Is aisteoir, scríbhneoir scripte, stiúrthóir agus léiritheoir scannán as Meiriceá é Denzel Hayes Washington, Jr. (rugadh é ar an 28 lá de Mhí na Nollag, 1954). D'éirigh leis moladh a fháil ó na léirmheastóirí dá chuid oibre san scannáin ó na 1990idí i leith, ina measc an tslí ar ghlac sé róil ag déanamh aithrise ar fhíorphearsana, leithéidí Steve Biko, Malcolm X, Rubin Carter, Melvin B. Tolson, Frank Lucas agus Herman Boone. Bronnadh trí dhuais Golden Globe ar Washington as a chuid oibre. Is díol suntais é gurb é an dara fear de bhunadh gorm na hAfraice i Meiriceá a bhuaigh Duais an Acadaimh don aisteoir is fearr, duais a bronnadh air i ngeall ar a ról sa scannán Training Day (2001).
Denzel Washington
(2018)
Beathaisnéis
Breith
(en) Denzel Hayes Washington, Jr. 28 Nollaig 1954 70 bliana d'aois Mount Vernon, New York
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.