Cogadh Kivu ar siúl idir an Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (an rialtas lárnach in Kinshasa in iarthar na tíre) agus grúpa reibiliúnach darb ainm M23 atá tar éis fás go mór ó na 1990í, iad sárarmáilte agus tar éis grúpaí eile a shlogadh chucu féin ó shin.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCogadh sa Kivu
lang=ga Cuir in eagar ar Wikidata Map
 0° 33′ S, 28° 48′ E / 0.55°S,28.8°E / -0.55; 28.8
Cineálcoinbhleacht Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCogadh sa Kivu Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhNorth Kivu, Poblacht Dhaonlathach an Chongó (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírPoblacht Dhaonlathach an Chongó Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí

Cé go mbíonn roinnt cúiseanna i gceist leis na coimhlintí seo, is é rochtain ar acmhainní agus saibhreas an príomhcheann riamh agus cé acu a bheidh smacht ar na hacmhainní úd.[1]

MONUSCO agus saighdiúirí as Éireann na measc
Fiseán: VOA agus M23, 2013
Físeán: UNHCR, 2022
Físeán: VOA, 2023

Is sna cúigí Kivu Thuaidh agus Kivu Theas go sonrach atá an ghéarchéim is mó ar siúl, cúigí atá thar a bheith saibhir i dtaobh mianraí agus mianacha de, agus dar leis na Náisiúin Aontaithe tá 4.6 milliún duine díláithrithe sna cúigí seo sna 2020idí mar gheall ar chogaí agus coimhlintí roimhe seo.

Is iad muintir Tutsi is mó atá i gceannas ar ghluaiseacht M23 agus faigheann siad tacaíocht shuntasach ó anoir ó Ruanda, stát ar an taobh thoir den Phoblacht an Chongó agus atá faoi cheannasaíocht mhuintir Tutsi. Arís is coimhlint é seo a leanann ó chinn eile a a bhí ann roimhe, go háirithe Cinedhíothú Ruanda in 1994 ina rinneadh slad ar 800,000 de mhuintir Tutsi chomh maith le Cogadh Mór na hAfraice, nó Dara Cogadh an Chongó, ó 1998 go 2003 inar maraíodh idir 5 agus 7 milliún duine.[1]

Idir 2022-2025, ghlac M23 ar raon fairsing de chríoch an Chongó san oirthear, Kivu go hairithe, áit a bhfuil mórán mianach. In 2025 bhí an chathair réigiúnach Goma, ina bhfuil 2 mhilliún áitritheoir, agus atá le hais theorainn Ruanda, faoi bhagairt a gabhála ag an M23 agus amhras ann faoi chumas fhórsaí an rialtais in Kinshasa smacht agus seilbh a choimeád ar an gcathair agus ar a gcríoch aitheanta féin go ginearálta.

Bhí breis is 4000,000 duine diláithrithe i Kivu, in oirthear an Chongó, i dtús 2025 tar éis don chogaíocht géarú ansin, dar le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanuithe (UNHCR) i gceann de na géarchéimeanna is measa ar domhan sna 2020idí dar leo.[2]

Thug meáin an domhain, go hairithe san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh, fíorbheagán airde ar na cogaí éagsúla seo, na fórsaí a bhí bainteach agus na cúiseanna bhain leo. Ní hé nach raibh aon ladar ag tíortha eile sna cogaí seo, idir iarchóilíneoirí Eorpacha cosúil leis an bhFrainc, an Bheilg agus an Ríocht Aontaithe, chomh maith leis na Stáit Aontaithe. Bhí ceithre thír san Afraic féin bainteach le Cogadh Mór na hAfraice, agus Ruanda gafa de shíor i gcúrsaí in oirthear an Chongó.[1]

MONUSCO agus Éire

cuir in eagar

Shínigh Poblacht Dhaonlathach an Chongó agus cúig stát réigiúnach Comhaontú Scortha Lámhaigh Lusaka in Iúil 1999. Mar fhreagra ar sin rith Comhairle Slándála na NA Rún 1279, lena n-áirítear bunú Mhisean Breathnóireachta na Náisiún Aontaithe sa Chongó, nó MONUSCO.[3] Glacann Óglaigh na hÉireann páirt i Monusco ó am go ham.

D'iarr an rialtas lárnach in Kinshasa in 2024 ar MONUSCO an tír a fhágáil.[4] I mí Meán Fómhair 2024, bhí 10,171 saighdiúir de chuid MONUSCO fós sa Kivu. Ach le linn 2025, chuaigh an trodaíocht in olcas agus d'fhan fórsaí MONUSCO sa Kivu.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 Cathal Ó Murchú / An Páipéar (2025-01-24). "Slad gan Aird sa Chongó" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-01-24.
  2. "UNHCR gravely concerned by worsening violence and humanitarian crisis in eastern DR Congo" (en). UNHCR. Dáta rochtana: 2025-01-24.
  3. "Misin Reatha" (en). www.military.ie. Dáta rochtana: 2025-01-25.
  4. Paul Nantulya. "Understanding the Democratic Republic of the Congo’s Push for MONUSCO’s Departure" (en-US). Africa Center. Dáta rochtana: 2025-01-25.