Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024
Reáchtáladh toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024 Dé Máirt, 4 Samhain 2024, an 59ú toghchán uachtaránachta. Ar dtús ceapadh gur idir an t-uachtarán Joe Biden ón bpáirtí Daonlathach agus Donald Trump a bheadh an toghchán. Ach d'éirigh Biden as ar an 21 Iúil 2024[1] agus thug Biden a bheannacht láithreach do Kamala Harris mar iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh. Bhuaigh Trump gan stró uirthi i ndeireadh na dála.
Cineál | Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | 2024 United States elections (en) | |||
Dáta na bliana | 5 Samhain 2024 | |||
← 2020
| ||||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Baint le limistéar údaráis | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Buaiteoir | ||||
Oifig le buachan | Uachtarán na Stát Aontaithe Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe | |||
Iarrthóir | Donald Trump (74,976,806) Kamala Harris (71,605,608) Jill Stein (716,358) Robert F. Kennedy Jr. (692,720) Chase Oliver (en) (613,431) | |||
Iarrthóir ar éirigh leis/léi | Donald Trump | |||
Croineolaíocht | ||||
16 Nollaig 2024 | Meeting (en) | |||
Codanna | ||||
Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Am | 5 Samhain 2024 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cineál | Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cuid de | 2024 United States elections (en) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Oifig le buachan | Uachtarán na Stát Aontaithe. Téarma in oifig: 4 bliain Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe. Téarma in oifig: 4 bliain | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Líon daoine a vótáil | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Toradh vótála | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
← 2020 2028 (en) → |
Toghcháin tosaigh
cuir in eagar56 réamhthoghchán ar fad a bhí ann d’ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh don toghchán uachtaránachta. Thosaigh baill den Pháirtí Poblachtach ag vótáil ar son a rogha iarrthóra féin in Iowa ar 15 Eanáir 2024.[2][3] Bhí bua gan stró faighte ag Donald Trump i gcácas Iowa.[4] Ag an am, bhí Trump ina rogha láidir na coitiantachta le hainmniúchán na bPoblachtánach a fháil chun dúshlán Joe Biden agus na nDaonlathach a thabhairt (a bheith á gcur ina leith i gcásanna cúirte éagsúla). Fuair Trump 51% den vóta in Iowa, 30 pointe chun cinn ar Ron DeSantis a bhí sa dara háit agus 21% aige, agus 19% ag Nikki Haley.
Seachtain níos déanaí, dhaingnigh Trump in New Hampshire a ghreim ar an rás d’ainmniúchán na bPoblachtánach agus a chéile comhraic Nikki Haley os cionn 10 bpointe taobh thiar de. [5]
Ar an 24 Feabhra, thug stát South Carolina a bheannacht aréir do Trump, i bhfad chun cinn ar iar-ghobharnóir an stáit sin, Nikki Haley. Ba bheag de fheachtas a sheol Trump i South Carolina, bhí sé chomh cinnte sin de féin.[6]
Ar an 5ú Márta reáchtáladh an lá mór sa phróiseas roghnúcháin d'iarrthóirí, An Mháirt Mhór nó 'Super Tuesday' mar a thugtar air go traidisiúnta. Vótáladh 13-15 stát a gcuid toghchán féin le hiarrthóirí a chur chun cinn do thoghchán na hUachtaránachta.[7][8]
Bhí bua mór eile ag Trump ar an 5 Máirt 2024 agus d'éirigh Haley as an rás. Níor bhuaigh Haley ach dhá réamhthoghchán le linn a feachtais (Washington DC agus Vermont). An port a bhí ag Nikki Haley ag an am ná go raibh malairt rogha tuillte ag lucht an pháirtí, go háirithe agus coireanna coiriúla éagsúla curtha i leith Trump.[9] Deir saineolaithe gur le gráin ar Trump a fuair Haley an méid tacaíochta a fuair sí agus gurb iad na vótóirí meánaicmeacha seo a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu a bheidh cinniúnach san olltoghchán.[10] Ag an am céanna, léirigh na pobalbhreitheanna go raibh imní leanúnach faoi chumas Biden de bharr cúinsí aoise agus sláinte tabhairt faoin dara téarma.
