Indreabhán
Baile beag in iarthar Chois Fharraige is ea Indreabhán[1] (Inverin as Béarla). Maille le hiascach, bíonn seirbhís rialta farantóireachta go hÁrainn nach dtógann mórán thar uair an chloig. Inniu, is é seo an bealach is coitianta le dul go hÁrainn, mar gur gaire i bhfad an aistear as Indreabhán ná as cathair na Gaillimhe. Tá Indreabhán suite idir Abhainn an Spidéil agus Abhainn Chrumlinne, idir ceantair an Spidéil agus na Tulaí. Tá dhá scoil, dhá shiopa agus ceithre theach ósta sa gceantar. Is iad na scoileanna atá sa gceantar ná: Coláiste Cholmcille (scoil dara leibhéal), Scoil Sailearna (bunscoil). Freisin, tá dhá halla pobail sa gceantar, Coláiste Lurgan, a úsáidtear chun scoláirí Gaeilge a mhúineadh i rith an tsamhraidh, agus Seanscoil Shailearna, a úsáidtear chun cúrsaí agus drámaí srl. a chur ar fáil.
Indreabhán | ||||
---|---|---|---|---|
Tigh ceann tuí, Indreabhán, Samhain 2004 | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 0 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1413583 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Indreabhán/Inveran | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |