Cill Airne

baile i gContae Chiarraí

Baile i gContae Chiarraí in Éirinn is ea Cill Airne.[1] Tá an baile suite ar bhruach thiar thuaidh Locha Léin, cuid de Pháirc Náisiúnta Chill Airne. Is iomaí ní is díol spéise atá sa bhaile agus sa cheantar máguaird amhail Ardeaglais Mhuire, Caisleán an Rois, Teach Mhucrois, Lochanna Chill Airne, Na Cruacha Dubha, Dún Lóich agus araile.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCill Airne

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52° 03′ 32″ N, 9° 30′ 26″ O / 52.0588°N,9.5072°W / 52.0588; -9.5072
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán14,412 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde50 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie1412691
Suíomh gréasáinkillarney.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Baile Turasóireachta

cuir in eagar

Is í Cill Airne an t-ionad turasóireachta is cáiliúla agus is mó a bhfuil forbairt thráchtála déanta air in Éirinn.[fíoras?] Is baile margaidh í atá lonnaithe san áit a dtagann bóithre Luimnigh-Bheanntraí agus Chorcaí-Thrá Lí le chéile agus is í baile ardeaglaise dheoise Chaitliceach Chiarraí í.

Tá clú is cáil ar fud na cruinne ar na radhairc rómánsúla de lochanna is de shléibhte atá le feiceáil sa cheantar. Tá iomrá ar shaibhreas, éagsúlacht agus raidhse fhlóra an cheantair chomh maith (ina measc Arbutus unedo agus an raithneach thearc úd Trichomanes radicans). Tá roinnt séadchomharthaí ársa inspéise ann chomh maith. Sa bhaile féin is é an t-aon fhoirgneamh arbh fhiú trácht air ná Ardeaglais Naomh Muire (1842-55), a dhear Augustus Welby Pugin; tá sé seo ar cheann de na heiseamláirí is fearr sa tír de shéipéil a tógadh i stíl na hAthbheochana Gotaí.

Bunaíodh an chéad lonnaíocht san áit dár mhair taifid de timpeall na bliana 640, ar Inis Faithlinn i Loch Léin. Lonnaíocht reiligiúnach a bhí ann, mainistir a bhunaigh Naomh Finian Lobhar.

Daoine suntasacha

cuir in eagar

Is as Cill Airne don gceoltóir Amano.[2]

  1. Cill Airne/Killarney | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Amano" (en). amanoanseo.com. Dáta rochtana: 2024-08-12.