Feachtas Biden v Trump
cuir in eagarBhí Trump os comhair na cúirte san earrach ar dhíotálacha feileonacha, gur fhalsaigh sé taifid ghnó chun airgead tosta, a deirtear gur íoc sé don striapach Stormy Daniels in 2016 Chaith an giúiré dhá lá i mbun machnaimh. Faoi dheireadh, ar an 30 Bealtaine 2024, cúisíodh Trump sna cúiseanna ar fad a cuireadh ina leith.[11] Sa deireadh, chinn an giúiré go raibh go leor fianaise ann, seachas ráitis Michael Cohen, chun Trump a chiontú.[12]
- Barack Obama breith ar lámh air agus é a threorú. Agus an teip chognaíoch ag cur as dó, theip ar na hiarrachtaí a haois a cheilt ar an bpobal arís agus arís. Ní gan chúis gur chreid 86% de phobal Mheiriceá go bhfuil Biden róshean i gcomhair téarma uachtaránachta eile.[13] Ag dul in aois, i mí an Mheithimh 2024, ag ócáid tiomsaithe airgid, d’fhan Biden ina staic nuair a bhí sé in ainm dul ar stáitse agus b’éigean do
Ag an am céanna, i mí an Mheithimh, bhí tuairim mhífhabhrach ag 54% den phobal faoi Trump de réir mheánthorthaí na bpobalbhreitheanna.[13]
Tharla díospóireacht ar CNN in Georgia ar an 24 Meitheamh 2024,[14][15] díospóireacht a d’fhág na Daonlathaigh buartha faoi chumas an Biden díriú ar a ábhar.[16] Ó shin i leith, bhí sé ina fhiabhras cainte agus díospóireachta sna meáin faoina aois, faoina shláinte agus faoi ghéire a intinne. Tharla botúin cainte eile; mar shampla, ar an 11 Iúil, ag preasócáid dá chuid féin, thug Biden an "Leas-Uachtarán Trump" ar a leasuachtarán féin, Kamala Harris.[17]
Ar an 13 Iúil 2024, rinneadh iarracht Donald Trump a fheallmharú. Theip air.
Thosaigh suíomh idirlín Trump ag taispeáint íomhá den fhuil ar a éadan tar éis an ionsaí gunna agus ag impí ar a lucht leanúna airgead a sheoladh chuig an bhfeachtas, ag impí ar dhaoine seasamh le chéile "le spiorad an mhuintearais agus na síochána". Bhí nasc ó shuíomh Trump chuig leathanach ar an ardán bailithe airgid WinRed[18] ina raibh íomhá a tharraing AP den iarrthóir, fuil ar a éadan agus a dhorn crochta san aer aige, agus an mana "FEAR NOT" air. Faoi sin tá na focla "Unity. Peace. Make America Great Again" agus roghanna éagsúla inar féidir síneadh láimhe a thabhairt don fheachtas. Bhí léinte eile ann agus na manaí 'Bulletproof', ‘Legends Never Die’, ‘Grazed but not Dazed, ‘Shooting Makes Me Stronger’ greannta orthu.[19]
Agus Trump ar mhuin na muice sna pobalbhreitheanna, ar an 21 Iúil 2024, d'fhógair Biden nach mbeadh sé ina iarrthóir d'ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh. Bhí brú ar Bhiden ó Dhaonlathaigh shinsearacha ag bailiú nirt ag an am, agus in ainneoin Biden féin ag cur cosa i dtaca go poiblí, ba léir go raibh an brú sin ag imirt tionchair air. Bhí sé ina fhiabhras cainte agus díospóireachta sna meáin faoina aois, faoina shláinte agus faoi ghéire a intinne.[1]
