Cogadh Iosrael-Gaza
Rinne na míleataigh Ioslamacha Hamas ionsaí mór, gan choinne, ar Iosrael ar 7 Deireadh Fómhair 2023.[1][2] Mar fhrithbheart, d’fhógair rialtas Iosrael cogadh ar Hamas, agus léigear iomlán ar Stráice Gaza.[3][4] Ar 28 Deireadh Fómhair, rinne Iosrael ionradh talún ar Gaza.[5][6] Ní raibh meas ná aird ag Iosrael ar an mbeatha, agus neamhshuim iomlán den dlí idirnáisiúnta, rud a tharraing conspóid.[7] Faoi dheireadh Nollaig 2023 bhí 70% de thithe Gaza scriosta ag buamaí Iosrael.[8]
Meastar 37,000 duine ar a laghad a bheith maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza le hocht mí, Deireadh Fómhair 2023 - Meitheamh 2024, gan na mílte corp atá folaithe ag an smionagar a chomhaireamh, ná na daoine a bhfuil éalang fágtha orthu, ná na milliúin atá curtha ar an lár lom agus bainte as a greim.[9]
As Eabhrais, tugtar תגובות בין-לאומיות למלחמת חרבות ברזל ar "Cogadh Iosrael-Gaza" nó "Cogadh na gclaimhte gan trua gan taise", agus fonn mallaithe díoltais ar Rialtas na hIosrael, rialtas i bhfad amach ar an eite dheis, agus rinne na Náisiúin Aontaithe cáineadh géar ar gach taobh.[10]
Imeachtaí
cuir in eagarIonsaí ar Iosrael
cuir in eagarAr 7 Deireadh Fómhair, cuireadh tús leis an aighneas nuair a chuaigh míleataigh armtha de chuid Hamas trasna na teorainn as Gaza agus déanadh ionsaí gan choinne ar Iosraelaigh. Thug lucht Hamas 'Oibríocht Dhíle d'al-Aqsa' (en arabe : عملية طوفان الأقصى, ʿamaliyyat ṭūfān al-ʾAqṣā) air. Mharaigh Hamas thart ar mhíle dhá chéad duine in Iosrael,[11] páistí agus seandaoine ina measc. Maraíodh níos mó ná dhá chéad seasca duine óg a bhí ag freastal ar fhéile cheoil.
B'é Yahya Sinwar, thar aon duine eile in Hamas, a d'eagraigh an mórionsaí (bhí Ismail Haniyeh i mbun Hamas in 2023, agus ceapadh Sinward ina cheannaire ar Hamas i mí Lúnasa 2024 tar éis do na hIosraelaigh Haniyeh a fheallmharú).
Dúirt 'Fórsaí Cosanta Iosrael' gur mharaigh siad níos mó ná míle cúig chéad de na míleataigh Hamas san ionsaí.[3]
Ionsaí ar Gaza
cuir in eagarThosaigh arm Iosrael ag bailiú taobh amuigh d'halla teorann Gaza ar 8 Deireadh Fómhair, agus iad ag fáil réidh le hionsaí talún. Ar 9 Deireadh Fómhair, bhí ordú tugtha ag Aire Cosanta Iosrael Yoav Gallant go ndéanfaí léigear iomlán ar Stráice Gaza. Ghearr siad soláthar de bhia, uisce, leictreachas, leigheas, agus gach ní eile, mar chuid den léigear.[3]
Bhí ná mílte Palaistíneach maraithe taobh istigh de Gaza sna hionsaithe millteacha a rinne fórsaí Iosrael agus eachtraithe eile, mar shampla, pléasc in Ospidéal Al-Ahli, Gaza agus ruathair aeir ar champa teifeach Jabalia.
Dúirt na Náisiúin Aontaithe arís is arís go raibh beatha leanaí in Gaza i mbaol de dheasca an díhiodráitithe, srl.[5]
Ar an 27 Deireadh Fómhair , thosaigh ionradh Iosrael ar Gaza i ndáiríre.[12]
Dar le Roinn Sláinte Gaza, bhí breis agus 30,000 Palaistíneach maraithe idir Deireadh Fómhair - Feabhra 2024. Bhí Stráice Gaza faoi léigear le linn an ama seo agus tharla gorta.[13][14]
Eachtraí
cuir in eagar- Ruathair aeir ar champa teifeach Jabalia, 9 Deireadh Fómhair 2023
- Pléasc in Ospidéal Al-Ahli, Gaza, 17 Deireadh Fómhair 2023
- Eachtra lámhaigh in Shegaia, 15 Nollaig 2023. Scaoil an IDF marbh triúr gialla ainneoin go raibh brat bán ar iompar acu agus gur ghlaoigh siad amach in Eabhrais.
