Shínigh Poblacht Dhaonlathach an Chongó agus cúig stát réigiúnach Comhaontú Scortha Lámhaigh Lusaka in Iúil 1999. Mar fhreagra ar sin rith Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 1279, lena n-áirítear bunú Mhisean Breathnóireachta na Náisiún Aontaithe sa Chongó, nó MONUSCO (Mission de l'Organisation des Nations Unies pour la stabilisation en République démocratique du Congo).[1]

Bosca Sonraí EagraíochtaMONUSCO
(en) United Nations Organization Stabilization Mission in the Democratic Republic of the Congo Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrMONUSCO Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálmisean síochánaíochta
eagraíocht faoi stiúir na Náisiún Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Téann in áitUnited Nations Mission in the Democratic Republic of Congo (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1 Iúil 2010
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
MáthaireagraíochtDepartment of Peacekeeping Operations (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmonusco.unmissions.org Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: monusco.org X: MONUSCO Youtube: UCbjy1AnVQS4y0FhiGQcZ4kQ Youtube: MONUSCO Flickr: monusco Cuir in eagar ar Wikidata

Mar chuid dá saoinordú bhí mónatóireacht ar an gcomhaontú shos comhraic; comhthadhall a dhéanamh le fórsaí freastúracha; scaoileadh príosúnach cogaidh ar chur ar siúl; agus an fheitheoireacht ar scoitheadh na bpáirtithe cogaíochta.

MONUSCO agus saighdiúirí as Éireann na measc

Bhí 500 breathnadóir míleata ar an misean ar dtús ach go luath sa bhliain 2000 d'údaraigh Comhairle Slándála na NA méadú go 5,537 pearsanra míleata, 500 breathnadóir san áireamh.

Ghlac ADF páirt in ionsaithe ar choimeádaithe síochána MONUSCO sna 2010idí.[2] Ó 2011 ar aghaidh, glacann M23 páirt in ionsaithe ar MONUSCO go rialta. Cé go mbíonn roinnt cúiseanna i gceist leis na coimhlintí seo, is é rochtain ar acmhainní agus saibhreas an príomhcheann riamh agus cé acu a bheidh smacht ar na hacmhainní úd.[3]

Príomhalt: Cogadh sa Kivu

Mhéadaigh líon MONUSCO go 16,700 trúpa in 2004[4] de réir mar a d'fhás próiseas na síochána. Leathnaíodh sainordú an mhisin freisin le cosaint sibhialtach 'faoi bhagairt láithreach'.[5][1]

D'iarr an rialtas lárnach in Kinshasa in 2024 ar MONUSCO an tír a fhágáil.[6] I mí Meán Fómhair 2024, bhí 10,171 saighdiúir de chuid MONUSCO fós sa Kivu. Ach le linn 2025, chuaigh an trodaíocht in olcas agus d'fhan fórsaí MONUSCO sa Kivu.[7]

Glacann Óglaigh na hÉireann páirt i Monusco ó am go ham.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 "Misin Reatha" (en). www.military.ie. Dáta rochtana: 2025-01-25.
  2. National Defence (2018-12-11). "Mission de l'Organisation des Nations Unies pour la stabilisation en République démocratique du Congo (MONUSCO)". www.canada.ca. Dáta rochtana: 2025-01-25.
  3. Cathal Ó Murchú / An Páipéar (2025-01-24). "Slad gan Aird sa Chongó" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-01-24.
  4. "Military" (en). MONUC (2016-06-02). Dáta rochtana: 2025-01-25.
  5. military.ie / An Roinn Cosanta agus Óglaigh na hÉireann (2021). "Tuarascáil Bhliantúil 2020". Dáta rochtana: 2025.
  6. Paul Nantulya. "Understanding the Democratic Republic of the Congo’s Push for MONUSCO’s Departure" (en-US). Africa Center. Dáta rochtana: 2025-01-25.
  7. "UNHCR gravely concerned by worsening violence and humanitarian crisis in eastern DR Congo" (en). UNHCR. Dáta rochtana: 2025-01-24.