Ar an 21 Iúil 2024, d'fhógair Joe Biden nach mbeadh sé ina iarrthóir d'ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh don Uachtaránacht 2025-2029.[20] Dúirt Kamala Harris gurb é a mian ná ainmniúchán a páirtí don toghchán uachtaránachta “a shaothrú agus a bhuachan” agus thug Biden a bheannacht láithreach do Harris mar iarrthóir.[21]
Feachtas Trump v Harris
cuir in eagarBhí samhradh iontach ag an leasuachtarán agus í i mbun feachtais. Fuair Harris tacaíocht an pháirtí, ainmniúchán an pháirtí agus beannacht na n-iar-uachtarán. Bhí borradh faoina feachtas i dtús mhí Mheán Fómhair. Ach sin ráite, bhí sí féin agus Trump gob ar ghob i gcuid mhaith pobalbhreitheanna ach ní raibh ag éirí léi tarraingt chun cinn. Dúirt beagnach an tríú cuid den phobal roimh an díospóireacht nach raibh siad ar an eolas faoi Harris ná a cuid polasaithe.[22]
Reáchtáladh díospóireacht uachtaránachta ar an 10 Meán Fómhair idir Harris agus Trump. Bhí Trump faoi bhrú le hionsaithe géara ar ghinmhilleadh, a oiriúnacht don oifig, agus a thrioblóidí dlíthiúla. Chuir Harris i leith Trump nach raibh sé ionraic agus ag pointe amháin, d'éiligh sí go bhfágann daoine cruinnithe feachtais Trump go luath "mar gheall ar thuirse agus leadrán". D'fhreagair Trump le "Tá na sluaite is mó agus is iontaí sa stair againn."[23]
Bhrí Trump cráite ag saighdeadh Harris agus ag "cait is madraí" Springfield Ohio. Bhí Donald Trump imithe le báiní sula raibh ar mhodhnóir na díospóireachta a rá leis nach raibh aon fhianaise ann go mbíonn imircigh as Háítí ag ithe cat agus gadhar daoine in Springfield Ohio.[24]
Thug Taylor Swift a beannacht do Harris cúpla nóiméad i ndiaidh na díospóireachta.
Ba léir go raibh Kamala Harris ag iarraidh cur as do Trump agus d’éirigh léi agus bhí an chuma air go raibh frustrachas agus fearg air.[23] Oíche mhaith a bhí ann do Kamala Harris. Bhí díospóireacht eile iarrtha aici roimh an toghchán ach dhiúltaigh Trump dul i ngleic léi arís.
Rinneadh iarracht Donald Trump a fheallmharú ar an 15 Meán Fómhair 2024.
I mí Dheireadh Fómhair, ní raibh ach caitheamh na pingine idir na hiarrthóirí; ní raibh oiread na fríde idir Trump agus Harris i rás an Tí Bháin, nó sin a mhaígh na meáin. Gob ar ghob a bhí an leasuachtarán agus an t-iaruachtarán i mbeagnach gach ceann de Stáit na cinniúna. De réir na bpobalbhreitheanna bhí Trump chun cinn ar éigean. Chun filleadh ar an dTeach Bán bheadh air bearna a dhéanamh i "mBalla Gorm na nDaonlathach" agus Michigan, Pennsylvania nó Wisconsin a thabhairt leis.
Bhí Harris chun cinn ach le thart ar phointe céatadáin amháin sna pobalbhreitheanna, an farasbarr is lú aici ó bhí Comhdháil Náisiúnta na nDaonlathach ann i mí Lúnasa.[25]
Eagraíocht
cuir in eagarIs toghchán indíreach é an próiseas ainmniúcháin, ina gcaitheann vótálaithe ballóidí ag roghnú scláta teachtaí chuig coinbhinsiún ainmniúcháin páirtí polaitíochta, a thoghann ansin ainmnithigh a bpáirtithe ansin mar uachtarán agus mar leasuachtarán.
