe – 33rd Dáil, 26th Seanad – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2024-07-18.
  2. i mBéarla, palliative care
  3. Citizensinformation.ie. "Roimh bhás duine" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-07-18.
  4. 4.0 4.1 4.2 Citizensinformation.ie. "Cúram Maolaitheach" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-07-17.
  5. Jean de Brún agus Áine Uí Mhuircheartaigh; Oispís Chiarraí (2019-09-09). "Tá Jean agus Áine ag obair san Ionad Cúram Maolaitheach Sláinte in Oispidéal na h-Ollscoile Ciarrai i dTráilí." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-07-18.
  6. "Palliative care" (en). www.who.int. Dáta rochtana: 2024-07-18.
  7. gov.ie (2014-03-21). "Cúram Maolaitheach" (ga). www.gov.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-04-20. Dáta rochtana: 2024-07-18.
  8. Máire Treasa Ní Cheallaigh (2021-10-16). "'Níl uainn ar fad ach saol maith, agus bás maith'" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-07-18.
  9. meoneile.ie / Pádraig Mac Oitir (13 Aib. 2021). "Físeán: siúlóid ar son Hospice NI < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-07-18.
  10. "Cúram Maolaitheach do Leanaí a bhfuil Coinníollacha Teorannaithe Saoil acu in Éirinn - Beartas Náisiúnta" (ga). www.gov.ie (2010-03-13). Dáta rochtana: 2024-07-18.
  11. 11.0 11.1 FSS / Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2014 (2015). "CÚRAM AGUS SOLÁTHAR DO SHLÁINTE ÁR NÁISIÚN". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-29. Dáta rochtana: 2024.
  12. "Report of the National Advisory Committee on Palliative Care" (en). www.gov.ie (2001-06-10). Dáta rochtana: 2024-07-18.