Amano

ealaíontóir agus ceoltóir Éireannach

Is ealaíontóir, file, cumadóir, agus ceoltóir í Amano a bhíonn meascán de bhuillí hip hap, popcheol, ceol turgnamhach agus ceol leictreonach ina cuid saothair. Baineann sí inspioráid as na tairseacha ag a scarann nó ag a leánn na cultúrtha. Bíonn sí ag scríobh agus ag canadh i nGaeilge agus i mBéarla. Is as Cill Airne di.[1]

Infotaula de personaAmano
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, ealaíontóir, cumadóir amhrán, file Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeol trip hap, druma agus dord, leictreonaice, sean-nós, popcheol, ceol tíre agus an focal labhartha
UirlisCeol gutha agus giotár

Facebook: amanoanseo Instagram: amanoanseo Youtube: UCYP6VJd6MVtHleBkeJ9m59w Youtube: amanoanseo TikTok: amanoanseo Bandcamp: amanoanseo Souncloud: amanoanseo Spotify: 2N85QrGpB4ils9yYS4oUyS iTunes: 499793733 Songkick: 8104448 Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh Amano in Kyūshū agus tógadh i gCiarraí í.[1] Thosaigh sí ag canadh ar an stáitse agus í ina déagóir, agus bhí bainisteoirí ceoil ag iarraidh bheith mar ionadaí aici.

Stad sí den cheol ar feadh seacht mbliana agus gan ach tuairim is fiche bliain slánaithe aici, toisc go raibh "rud éigean in easnamh i mo shaol". Ag dul sa tóir ar an rud sin, thaisteal sí an domhain ón nGréig go dtí na Seapáine, bhain sí céim ollscoile amach, agus shaothraigh sí postanna éagsúla. Is in 2023 a d'fhill sí ar an gceird, tar éis eispéireas suntasach a bheith aici i rith seisiúin machnaimh ar thobar Bhríde in Uisneach, eispéireas a chuir ina luí uirthi athrú treo a dhéanamh.[2]

"Thuig mé don chéad uair luach an ghaeilge agus an t-ádh atá orainn anseo in Éirinn [...] Tá an scéal seo i bfhad níos mó ná muidne. Tá sé mar gheall ar na mílte teangacha a bhí faoi chos na Sasanaigh agus an coilliniú - táimid ag deanamh saghas séirbhís dóibh go léir."[2]
—Amano

D'fhill sí ar an nGaeilge freisin tamall de bhlianta roimhe sin agus í in Vancouver, i ndiaidh di taispeántas a fheiceáil ar thart faoi 300 teanga de chuid Oileán an Turtair a d'éag. Spreag sé seo í ealaíon a chruthú i dteanga dhúchais na hÉireann "Mar níl aon náire ag baint leis, aon scanradh ag baint leis - táimid in ann dathanna difirúla a cruthú. Táimid in ann mothúcháin ar leith a chruthú leis an teanga seo."[2]

In 2024, d'eisigh Amano an EP THREAD a thaifid sí in éineacht le Garry McCarthy / Kalabanx, EP a léiríonn Éire in aois a claochlaithe.[3] Rianta atá "bríomhar, nua, agus úr" iad, a éalaíonn óna mbítear ag súil leis ó sheánraí dochta faoi leith.[1] Tá an bheirt cheoltóirí mór le rá eile Liam Ó Maonlaí agus Rónán Ó Snodaigh le cloisteáil ar rianta áirithe ann.[4] Luaigh Hot Press an rian SOUTHWIND mar an chéim is déanaí in athbheochan cheol chomhaimseartha na Gaeilge.[5]

Tá Amano ag foghlaim na Seapáinise agus á sníomh isteach ina cuid ceoil freisin. Tá sí ag obair ar EP nua faoin teidil Hanabi, arbh ionann é mar fhocal agus tine ealaíne, ach a chiallaíonn go litriúil "bláth tine".[2]

Tá sí ag obair as lámha a chéile le máistrí an sean-nóis le fiosrú céard a chiallaíonn bheith ar maos sa traidisiún sa lá atá inniu ann, agus albam de cheol traidisiúnta ar na bacáin aici.[1]

Tá Amano tar éis dhul ar an stáitse mar chuid den oíche siamsaíochta REIC in éindí le Ciara Ní É agus Séamus Barra Ó Súilleabháin.[6]

Bhunaigh Amano an cheardlann Nós Nua in éineacht le Conchobhar Ruadh chun spás a thabhairt do dhaoine fásta dhul i ngleic le siondróm an phasadóra agus le náire chomhchoiteann maidir leis an nGaeilge. Pléitear leis an gcailliúint teanga, an díchoilíniú, agus an athshealbhú tríd an amhránaíocht sean-nóis agus foghlaim amhrán mar phobal.[1]

Naisc sheachtracha

cuir in eagar

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 "Amano" (en). amanoanseo.com. Dáta rochtana: 2024-08-12.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Niamh Browne (12 Márta 2024). "Amano: "Tá tuiscint difriúil agam anois ar an ealaíonn agus na spásanna ina bhfuil fáilte ar fáil dom"". Hot Press. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 2024-08-12.
  3. "THREAD, by Amano x Kalabanx". Bandcamp (2 Lúnasa 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 12 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 2024-08-14.
  4. Zoé Piater (2024-07-29). "Experimental Irish-language project 'THREAD' Kerry songwriter Amano and Cork producer Kalabanx to be released August 2nd" (en). IMRO. Dáta rochtana: 2024-08-12.
  5. The Hot Press Newsdesk. "New Irish Songs To Hear This Week". Hot Press. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 12 Lúnasa 2024. Dáta rochtana: 2024-08-14.
  6. "2024 Arts and Minds Festival - An Fhéile Bheag". www.maynoothuniversity.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 01 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 2024-08-14.