Theastaigh Trump 270 vóta de chuid an Choláiste Toghcháin sular féidir é a fhógairt ina Uachtarán; fuair sé 316 i ndeireadh na dála.[26][27] Fuair Trump an sciar is mó de vótaí an phobail, 51% an céatadán de na vótaí a bhí aige agus 48% ag Harris.[28] Reáchtáladh toghcháin an tSeanaid 2024 agus toghcháin Theach na nIonadaithe 2024, mar aon le toghcháin áitiúla éagsúla eile, i gcomhthráth le toghchán na huachtaránachta.[4][29][30] Fuair na Poblachtaigh an lámh in uachtar sna toghcháin seo chomh maith.[31]
Thug Trump leis na "seacht stát chinniúnacha" sa toghchán, D’fhéadfadh gur thart ar 250,000 duine i seacht gcinn de Stáit (as daonra thart ar 336 milliún duine sa tír) toradh an toghcháin a shocraigh,[22] bíodh is níor bhain siad le hábhar i ndeireadh na dála. Ní raibh ach seacht gcinn de Stáit idir dhá chomhairle: Arizona, Nevada, Michigan, Wisconsin, Carolina Thuaidh, Georgia agus Pennsylvania. Os cionn 90 vóta coláiste toghcháin a bhí sna Stáit seo: 19 ag Pennsylvania, 16 ag North Carolina, 16 ag Georgia, 15 vóta ag Michigan, 11 ag Arizona, 10 ag Wisconsin agus sé cinn ag Nevada.[32]
Anailís
cuir in eagarI measc na cúiseanna ar éirigh le Donald Trump an ceann is fearr a fháil ar Kamala Harris, bhí an ráta boilscithe thar a bheith tábhachtach. Bhí Harris ina leasuachtarán le ceithre bliana, tréimhse inar tháinig ardú as cuimse ar phraghsanna an bhia. Chaith go leor vóta do Trump toisc an ardaithe ollmhóir a tháinig ar phraghsanna an bhia agus "ar rátaí cánach", mar dhea, le linn do Joe Biden agus Kamala Harris a bheith i gcumhacht.[25]
Tháinig lucht tacaíochta Trump amach ina sluaite chun vóta a thabhairt dó. Ní hamháin sin, ach thug daoine nach mbeifeá ag súil go dtacóidís leis vóta dó. Muintir Latino na mbruachbhailte mar shampla – dream a chreid, de réir cosúlachta, gur tábhachtaí scéal na heacnamaíochta, gur tábhachtaí rud éigin a dhéanamh faoin síorardú ar phraghsanna an bhia agus na rátaí cánach, ná na maslaí a chaith Trump agus a lucht leanúna leo agus le hinimircigh eile go tráthrialta.[33]
Físeán: ‘Bhí cead ag Donald Trump a bheith lawless, b’éigean do Kamala Harris a bheith flawless’.[34]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2024-07-22). "Biden éirithe as an iomaíocht ach dúshláin fós roimh Harris" (as ga-IE).
- ↑ "Iowa caucuses" (as en) (2024-01-16). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-01-16). "Bua rábach ag Donald Trump i gcácas Iowa" (as ga-IE).
- ↑ 4.0 4.1 "Bua gan stró faighte ag Donald Trump in Iowa, tús curtha le feachtas fada" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-16). Dáta rochtana: 2024-01-17.
- ↑ "A ghreim ar ainmniúchán na bPoblachtánach daingnithe ag Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-24). Dáta rochtana: 2024-01-25.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-02-25). "Trump buacach i South Carolina" (as ga-IE).
- ↑ "Nikki Haley chun éirí as, Trump ar a bhogstróc san fheachtas uachtaránachta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-06). Dáta rochtana: 2024-03-06.
- ↑ Caroline Linton (2024-03-06). "Which states voted on Super Tuesday? Full list of states and the delegates at stake - CBS News" (en-US). www.cbsnews.com. Dáta rochtana: 2024-03-06.
- ↑ "Nikki Haley chun éirí as, Trump ar a bhogstróc san fheachtas uachtaránachta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-06). Dáta rochtana: 2024-03-06.
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (11 Márta 2024). "Dá dhonacht maol is measa mullach i dtoghchán Mheiriceá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-11.
