Mikhail Botvinnik
Imreoir fichille Rúiseach agus Sóivéadach ab ea Mikhail Moiseyevich Botvinnik (17 Lúnasa [4 Lúnasa de réir an féilire Iúil] 1911 – 5 Bealtaine 1995). Bhí sé ina shéú churadh domhanda agus an chéad imreoir den chéad scoth le forbairt laistigh den chóras fichille san Aontas Sóivéadach. Bhí ról mór aige freisin in eagrú na fichille, agus d'imir sé tionchar mór ar an gcóras Craoibhe Domhanda Fichille tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Bhí ról lárnach aige sa chóras traenála a chuir ar chumas an Aontais Shóivéadaigh ceannas a fháil ar an bhficheall sa tréimhse iarchogaidh. Bhí curaidh dhomhanda Anatoly Karpov, Garry Kasparov, agus Vladimir Kramnik i measc a chuid daltaí. D’oibrigh Botvinnik freisin mar innealtóir leictreach agus eolaí ríomhaireachta agus bhí sé ina cheannródaí i bhficheall ríomhaireachta.
Bhuaigh sé Craobhchomórtas na Sóivéide don chéad uair i 1931, éacht a rinne sé arís agus arís eile i 1933, 1939, 1941, 1945 agus 1952. Trína chuid buanna i gcomórtais idirnáisiúnta, measadh sé ar cheann de roinnt dúshlánóirí dlisteanacha don churadh domhanda ag an am, Alexander Alexhine. Mar sin féin, chuir an cogadh cosc ar shocruithe cluiche eatarthu agus fuair Alekhine bás i 1946. Bhuaigh Botvinnik Craobh Domhanda Fichille 1948, comórtas ciorclach a imríodh sa Háig agus Moscó in aghaidh na ceithre imreoirí eile a raibh meas orthu ba láidre ar domhan. Fuair Botvinnik 14 pointe in aghaidh Vasily Smyslov (APSS) 11, Paul Keres (APSS) 10½, Samuel Reshevsky (SAM) 10½ agus Max Euwe (An Ísiltír) 4 pointe.
Chosain sé a theideal i 1951 i gcoinne David Bronstein (12-12, ach d'ordaigh na rialacha go gcoimeádfadh curadh an domhain an teideal) agus i 1954 i gcoinne Vasiliy Smyslov. Mar sin féin, chaill sé é i 1957 i gcoinne Smyslov. San athimirt (a bhí ráthaithe don duine a chaill de réir na rialacha san am), bhuaigh sé an teideal ar ais faoi 12.5-10.5. I 1960 chaill sé an teideal arís do Mikhail Tal, ach sa bhealach chéanna, bhuaigh sé ar ais é san athimirt an bhliain dár gcionn. I 1963, chaill sé an teideal i gcoinne Tigran Petrosian ach chinn FIDE nach gceadófaí athimirt a thuilleadh. Is féidir é seo a fheiceáil mar fhrithghníomhú i gcoinne na fírice gur dhear Botvinnik na rialacháin Craoibhe Domhanda Fichille ó 1948 i leith. Diúltaigh Botvinnik páirt a ghlacadh sa comórtas chun dúshlánaí a aimsiú do Petrosian i 1966, ach lean sé ag imirt i gcomórtais idirnáisiúnta go dtí 1970.
Bhunaigh Botvinnik scoil fichille a thug ardoideachas do dhream imreoirí fichille ar leith. D’fhorbair roinnt imreoirí fichille rathúla tríd an teagasc seo, mar shampla na curaidh domhanda níos déanaí Kasparov, Karpov agus Kramnik. Nuair a bhí deireadh le gairm Botvinnik mar imreoir fichille, dhírigh sé ar a scoil fichille agus ar fhicheall ríomhaireachta. Ar feadh an chuid is mó dá shaol bhí sé gníomhach freisin laistigh den Pháirtí Cumannach Sóivéadach. Fuair sé bás den ailse i 1995.