Binse Fiosrúcháin Moriarty

Bunaíodh an Binse Fiosrúcháin Moriarty chun éilliú agus cúrsaí polaitíochta in Éirinn sna 1990idí a fhiosrú. Bhí binse Moriarty i mbun oibre ar feadh ceithre bliana déag (1997-2011) agus caitheadh os cionn €46 milliún air.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBinse Fiosrúcháin Moriarty
Cineálfiosrúchán poiblí Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósMichael Moriarty (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1997 - 

Bunaíodh an Binse chun breathnú go háirithe ar ghnóthaí airgeadais an iarThaoisigh Cathal Ó hEochaidh agus an iarAire Rialtais ó Fhine Gael Michael Lowry. Breathnaíodh ar an gcaidreamh a bhí ag Michael Lowry leis an bhfear gnó Denis O'Brien ar bronnadh ceadúnas fón póca ar a chomhlacht Digifone i 1995, tráth a bhí Lowry ina Aire Cumarsáide.[1]

Michael Lowry, 2016
Charles Haughey

Cúlra - scannal breabaireachta

cuir in eagar

Tá ainm Ben Óg Dunne aitheanta le ceann de na conspóidí a ba mhó i bpolaitíocht na nochaidí. Ba iad íocaíochtaí Ben Dunne le polaiteoirí a ba chúis le dhá bhinse fiosrúcháin, Moriarty agus Mahon.

Sa bhliain 1996, thuairiscigh an t-iriseoir Sam Smyth gur bhronn Ben Dunne suimeanna airgid ar pholaiteoirí aitheanta - ina measc an t-iar-aire rialtais le Fine Gael, Michael Lowry agus an t-iar-Thaoiseach Charlie Haughey. Bhí ar Lowry, an tAire Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide ag an am, éirí as oifig i mí na Samhna 1996, nuair a scaoileadh amach gur íoc Dunne as costas obair tógála ar a theach cónaithe. Bhronn Ben Dunne £1.3 milliún punt ar Haughey leis na blianta.

Bunaíodh binse fiosrúcháin McCracken i 1997 le iniúchadh a dhéanamh ar na híocaíochtaí sin. Bhí an scannal íocaíochtaí chomh mór sin gurbh éigean an dara binse fiosrúcháin a bhunú faoi stiúir an Bhreithimh Moriarty. Níos déanaí, dhearbhaigh Dunne don bhinse fiosrúcháin go ndearna sé na híocaíochtaí leis na polaiteoirí.[2]

Bhí an t-éilliú i réim fud fad an chórais polaitíochta in Éirinn sa 20ú haois. I measc na gcoireanna, ghlac an TD Liam Lawlor agus an aire rialtais Ray Burke le breabanna.[3][4]

Bhunaigh an Dáil an Binse ar an 11 Meán Fómhair 1997; thosaigh imeachtaí an Bhinse ar an 31 Deireadh Fómhair 1997 agus cuireadh an chéad fhinné faoi mhionn ar an 28 Eanáir 1999. Tháinig tuarascáil eatramhach amach sa bhliain 2006. D’eisigh an Binse a thuarascáil deiridh in 2012.

Bhain fiosrúchán Moriarty le bronnadh an dara ceadúnas fón póca ag an stát ar an bhfear gnó Denis O’Brien agus mar chuid den iniúchadh sin fiosraíodh an caidreamh a bhí ag Michael Lowry le O’Brien. Bhí Lowry ina aire cumarsáide agus chinn an Binse Fiosrúcháin gur roinn sé eolas le O’Brien a chabhraigh leis an ceadúnas a fháil.[5][6][7] Dúradh sa tuarascáil go raibh sé ‘gan dabht’ gur thug Lowry faisnéis shubstainteach do Denis O’Brien a bhí ‘de luach agus cúnamh suntasach dó chun an ceadúnas a fháil’. Ach gach olltoghchán ó shin i leith, tríd na 2020idí, b'iad muintir Thiobraid Árann a rinne an cinneadh maidir le cé a dhéanann ionadaíocht dóibh i nDáil Éireann - Lowry,[8]

