Ionsaí buamála ar Aerfort Chabúl (2021)
Maraíodh 182 duine ar a laghad, páistí ina measc, de bharr ionsaí buamála ar Aerfort Chabúl san Afganastáin ar 26 Lúnasa 2021.[1] Bhí aistarraingt trúpaí SAM agus aslonnú ollmhór ar siúl sa tír ag an am. An Stát Ioslamach a rinne an t-ionsaí (tugtar ISIS-K as Khorasan ar an dream seo). An bonn a bhaint ón 'rialtas' Talaban a bhí uathu go príomha, agus greadadh a thabhairt do na Poncánaigh ag an am céanna.[2]
| ||||
Cineál | buamáil féinmharaithe coordinated terrorist attack (en) ![]() oll-lámhach ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Islamic State–Taliban conflict (en) ![]() ![]() | |||
Dáta na bliana | 26 Lúnasa 2021 (17:50. UTC+04:30) ![]() | |||
Suíomh | Kabul International Airport, An Afganastáin (en) ![]() ![]() ![]() | |||
Tír | an Afganastáin ![]() | |||
Sprioc | 2021 Kabul Airlift (en) ![]() ![]() ![]() | |||
Líon básanna | 182 ![]() | |||
Líon gortaithe | 150 ![]() | |||
Déantóir na coire | Islamic State – Khorasan Province (en) ![]() ![]() | |||
Arm | gléas pléascach arm tine ![]() | |||
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/d/da/SPMAGTF-CR_HKIA_Ramp_Ceremony.jpg/220px-SPMAGTF-CR_HKIA_Ramp_Ceremony.jpg)
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/5/5a/SPMAGTF-CR_HKIA_Ramp_Ceremony_2.jpg/220px-SPMAGTF-CR_HKIA_Ramp_Ceremony_2.jpg)
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/3/39/C-17_carrying_passengers_out_of_Afghanistan.jpg/220px-C-17_carrying_passengers_out_of_Afghanistan.jpg)
Cúlra
cuir in eagarRinne IS scrios ar fud na tíre roimh Lúnasa 2021, Mar shampla, i mBealtaine 2021, maraíodh 68 duine ar a laghad in ionsaí buamála de chuid IS ar scoil do chailíní i gCabúl. Ionsaí seicteach a bhí i gceist.
Bhí tíortha an Iarthair ag féachaint leis na mílte daoine a thabhairt amach as an Afganastáin ag an am - idir a gcuid saoránach féin agus dúchasaigh - tar éis don Talaban teacht i réim. Ach bhí brú ar na Meiriceánaigh fanacht i gCabúl go ceann tamaill eile.[4]
Bhí na mílte duine san aerfort agus lasmuigh agus iad ar fad ag iarraidh na cosa a thabhairt leo as an tír. Ó ghlac an Talaban smacht ar an tír an 15 Lúnasa go dtí 30 Lúnasa 2021, bhí nach mór 120,000 Afganastánach agus eachtrannach tar éis teitheadh ón Afganastáin ar eitiltí a d’eagraigh Stáit Aontaithe Mheiriceá[5] (theith 3.1 milliún in 2021-2022).[6]
Bhí cúrsaí ina gcíor thuathail san aerfort de bharr na sluaite a bhí cruinnithe ansin.[7][8] Bhí na mílte saighdiúir Meiriceánach ag iarraidh teorainn shábháilte a choinneáil thart ar an aerfort d’eitleáin an aslonnaithe. Maraíodh roinnt daoine sa bplódú ag an aerfort fiú, roimh an 26ú Lúnasa.
Imeachtaí
cuir in eagarAr an 25 Lúnasa 2021, thug rialtas SAM rabhadh, go raibh ionsaí sceimhlitheoireachta á bheartú ag Daesh (antoiscigh Ioslamacha). Cuireadh comhairle ar dhaoine a bhí sáinnithe san Afganastáin gan aghaidh a thabhairt ar an aerfort in Kabul de bharr cúrsaí slándála ag dul in olcas.
Tharla an t-ionsaí buamála ar 26 Lúnasa ag Geata Abbey, an tslí isteach go dtí an t-aerfort.[9]
Bhí 13 a bhí ar dualgas do Stáit Aontaithe Mheiriceá ina measc siúd a maraíodh. Chuir an buamálaí é féin den saol.
Thug An Stát Ioslamach le fios go raibh sé mar sprioc ag na buamadóirí féinmharaithe aistritheoirí agus daoine eile a d'oibrigh i gcomhpháirt leis na Meiriceánaigh a mharú sna hionsaithe.
Tháinig An tUachtarán Biden ar an mbosca ar an 26 Lunasa 2021 chun a chuid gníomhartha a chosaint.[3]
Ionsaí de chuid na Stát Aontaithe ar mhisean daonnúil
cuir in eagarAr an 29 Lúnasa, d'ionsaigh drón de chuid na Stát Aontaithe misean daonnúil de chuid Nutrition and Education International i gCabúl. Maraíodh deichniúr, seachtar páistí ina measc. Cheap na fórsaí Meiricéanacha go raibh ISIS-K i bhfolach san áit, ach ní raibh.[10]
Rinneadh iarracht an eachtra a cheilt. Ach tháinig an fhírinne amach trí seachtain níos déanaí, agus foilsíodh físeán den ionsaí.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2021-08-26). "13 duine maraithe in ionsaí buamála ag Aefort Chabúl" (as ga).
- ↑ curtha i láthair ag Fachtna Ó Drisceoil (2021-08-27). "Tús Áite Dé hAoine 27 Lúnasa 2021" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-08-26.
- ↑ 3.0 3.1 The White House (2021-08-26). "President Biden Delivers Remarks on the Terror Attack on Hamid Karzai International Airport".
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-08-23). "Brú ar Mheiriceánaigh fanacht i gCabúl go ceann tamaill eile" (as ga-IE).
- ↑ "2021 Kabul airlift" (as en) (2023-08-13). Wikipedia.
- ↑ Ruchi Kumar. "Afghans fled for a better future but 2 years later, it’s a dream for most" (en). www.aljazeera.com. Dáta rochtana: 2023-08-25.
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (2021). "Cé mhéad dochair atá déanta ag géarchéim na Afganastáine d’uachtaránacht Joe Biden?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-30.
- ↑ "Kabul na hAfganastáine fágtha ag Aoife McManus agus í anois slán sábháilte in Islamabad na Pacastáine" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-08-19). Dáta rochtana: 2023-08-25.
- ↑ tuairisc.ie (2021-08-26). "Dhá phléasc tarlaithe lasmuigh d’aerfort Kabul agus daoine maraithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-30.
- ↑ Tús Áite, RnaG (2021-08-30). "Tús Áite: An Afganastáin" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-08-26.