- Sléacht Al-Rashid, 29 Feabhra 2024
- Ionsaí de chuid Iosrael ar World Central Kitchen, 1 Aibreán 2024
- Agóidí na mac léinn in aghaidh brúidiúlacht Iosrael sa Phalaistín, Aibreán - Bealtaine 2024
- Ionsaí buamála de chuid Iosrael ar ionad tearmainn do theifigh, 27 Bealtaine 2024[10]
- Ionsaí de chuid Iosrael ar scoil i nGaza, 6 Meitheamh 2024
- Saoradh na ngiall i Nuseirat agus damáiste comhthaobhach, 2024
- Feallmharú Ismail Haniyeh, Iúil 2024
- Coimhlint Iosrael–Hezbollah, 2020idí
- Feallmharú Yahya Sinwar, Deireadh Fómhair 2024
Ionsaí ar Hezbollah agus an Liobáin
cuir in eagarLe linn 2024, bhain Iosrael úsáid as an aerfhórsa chun armlanna Hezbollah a ionsaí go rialta. Thosaigh ionradh na Liobáine i dtús Dheireadh Fómhair. Chuir sé sin go mór leis an teannas sa réigiún.[15] Feallmharaíodh Hassan Nasrallah, ceannaire carasmatach de chuid Hezbollah, ar an 27 Meán Fómhair 2024.
Dénouement ?
cuir in eagarFeallmharaíodh Yahya Sinwar, ceannaire de chuid Hezbollah, ar an 17 Deireadh Fómhair 2024. Bhí sé ráite ag Fórsaí "Cosanta" Iosrael go raibh rún diongbháilte acu Sinwar a bhású. Mhaígh Príomhaire Netanyahu, i bhfianaise mharú cheannaire Hamas, go raibh "deireadh an chogaidh in Gaza ag druidim le hIosrael" agus "ní féidir a rá go fóill gur deireadh an chogaidh atá ann ach is cinnte gur tús an deiridh atá ann".[16]
Comparáid
cuir in eagarDúirt na Náisiúin Aontaithe i mí na Samhna 2023 go bhfuair timpeall 5,400 daoine bás san iomlán i ngach coimhlint eile a bhí idir Iosrael agus Hamas ó bhí 2007 ann (am nuair a tháinig Hamas i gcumhacht in Gaza[17])[18] agus an feachtas buamála is faide de chuid Iosrael.[19]
Féach freisin
cuir in eagarCásanna dlí agus taidhleoireacht
cuir in eagar- Imscrúdú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta sa Phalaistín
- An Afraic Theas v. Iosrael (Coinbhinsiún um Chinedhíothú) nó Cinedhíothú na bPalaistíneach
Stair
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Os cionn 1,100 duine marbh sa choimhlint idir Hamas agus Iosrael" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-09). Dáta rochtana: 2023-10-09.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-10-09). "Léigear iomlán ordaithe ag Aire Cosanta Iosrael ar Stráice Gaza" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Conradh na Gaeilge, Londain (14 Deireadh Fómhair 2023). "Nuacht Mhall (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-10-15.
- ↑ "Timeline of the 2023 Israel–Hamas war" (as en) (2023-11-11). Wikipedia.
- ↑ 5.0 5.1 "Muintir Gaza i ngarbhaol ‘tubaiste’, trúpaí Iosrael ag déanamh ar Chathair Gaza" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-31). Dáta rochtana: 2023-11-11.
- ↑ "2023 Israeli invasion of the Gaza Strip" (as en) (2023-11-11). Wikipedia.
- ↑ Ciarán Ó Pronntaigh (4 Nollaig 2023). "Síorchogadh? < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2023-12-04.
- ↑ https://www.aljazeera.com/news/2023/12/31/israeli-bombardment-destroyed-over-70-of-gaza-homes-media-office
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-06-13). "Gaza: tuairgneáil thréan eile faighte ag Rafah" (as ga-IE).
- ↑ 10.0 10.1 Máirtín Ó Duibhir (30 Bealtaine 2024). "Iosrael ag leanúint lena gcogadh dearg beag beann ar an domhan mór" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-30.
- ↑ "Israel revises down toll from October 7 attack to ‘around 1,200’" (en). Al Jazeera. Dáta rochtana: 2023-11-11.
- ↑ "Israeli-Palestinian Conflict" (en). Global Conflict Tracker. Dáta rochtana: 2024-10-27.
- ↑ "Siege and Starvation: How Israel Obstructs Aid to Gaza" (en-US). Refugees International. Dáta rochtana: 2024-03-15.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-03-16). "Páistí ag fáil bháis leis an ocras i dtuaisceart Gaza" (as ga-IE).
- ↑ Máirtín Ó Duibhir (15 Eanáir 2024). "D’fhéadfadh an cogadh in Gaza scaipeadh níos forleithne an-éasca" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-25.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-18). ""Deireadh an chogaidh in Gaza ag druidim le hIosrael" - Netanyahu" (as ga-IE).
- ↑ "Battle of Gaza (2007)" (as en) (2023-11-10). Wikipedia.
- ↑ "Israel-Gaza live news: Firing outside Gaza hospitals, with patients and staff trapped inside - BBC News" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2023-11-11.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (11 Samhain 2023). "Nuacht Mhall: (Tiobraid Árann)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-11-11.
- ↑ Julian Borger (2024-04-01). "Why do arms continue to flow from US to Israel despite ceasefire resolution?" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-04-03.