- ↑ Dan Mangan (2024-05-30). "Trump guilty on all 34 counts in hush money trial, historic first for a former U.S. president" (en). CNBC. Dáta rochtana: 2024-05-31.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-05-31). "Trump: achomharc le déanamh "chomh luath agus is féidir"" (as ga-IE).
- ↑ 13.0 13.1 Fachtna Ó Drisceoil (20 Meitheamh 2024). "Bheadh na Daonlathaigh níos fearr as dá mbeadh Biden uafásach sa díospóireacht in aghaidh Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-20.
- ↑ "Biden v Trump – is beag díospóireacht riamh a bhí chomh cinniúnach…" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-27). Dáta rochtana: 2024-07-14.
- ↑ Tús ÁIte / RnaG (2024-06-27). "Díospóireacht Trump Biden" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-07-14.
- ↑ "Trump v Biden: ‘Sleepy Joe’ ar strae is bréaga móra Trump" (en-GB) (2024-06-28). Dáta rochtana: 2024-07-14.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-07-12). "Cosa curtha i dtaca ag Biden in ainneoin na sciorrtha focail" (as ga-IE).
- ↑ winred.com (2024). "Éadaí". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-07-15). "An braon fola agus an brabach ag Feachtas Trump" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-07-22). "Biden éirithe as an iomaíocht ach dúshláin fós roimh Harris" (as ga-IE).
- ↑ "‘Déanfaidh mé an t-ainmniúchán a shaothrú agus a bhuachan’ – Kamala Harris" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-22). Dáta rochtana: 2024-07-22.
- ↑ 22.0 22.1 "Harris agus Trump gob ar ghob i gcónaí" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-12). Dáta rochtana: 2024-09-14.
- ↑ 23.0 23.1 Conradh na Gaeilge Londain (14 Meán Fómhair 2024). "Nuacht mhall (Ard Mhacha)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-09-14.
- ↑ Seán Tadhg Ó Gairbhí (11 Meán Fómhair 2024). "Trump cráite ag saighdeadh Harris agus ag cait is madraí Springfield Ohio" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-14.
- ↑ 25.0 25.1 Turas toghcháin sna Stáit Aontaithe ag Alex Hijmans ag druidim ar an lá cinniúnach (2024-11-08). "Dearg, gorm nó eile - dathanna thoghcháin Mheiriceá" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-07-12). "Cosa curtha i dtaca ag Biden in ainneoin na sciorrtha focail" (as ga).
- ↑ 306 vóta a fuair Joe Biden in 2020
- ↑ "An ordinary election" (en-US). Brookings. Dáta rochtana: 2024-11-13.
- ↑ Máirín Ní Ghadhra, tuairisceoir, RTÉ Raidió na Gaeltachta. (2024-11-07). "Thug leasuachtarán Mheiriceá Kamala Harris aitheasc inar aithin sí go raibh a rás rite agus go raibh an bua ag an iar-Uachtarán Donald Trump." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-11-13.
- ↑ Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine (2024-11-08). "An Scríbhneoir Réaltán Ní Leannáin agus Pol Ó Meadhra, Colúnaí le Gript a bhí linn ar Súil Siar na Seachtaine. Trump tofa mar Uachtarán Mheiriceá agus Olltoghchán na hÉireann a bhí i measc na scéalta a bhí á phlé." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-11-13.
- ↑ "Republicans win the House, NBC News projects, as Trump's party takes full control of Washington" (en). NBC News (2024-11-13). Dáta rochtana: 2024-11-13.
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (25 Deireadh Fómhair 2024). "Harris ag iarraidh an claí gorm a chosaint ó ionsaí Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-13.
- ↑ Alex Hijmans (6 Samhain 2024). "‘Ré órga’ geallta ag Donald Trump do mhuintir Mheiriceá, ach údair imní go leor acu" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-06.
- ↑ Alex Hijmans (7 Samhain 2024). "TUAIRISC Ó SAM: ‘Bhí cead ag Donald Trump a bheith lawless, b’éigean do Kamala Harris a bheith flawless’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-13.