Salvador Allende

dochtúir agus polaiteoir Sileach

Dochtúir Sileach agus polaiteoir sóisialach é Salvador Guillermo Allende Gossens (26 Meitheamh 1908 - 11 Meán Fómhair 1973), a bhí mar an 28ú uachtarán ar an tSile ó 3 Samhain 1970 go dtí a bhás tragóideach ar 11 Meán Fómhair 1973.[1]

Infotaula de personaSalvador Allende

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(es) Salvador Guillermo Allende Gossens Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith26 Meitheamh 1908
Santiago de Chile, An tSile Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Meán Fómhair 1973
65 bliana d'aois
Santiago de Chile, An tSile Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú trí lámhach (Tráma balaistíoch)
Áit adhlacthaSantiago General Cemetery (en) Aistrigh
Viña del Mar Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán na Sile
3 Samhain 1970 – 11 Meán Fómhair 1973
← Eduardo Frei MontalvaMilitary Junta of Chile (en) Aistrigh →
Uachtarán Sheanad na Sile
27 Nollaig 1966 – 15 Bealtaine 1969
← Tomás Reyes VicuñaTomás Pablo →
Seanadóir na Sile
15 Bealtaine 1945 – 3 Samhain 1970
← Luis Ambrosio Concha RodríguezAdonis Sepúlveda Acuña →
Rúnaí ginearálta Páirtí Sóisialach na Sile
1943 – 1944
← Marmaduke GroveBernardo Ibáñez Águila →
Aire Sláinte na Sile
28 Lúnasa 1939 – 2 Aibreán 1942
Teachta Sileach
15 Bealtaine 1937 – 28 Lúnasa 1939 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteChicho Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Sile - míochaine
Instituto Nacional General José Miguel Carrera (en) Aistrigh - meánoideachas
lycée Eduardo de la Barra de Valparaíso (fr) Aistrigh - meánoideachas Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Santiago de Chile Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, máinlia, dochtúir leighis, Uachtarán na Sile Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Sóisialach na Sile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Spáinnis, an Chaistílis agus Béarla
Teaghlach
TeaghlachAllende family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileHortensia Bussi (1940–1973), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMaría Isabel Allende, Beatriz Allende Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSalvador Allende Castro  agus Laura Gossens Uribe
SiblínLaura Allende
Duine muintearthaIsabel Allende (col cúigir)
Maya Fernández (gariníon) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0021201 FilmAffinity: 932685227 Allocine: 35096
Musicbrainz: c5917c54-03c7-4009-b0d8-b012e8aed5fb Discogs: 1647608 Find a Grave: 7831568 Cuir in eagar ar Wikidata

Uachtarán

cuir in eagar

Toghadh Salvador Allende mar uachtarán na tíre i 1970, an chéad Marxach a toghadh go daonlathach i dtír ar bith.[2]

Bhí Allende i bhfeighil ar ghluaiseacht shóisialach ar theastaigh uathu sóisialachas a bhunú sa tír sin agus náisiúnú a dhéanamh ar acmhainní saibhris na tíre sin. Ach ní raibh leasa gnó Meiriceánacha, a raibh gabhaltais mhóra acu sna mianaigh chopair, chun glacadh leis sin. Ní raibh lucht cumhachta bunaithe sa tSile sásta leis an ngluaiseacht shóisialta ach an oiread sa chaoi nár theastaigh uathu a gcumhacht sheanbhunaithe a chailiúint.[3]

Ar 11 Meán Fómhair 1973, d'éirigh an t-arm faoin ginearál Augusto Pinochet amach i gcoinne Allende .Rinne eitleáin chogaidh ionsaí ar Áras an Uachtaráin, La Moneda, sa phríomhchathair, Santiago, Bhí cath fíochmhar ann idir fórsaí daonlathacha an Rialtais agus forghabhálaithe míleatacha. D'fhág Allende slán lena lucht tacaíochta ar an raidió, in oráid thruamhéalach. Le linn an chatha, fuair Allende bás. Ar eagla go ndéanfadh príosúnach de, b'fhearr leis lámh a chur ina bhás féin (le AK-47). Bronnadh stádas an mhairtírigh air ó shin.

Ghlac Pinochet seilbh ar rialtas na Sile agus lean an deachtóireacht ar aghaidh go 1988.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Don Mabry, Chile: Allende's Rise and Fall. Curtha i gcartlann 30 Deireadh Fómhair 2006 ar an Wayback Machine
  2. "Profile of Salvador Allende". “Chile's Salvador Allende was murdered in a United States-backed coup on 11 September 1973 — three years earlier he had become Latin America's first democratically-elected Marxist president.”
  3. "Tragóid na Sílé - an 9/11 eile | An Phoblacht". www.anphoblacht.com. Dáta rochtana: 2022-09-11.