I dtuarascáil dheiridh an Bhinse Fiosrúcháin, a foilsíodh in 2011, dúradh "nach raibh aon amhras ann ach gur thug Micheal Lowry eolas substainteach do Denis O'Brien, eolas a raibh tábhacht shuntasach ag baint leis agus a chuidigh le Denis O'Brien an ceadúnas a fháil".[1] Tá a bhfuil i dtuarascáil Moriarty i leith Michael Lowry séanta go láidir agus go minic ag Lowry agus d'fhan sé ina TD.

Chuir an rialtas an tuarascáil chuig an nGarda Síochána in 2011. Ach mar atá achtaithe de réir dlí, ní féidir leas a bhaint as aon ráiteas ná aon admháil a dhéantar i mBinse Fiosrúcháin le cás coiriúil a thabhairt in aghaidh duine.[1]

In 2016, dhiúltaigh an Ard-Chúirt don dúshlán a thug Lowry in aghaidh chinneadh Bhinse Fiosraithe Moriarty gan dhá thrian dá chuid costas faoin bpáirt a ghlac sa bhinse a íoc.[9]

Sa bhliain 2024, dheimhnigh Lowry go raibh socrú déanta aige maidir leis an €2.8 milliún i gcostais a gearradh air (as an ionadaíocht dhlíthiúil a bhí aige ag an mBinse Fiosrúcháin). Roimhe sin, níor lamháladh ach an tríú cuid dá chostais dlí dó toisc gur chinn an Binse Fiosrúcháin nár chomhoibrigh sé go hiomlán leis.

I mí Eanáir 2025, sheol na Gardaí comhad a bhí acu chuig Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí maidir leis an bhfiosrúchán a bhí ar bun acu faoinar tháinig as Binse Fiosrúcháin Moriarty. Dúirt Lowry nár tugadh le fios riamh go raibh baol ann go gcuirfí coireanna ina leith (agus dúirt sé nach ndearna sé tada as bealach i 1995).[1]

Fiosrúcháin

cuir in eagar

Chosain Moriarty lear mór airgid ar an gcáiníocóir. Chosain Binse Moriarty €46 milliún agus Binse fiosraithe Mahon (Flood ar dtús) thart ar €300 milliún. Chinn polaiteoirí gur bealach róchostasach a bhí sna binsí fiosraithe leis an gcineál seo iniúchadh a dhéanamh agus socraíodh go gcuirfí muinín i gcoistí Oireachtais leis an obair a dhéanamh.[10]

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc Sheachtracha

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Nuacht RTÉ (2025-01-09). "Comhad faoi Bhinse Moriarty ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí" (as ga-IE). 
  2. Nuacht RTÉ (2023-11-19). "An fear gnó Ben Dunne tar éis bháis" (as ga-IE). 
  3. Dónall Ó Maolfabhail (2003). "Go leor scannal eile le nochtadh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-23.
  4. Breandán Delap (2010). "Seoladh Fhianna Fáil Nua" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-22.
  5. "Cúram na Gaeltachta le bogadh go dtí roinn eile faoin gcéad rialtas eile – Martin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-09). Dáta rochtana: 2025-01-13.
  6. Dónall Ó Maolfabhail (Eanair 2003). "Go leor scannal eile le nochtadh" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2025-01-13.
  7. Dónall Ó Maolfabhail (Eanáir 2004). "An bhfuil deireadh ag teacht le ré Bertie?" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2025-01-13.
  8. "Lowry lárnach i mbrú ar Harris & Martin ar Moriarty Tribunal" (en-GB) (2025-01-09). Dáta rochtana: 2025-01-13.
  9. Nuacht RTÉ (2016-01-27). "Iarratas Lowry ar chostais diúltaithe" (as ga-IE). 
  10. "Cén fáth nach féidir linn fiosrúchán éifeachtach nach gcosnaíonn an iomarca a reáchtáil?" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-03-06). Dáta rochtana: 2025-01-13.