Fiadhúlra
Cuimsíonn an fiadhúlra an ilghnéitheacht bheatha ar fud an domhain.
An Fiadhúlra in Éirinn
cuir in eagarShínigh Éire an Coinbhinsiún domhanda ar Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CEB). Bhí an beartas bithéagsúlachta leagtha amach sa Phlean Náisiúnta Bithéagsúlachta (PNB), rud a aithníonn díghrádú agus caillteanas gnáthóg mar phríomhthoisc atá ag laghdú bithéagsúlachta in Éirinn sa lá atá inniu ann. Is fadhb mhéadaitheach é scaipeadh na speiceas ionrach chomh maith.[1]
Tá baic i bhfeidhm maidir le tabhairt isteach nó scaipeadh speiceas ionrach áirithe.[2] Tá cuid mhaith de na forálacha beartais sa PNB á gcur i bhfeidhm tríd an gcreat reachtúil atá curtha ar fáil ag na hAchtanna Fiadhúlra, 1976-2000.
Cosaint an Fhiadhúlra
cuir in eagarTá ainmhithe áirithe ag dul in éag de bharr dífhoraisiú agus caillteanas gnáthóg de réir mar atá an daonra ag fás. Is ionann Anaclann Dúlra is ceantar a bhfuil tábhacht leis ó thaobh fiadhúlra, agus tá cosaint aici’ faoin reachtaíocht. Is leis an Stát formhór na nAnaclann Dúlra in Éirinn.[3]
Is é an ról atá ag Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne a bheith ag obair lena comhpháirtithe sa tseirbhís phoiblí agus sa phobal i gcoitinne chun an chomhairle eolaíoch is fearr is féidir a chur ar fáil agus chun a chinntiú go gcuirtear cosaint éifeachtach ar fáil chun fiadhúlra na hÉireann a chaomhnú.[4]
Féach freisin
cuir in eagar- Ciste Domhanda Fiadhúlra
- An ISS: tearmann do fhiadhúlra agus d’ainmhithe na mara, rónta ach go háirithe.[5]
- Eolas ar an gcomhshaol[6]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ féach ar http://invasivespeciesireland.com/ chun tuilleadh eolais a fháil
- ↑ mar atá leagtha amach sa Tríú Sceideal de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga) 2011 (I.R. 477/2011)
- ↑ [1]
- ↑ "Cosaint an Fhiadhúlra’ | An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta". web.archive.org (2019-10-19). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-10-19. Dáta rochtana: 2022-03-03.
- ↑ Rúin ghránna chaomhnóirí an fhiadhúlra, Beo 2008
- ↑ AN FIADHÚLRA Féileacáin & Leamhain sa Ghairdín / WL 30 http://www.noticenature.ie/files/enfo/factsheet/Irish/WL30%20Butterflies%20-%20Irish.pdf Curtha i gcartlann 2007-11-18 ar an Wayback Machine