Michael Lowry
Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Thiobraid Árann Thuaidh é Michael Lowry (Gaeilge: Mícheál Ó Labhradha) (a rugadh ar an 13 Márta 1953). Is polaiteoir neamhspleách é. Ach bhí Lowry sásta a vóta sa Dáil a thrádáil leis an rialtas i gcónaí. Tharraing Lowry conspóid i gcónaí - rinne sé caimiléireacht ar a cuid cánacha mar shampla.
Gairm
cuir in eagarToghadh Lowry mar TD don chéad uair in 1987.
Bhí Lowry ina aire cumarsáide le linn 1994-1996. Chinn an Binse Fiosrúcháin Moriarty gur roinn sé eolas le fear gnó, Denis O’Brien, a chabhraigh leis ceadúnas tábhachtach (Digifone ESat) a fháil.[1][2][3] Dúradh sa tuarascáil go raibh sé ‘gan dabht’ gur thug Lowry faisnéis shubstainteach do Denis O’Brien a bhí ‘de luach agus cúnamh suntasach dó chun an ceadúnas a fháil’.[4]
Chuir Fine Gael cosc ar Lowry seasamh in olltoghchán 1997 de bharr líomhaintí tromchúiseacha a rinneadh nuair a bhí sé ina Aire i rialtas John Bruton. Cé go ndearnadh fiosrúchán coiriúil ina leith bhí gnaoi ag an bpobal ina cheantar féin air mar sin féin agus d'éirigh go maith leis vótaí a mhealladh sna 2000idí-2020idí.
Ní hamháin gur fhág sé Fine Gael ach thug sé leis cuid mhaith de na daoine a bhíodh ag obair d’Fhine Gael i dTuaisceart Thiobraid Árann aimsir thoghcháin.
Bhí Lowry ar bharr an chomhairimh i ngach toghchán, cé go raibh amhras mór ann i dtaobh a chuid iompair sa pholaitíocht. I dtuaisceart an chontae atá a bhunáit tacaíochta. Tá eagraíocht láidir aige féin ar a dtugtar ‘Team Lowry’ [5]
Ar an 23 Feabhra 2016, dhiúltaigh an Ard-Chúirt iarratas a rinne sé a thriail - faoi choireanna cánach - a chur ar neamhní.[6]
Sa bhliain 2024, dheimhnigh Lowry go raibh socrú déanta aige maidir leis an €2.8 milliún i gcostais a gearradh air (as an ionadaíocht dhlíthiúil a bhí aige ag an mBinse Fiosrúcháin). Roimhe sin, níor lamháladh ach an tríú cuid dá chostais dlí dó toisc gur chinn an Binse Fiosrúcháin nár chomhoibrigh sé go hiomlán leis.
I mí Eanáir 2025, sheol na Gardaí comhad a bhí acu chuig Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí maidir leis an bhfiosrúchán a bhí ar bun acu faoinar tháinig as Binse Fiosrúcháin Moriarty. Dúirt Lowry nár tugadh le fios riamh go raibh baol ann go gcuirfí coireanna ina leith (agus dúirt sé nach ndearna sé tada as bealach i 1995).[7]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Cúram na Gaeltachta le bogadh go dtí roinn eile faoin gcéad rialtas eile – Martin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-09). Dáta rochtana: 2025-01-13.
- ↑ Dónall Ó Maolfabhail (Eanair 2003). "Go leor scannal eile le nochtadh" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2025-01-13.
- ↑ Dónall Ó Maolfabhail (Eanáir 2004). "An bhfuil deireadh ag teacht le ré Bertie?" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2025-01-13.
- ↑ "Lowry lárnach i mbrú ar Harris & Martin ar Moriarty Tribunal" (en-GB) (2025-01-09). Dáta rochtana: 2025-01-13.
- ↑ Donncha Ó hÉallaithe (21 Samhain 2024). "Seans ag Sinn Féin ar shuíochán breise agus Alan Kelly Pháirtí an Lucht Oibre i mbaol" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-23.
- ↑ Nuacht RTÉ (2016-02-23). "Ard Chúirt ag diúltú d'iarratas Mhichael Lowry" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-09). "Comhad faoi Bhinse Moriarty ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí" (as ga-IE).
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |