Is ceann de na huirlisí ceoil is sine dá bhfuil in Éirinn é Corn Loch na Séad. Tagann an corn ó bhéal coirn uamha de chuid na hIarannaoise. Uirlis cheoil í seo, corn, a sheinneadh daoine a chónaigh in Éirinn le linn na hIarnaoise, breis is 2200 bliain ó shin. Bhíodh sé le cloisteáil i bhfad ó bhaile. Bhí coirn den chineál céanna ag Ceiltigh san Eoraip. Shéideadh siad na coirn i gcathanna, chun scanradh a chur ar an namhaid.

WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilCorn Loch na Séad
Cineáltrumpa
Sonraí100 "RCh"
Ó dhúchasÉire

Tá an corn féin in Ard-Mhúsaem na hÉireann[1] anois.

Tagann Corn Loch na Séad ó bhéal coirn uamha de chuid na hIarannaoise, níos déanaí ná an Cultúr Hallstat, timpeall 100 RC[2].

Creidtear gur cuireadh ann é mar ofráil reiligiúnach uair éigin i dtús ré na Críostaíochta (mar sin, cúpla céad bliain ina dhiaidh an déantús).

Maisithe i stíl chuarach Cheilteach mar atá Corn Loch na Séad, thángthas air le trí chorn eile den déanamh céanna i mbun locha i gContae Ard Mhacha.

Samhaltán

cuir in eagar

Tagann samhaltán agus trádmharc Taisce Cheol Dúchais Éireann Corn Loch na Séad[3]. Úsáidtear an samhaltán le caoinchead Ard-Mhúsaem na hÉireann.