Coll (ogham)
Is í an naoú litir den aibítir oghaim an Coll,[1] ainmnithe as an gcrann, coll. Is í an ceathrú litir den Aicme Uatha. Is é [k] a luach foghraíochta.[2]
Coll | ||||
---|---|---|---|---|
Cineál | litir oghaim | |||
Ball de | ogham | |||
|
Sanasaíocht
cuir in eagarGaolta is ea an focal le collen na Breatnaise, agus corulus na Laidine. Fréamhaithe is ea é ón Ghaeilge Chianach *koslas, agus sa deireadh ón bPróit-Ind-Eorpais *kos(e)lo-.
Briathar oghaim
cuir in eagarIs iad a leanas na nónathanna meafaracha d'ainm na litreach le fáil sna Briatharoghaim:
- caíniu fedaib (is caoine crann) i mBriatharoghaim Morainn mac Moín
- carae blóesc (cara blaoscanna (cnó)) i mBriatharoghaim Maic ind Óc
- milsem fedo (is milse crann) i mBriatharoghaim Con Culainn
Tagairtí
cuir in eagar