Éagsúlacht bhitheolaíoch is ea bithéagsúlacht, nó níos cruinne fós, an raon is an ilghnéitheacht cineálacha géiniteacha, speiceas is éiceachóras ar Domhan a athraíonn le héabhlóid.

Bithéagsúlacht
Comhdháil na Náisiún Aontaithe um Bhithéagsúlacht 2024  nó "COP 16"

Géaraíonn gníomhartha daonna luas na bpróiseas athraithe, rud a laghdaíonn speicis nó a dhíothaíonn iad, fiú. Inniu is bagairt eisiach dhomhanda ar an gcine daonna í cailliúint leanúnach na bithéagsúlachta.

Polasaithe

cuir in eagar

Síníodh conradh chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú is acmhainní bitheolaíocha a fhorbairt ar bhonn inmharthanach ag Cruinniú Mullaigh an Domhain i 1992.

Reáchtáladh Comhdháil na Náisiún Aontaithe um Bhithéagsúlacht 2024  nó "COP 16" in Cali, sa Cholóim, sa bhliain 2024.[1] Níor síníodh aon chomhaontú suntasach ach rinneach iarracht cuma dhearfach a chur air in áiteanna.[2]

Thug Parlaimint na hEorpa a beannacht don Dlí Athchóirithe Nádúir an Aontais Eorpaigh in 2024.[3]

Ceiliúrtar ar an 22 Bealtaine gach bliain an Lá Idirnáisiúnta um Éagsúlacht Bhitheolaíoch, an Bhithéagsúlacht agus Speicis Choimhthíocha Ionracha.[4]

Bithéagsúlacht in Éirinn

cuir in eagar

Tá an t-ádh le hÉirinn 31,000 speiceas plandaí, ainmhithe agus fungas taifeadta a bheith aici. Tá níos mó ná 20% de na speicis a ndearnadh measúnú orthu in Éirinn i mbaol díothaithe agus tá stádas neamhfhabhrach ag 85% de na 59 gnáthóg is luachmhaire san AE. Tá níos mó ná leath na bplandaí dúchasacha ag meath.[5]

Tuairiscíodh sa bhliain 2024 go raibh drochbhail ar 85% de ghnáthóga sainchosanta an Stáit agus go raibh 46% díobh ag meath d'acht is d'áirithe, agus gnáthóga bláthanna agus luibheanna dúchasacha á scriosadh go seasta – na dumhcha, na heanaigh, na léanta, na móinéir, na portaigh, na turlaigh agus mar sin díobh. Modhanna míchóiriúla feirmeoireachta is siocair leis an meath den chuid is mó, a deirtear – iníor tionsclaíoch, bánú talaimh agus truailliú uisce, srl.[6]

Polasaithe in Éirinn

cuir in eagar

Rinne an Tionól Saoránach um Bithéagsúlacht moltaí in 2022 (mar sh. go bhféadfaí reifreann a ghairm le bonn bunreachtúil a chur faoi chearta fiadhúlra).

Ritheadh An tAcht um Fhiadhúlra (Leasú), 2023[7] agus an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Bithéagsúlacht, 2023 don tréimhse 2023-2030.[8][9] Cuireadh dualgais ar gach aon fhoras poiblí sa Stát gníomhú dá réir, lena n-áirítear Bord Iascaigh Mhara, Bord na Móna agus na húdaráis áitiúla. Tá ar gach údarás áitiúil plean bithéagsúlachta dá gcuid féin a chur i dtoll a chéile, a nuashonrú agus a chur i ngníomh. Cuireadh acmhainn bhreise ar fáil don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, de réir an phlean, le dul i ngleic le daoine agus le heagraíochtaí a sháraíonn an dlí.[6]

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. "COP16 biodiversity ends without agreement on funding roadmap to rescue nature" (en) (2024-11-02). Dáta rochtana: 2024-11-11.
  2. Dearbhú (2024-11-04). "Biodiversity COP 16: Important Agreement Reached Towards Goal of “Making Peace with Nature”" (en-US). United Nations Sustainable Development. Dáta rochtana: 2024-11-11.
  3. Nuacht RTÉ (2024-02-27). "Parlaimint na hEorpa ag glacadh leis an Dlí Athchóirithe Nádúir" (as ga-IE). 
  4. Hussey, Matt (2011). "Bithéagsúlacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 76.
  5. npws.ie (2023). "Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Bithéagsúlacht 2023–2030". Dáta rochtana: 2024.
  6. 6.0 6.1 Nuacht RTÉ / Ciarán Lenoach (2024-01-25). "Plean Bithéagsúlachta athnuaite le dúil tuilleadh meatha a chosc" (as ga-IE). 
  7. oireachtas.ie (2023). "An tAcht um Fhiadhúlra (Leasú), 2023". Dáta rochtana: 2024.
  8. "National Biodiversity Action Plan | National Parks & Wildlife Service". www.npws.ie. Dáta rochtana: 2024-02-27.
  9. npws.ie (2023). "Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Bithéagsúlacht 2023–2030". Dáta rochtana: 2024.
  10. Tionól Saoránach (2022). "Tionól Saoránach um Bithéagsúlacht". Dáta rochtana: 2024.