An Ghaeltacht
Is éard is Gaeltacht ann ná ceantar ina n-aithnítear an Ghaeilge mar theanga an phobail ann, go stairiúil ar a laghad. B'é ba bhrí leis an bhfocal sin Gaeltacht fadó ná Gaelachas, ach ó thosaigh an Ghaeilge ag dul as úsáid in áiteanna in Éirinn, tháinig an téarma "Gaeltacht" nó "ceantair Ghaeltachta" chun cinn ar na háiteanna sa tír ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt i gcónaí mar theanga thraidisiúnta a théann go nádúrtha ó ghlúin go glúin.
Is léir, áfach, gurb iomaí áit sa Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Béarla in uachtar anois, mar shampla Cloch na Rón, an Achréidh agus Maigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe, nó Ailt an Chorráin agus Gleann Bharr i gContae Dhún na nGall, Acaill, Béal an Mhuirthead agus an tSraith i gContae Mhaigh Eo chomh maith leis an gcuid is mó d'Uíbh Ráthach i gContae Chiarraí.
Úsáidtear canúintí éagsúla ó Ghaeltacht go Gaeltacht. Tugtar Gaidhealtachd nó Gaeltacht na hAlban ar na ceantair in Albain ina labhraítear Gaeilge na hAlban (nó Gàidhlig).
Daonra na Gaeltachta
cuir in eagarDar le hÚdarás na Gaeltachta, is é 95,503[1] daonra na Gaeltachta. Tá thart ar 14,000 do na daoine sin ina gcónaí i mbruachbhailtí na Gaillimhe, áfach.
Cuirtear an cheist go minic ar cheart imeall na nGaeltachtaí a athrú[2].
An Fhíor-Ghaeltacht
cuir in eagarGaeltacht Thír Conaill
cuir in eagar- Tír Chonaill, Contae Dhún na nGall, go háirithe i nGaoth Dobhair, Cloích Cheannfhaola, agus ar an taobh thuaidh de na Rosa; Anagaire, Croithlí agus Rann na Feirste
Gaeltacht na Gaillimhe
cuir in eagarGaeltacht Chontae Chiarraí
cuir in eagar- Corca Dhuibhne, Contae Chiarraí go háirithe, in aice le Daingean Uí Chúis
Gaeltacht Chontae Chorcaí
cuir in eagarGaeltacht Chontae na Mí
cuir in eagar- Príomhalt: Gaeltacht na Mí
- Ráth Cairn (nó Ráth Chairn) agus Baile Ghib, Contae na Mí
Gaeltacht na nDéise
cuir in eagar- Príomhalt: Gaeltacht na nDéise
Gaeltacht Chontae Mhaigh Eo
cuir in eagar- Ceathrú Thaidhg, Eachléim, An Fód Dubh agus Tuar Mhic Éadaigh, Gaeltacht Mhaigh Eo
Gaeltachtaí neamhoifigiúla
cuir in eagarTugtar Gaeltachtaí Neamhoifigiúla ar cheantair nach cuid den Ghaeltacht go hoifigiúil iad, cé go bhfuil an teanga á labhairt iontu go forleathan. Tá brú ar an rialtas stádas oifigiúil a thabhairt dóibh.
- Cúige Uladh, Contae Aontroma in Iarthar Bhéal Feirste Gaeltacht Sheoige nó Gaeltacht Bhéal Feirste
Nua-Ghaeltacht
cuir in eagarNua-Ghaeltacht an t-ainm a thugtar ar an smaoineamh Gaeltachtaí nua a thógáil i mBÁC[3] agus i gcathracha eile sa tír d'fhonn an dteanga a athbheochan. Cé nach luaitear é sna huimhreacha thuas, tá Gaeltacht nua i Béal Feirste.
- Roinnt áiteanna i gContae an Chláir
- Gaeltacht Bhuan Mheiriceá Thuaidh
Riarachán
cuir in eagarIs í an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta atá freagrach as polasaí an rialtais i leith na Gaeltachta, i gcomhar le heagraíochtaí amhail Údarás na Gaeltachta. Cuireann Raidió na Gaeltachta de chuid RTÉ agus TG4 seirbhísí ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus do chainteoirí Gaeilge go forleathan.
Coláistí samhraidh
cuir in eagarEagraítear cúrsaí Gaeilge gach bliain sna ceantair Ghaeltachta le linn an tsamhraidh. Tumoideachas Gaeilge atá i gceist, ina gcaitheann daltaí scoile roinnt sheachtainí ag foghlaim na teanga trí chúrsaí Ghaeilge agus gníomhaíochtaí eile trí mheán na Gaeilge - cluichí Gaelacha, céilithe agus ceol traidisiúnta.
Is minic go bhfanann an dalta le clann áitiúil sa Ghaeltacht le linn an chúrsa, agus teagasc á fháil acu ó bhean an tí.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Beo.ie - An Ghaeltacht[nasc briste go buan]
- An Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
- Turasóireacht sa Ghaeltacht
- Údarás na Gaeltachta
- Gaelgeoir group to start new Gaeltacht near city
- HSE.ie - Fás an Daonra agus na Dúshláin atá ann do FSS
- CSO.ie - Leagan Gaeilge de Shuíomh Idirlín an Phríomh Oifig Staidrimh
- Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta - léarscáil bheo;;
Foinsí
cuir in eagar- Ó Tuathaigh G, Ó Laoire L L, Ua Súilleabháin (eag) 2000 Pobal na Gaeltachta a Scéal agus a Dhán, Indreabhán Conamara: Cló Iar-Chonnachta.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Udaras.ie - Na meáin - Fíricí gasta". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-05-27. Dáta rochtana: 2011-08-07.
- ↑ "The death of the Irish language: a qualified obituary", Reg Hindley (Google Books)
- ↑ Irish Independent - Gaelgeoir group to start new Gaeltacht near city - Deireadh Fómhair 2007
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |