Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2023
Thosaigh géarchéim Iosrael-Palaistín, 2023 ar 3 Iúil 2023 i ndáiríre nuair a rinne Arm Iosrael ionradh ar bhaile Jenin ar an mBruach Thiar, ceann de na hionraí is mó le 20 bliain ar Bhruach Thiar na Palaistíne .[1] Bhí "Baile agus Gairdín" ("Operation Home and Garden") baiste ag na hIosraelaigh ar an ionradh ar Jenin [ar nós gur leo ó cheart críocha na bPalaistíneach].[2]
| ||||
Cineál | oibríocht mhíleata ruathar míleata aerionsaí counter-terrorist operation (en) ![]() intervention (en) ![]() ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Israeli–Palestinian conflict (en) ![]() ![]() | |||
Tréimhse | 3 - 5 Iúil 2023 | |||
Dáta na bliana | Iúil 2023 ![]() | |||
Suíomh | Jenin Refugee Camp, Stát na Palaistíne (en) ![]() ![]() ![]() ![]() | |||
Tír | Stát na Palaistíne ![]() | |||
Rannpháirtí | ||||
Sprioc | Palestinian Islamic Jihad (en) ![]() ![]() | |||

Cúlra
cuir in eagar

Le bliain agus tuilleadh bhí ruathair go rialta déanta ag Arm Iosrael (IDF nó Israeli Defense Forces) ar Jenin agus bhí Palaistínigh tar éis coilínigh de chuid Iosrael a ionsaí in iarracht díoltas a bhaint amach. Rinne buíonta armtha coilíneach scrios ar bhailte beaga agus gabháltais Phalaistíneacha.[1]
Níor fhacthas a leithéid ó cuireadh deire leis an Dara Éirí Amach (Intifada nó الانتفاضة الثانية, Al-Intifāḍa aṯ-Ṯhāniya) sa bhliain 2005.[3][1]
Imeachtaí
cuir in eagarBhí 167 Palaistíneach maraithe ag Arm Iosrael go dtí 3 Iúil i mbliana.[4] Tharla an chéad ollruathar ar Jenin ar an 23 Meitheamh 2023.[5]
Idir 1-3 Iúil, bhí deichniúr Palaistíneach maraithe ag na hIosraelaigh in Jenin, agus bhí corradh le céad duine gafa acu agus na mílte eile curtha as a n-árais chónaithe de bharr an ruathair.
Iarmhairtí
cuir in eagarIn Éirinn, thug an Taoiseach le fios go raibh imní air faoi ghéire an fhoréigin atá an dá thaobh [Iosraelaigh agus Palaistínigh araon] a dhéanamh ar a chéile agus dúirt go gcaithfí sibhialtaigh a chosaint thar aon ní eile.[2]
Bhris Coimhlint Iosrael-Hamas, 2023 amach i mí Dheireadh Fómhair.
Féach freisin
cuir in eagar- Coimhlint Iosrael-Hamas, 2014
- Agóidí Gaza-Iosrael, 2018-2019
- Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2021
- Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022
- Cogadh Iosrael-Gaza, 2023-2024
- Pléasc in Ospidéal Al-Ahli, Gaza, 2023
- Ruathair aeir ar champa teifeach Jabalia, 2023
- Eachtra lámhaigh in Shegaia, 2023. Scaoil an IDF marbh triúr gialla ainneoin go raibh brat bán ar iompar acu agus gur ghlaoigh siad amach in Eabhrais.
- Sléacht Al-Rashid, 2024
- Ionsaí de chuid Iosrael ar World Central Kitchen, 2024
- Cinedhíothú na bPalaistíneach
- Cogadh Iosrael–Gaza agus an comhthéacs idirnáisiúnta
- Gaza (scannán 2019)
Naisc Sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2023-07-03). "Ochtar maraithe ag Iosrael i mórionsaí ar an mBruach Thiar" (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2023-07-04). "Ionradh na Iosraelach ar an mBruach Thiar cáinte i nDáil Éireann" (as ga).
- ↑ "Second Intifada" (as en) (2023-07-05). Wikipedia.
- ↑ Qassam Muaddi ــ West Bank (2023-06-19). "Biggest Israel Jenin raid in years kills five Palestinians" (en). https://www.newarab.com/. Dáta rochtana: 2023-07-04.
- ↑ "June 2023 Jenin incursion" (as en) (2023-07-03). Wikipedia.