AK-47
Is raidhfil ionsaithe é an AK-47, nó an "Kalashnikov" (Rúisisː Автомат Калашникова) a bhaineann úsáid as urchar 7.62x39mm. Dhear Mikhail Kalashnikov an raidhfil san Aontas Sóivéadach sa bhliain 1945 don chéad uair, tamall gairid tar éis an Dara Cogadh Domhanda.[1]
Cineál | raidhfil ionsaithe |
---|---|
Tír bhunaidh | an tAontas Sóivéadach |
Eapainm | Mikhail Kalashnikov |
Stair seirbhíse | |
I seirbhís | ó 1949 |
Coinbhleacht | Laotian Civil War (en) , Cogadh Cathartha na Cambóide, Cambodian–Vietnamese War (en) , Cogadh Vítneam agus na Síne, Afghan Conflict (en) , Cogadh Iaráin - Iaráic, Cogadh na Murascaille, Croatian War of Independence (en) , an Cogadh Boisniach, Cogadh na hIaráice, Mexican Drug War (en) , Cambodian–Thai border dispute (en) , Libyan crisis (en) , Cogadh cathartha na Siria, Iraqi Civil War of 2014–2017 (en) , Cogadh Cathartha Mhailí, na Cogaí Iúgslavacha agus Réabhlóid na hUngáire 1956 |
Stair táirgthe | |
Deartha | 1947 |
Dearthóir | Mikhail Kalashnikov |
Iomlán a tháirgtear | 80,000,000 |
Sonraíochtaí | |
Mais | 4.3 kg |
Fad | 87 cm |
Armlón | 7.62×39mm |
Calabra | 7.62 mm |
Bíonn an AK-47 ar cheann de na dearaí is clúití agus is íocónaí riamh. Sna 2010idí, bhain beagnach leath de na hairm ar domhan le raidhfilí de dhéantús Kalashnikov.
Stair
cuir in eagarBa Mikhail Kalashnikov, Leifteanant-ghinearál in arm na Rúise, a rinne an AK-47 a dhearadh siar in 1945. Ach tá an ’47’ sin ag tagairt don bhliain 1947; tosaíodh ag táirgeadh an raidhfil den chéad uair sa bhliain sin.
Rinneadh go leor leasuithe ar an bhun-dearadh ó shin. Tá breis is céad milliún raidhfil den chineál AK déanta idir 1947 agus na 2010idí, agus tá leaganacha nua á dtáirgeadh i gcónaí.[1]
Tréithe
cuir in eagarTá an AK-47 éifeachtach, simplí agus láidir. Mar shampla, is féidir leis 30 piléar a scaoileadh i rud beag níos mó ná 3 soicind.[1]
Is féidir duine a thraenáil conas é a úsáid taobh istigh de roinnt uaireanta an chloig.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Micheál Mac an Bheatha. "Автомат Калашникова An gunna a dearadh chun an Rúis a chosaint" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2022-05-09.
Is síol faoin airm nó gunna é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |