Is dúil cheimiceach é an bórón.[1] Is í an mhais adamhach atá aige ná 10.811 g/mol agus is iad an uimhir adamhach agus an tsiombail cheimiceach atá aige ná 5 agus B. Ina fhoirm chriostalta is miotalóideach briosc, dorcha, lonrach é ; ina fhoirm éagruthach is púdar donn é.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachBórón

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach, simple substance (en) Aistrigh agus dúil litifileach
Bórón sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachB
Uimhir adamhach5
Mais adamhach10.81
Cumraíocht leictreon1s² 2s² 2p¹ agus [He] 2s² 2p¹
Peiriad, Grúpagrúpa 13
peiread 2
boron compound (en) Aistrigh
Airíonna fisiceacha
Dlús2,080 agus 2.46 kg/m⁻³
Leáphointe2,077, 2,075 agus 2,180
Fiuchphointe4,000
Leictridhiúltacht2
Stair
AimsitheoirHumphry Davy, Joseph Louis Gay-Lussac, Louis Jacques Thénard agus Henri Moissan
Fionnachtain1892 agus 30 Meitheamh 1808
Eapainmbórás

Is é an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s22p1. Is é sin, níl ach trí leictreon ar an dara sceall. Tá an bórón ar fáil sa dúlra flúirseach go maith i mianraí éagsúla, ar nós bórás (teitreabóráit sóidiam), úilicsít (go bunúsach, meascán as bóráití an tsóidiam agus an chailciam), sasóilít (arb ionann í agus an t-aigéad bórach) agus a lán eile.

Úsáidtear an bórón - an dúil cheimiceach féin - ina dhópán sa leictreonaic, is é sin, measctar iarsmaí beaga bóróin tríd an sileacan le seoltacht an tsileacain a athrú - sin é an rud a dtugtar "dópáil" air i dtionsclaíocht na leathsheoltóirí. Mar a chonaic muid, níl ach trí leictreon ar an sceall is faide amuigh in adamh an bhóróin, ach in adamh an tsileacain, tá ceithre leictreon ar sceall na bhfiúsleictreon. Má chuirtear adamh amháin bóróin i struchtúr an chriostal sileacain, fágfar áit aon leictreon amháin folamh, ionas go gcaithfidh an bórón leictreon a fháil ar iasacht ón gcéad adamh sileacain eile. Ansin, áfach, beidh folúntas nua timpeall an adaimh sin. - Is féidir le folúntais den chineál sin sruth leictreach a iompar, agus mar sin, ní gá ach le beagáinín bóróin le seoltacht leictreach an tsileacain a ardú go mór.

Tá go leor allatróp ag an mbórón: an bórón dímhorfach, an t-alfa-bhórón rombaihéidreach, an béitea-bhórón rombaihéadrach, agus an gáma-bhórón ortarombach, agus eile. Is féidir, fiú, bórón miotalach a tháirgeadh, ach le sin a dhéanamh, teastaíonn bórón iontach glan agus imthoscaí speisialta (brú ard agus teocht ard).

Is í an uimhir ocsaídiúcháin is tipiciúla ag an mbórón ina chuid comhdhúl ná +3. Ina lán comhdhúl dá chuid, áfach, bíonn sé deacair an struchtúr a léiriú le coincheapanna coinbhinsiúnacha na ceimice ar nós nasc comhfhiúsach nó uimhir ocsaídiúcháin. Mar sin, bíonn teoiric na bhfithiseán móilíneach riachtanach le cur síos éigin a thabhairt orthu. Sampla de seo iad na bóráin nó na hidridí bóróin, is é sin, comhdhúile an bhóróin agus na hidrigine. Nó bíonn níos mó adaimh hidrigine sna comhdhúile seo ná mar ba chóir, de réir na tuisceana coinbhinsiúnaí. Baintear úsáid as na bóráin mar imoibrithe sa cheimic orgánach, agus iad ina ndí-ocsaídeoirí láidre.

Is dócha gurb é an t-aigéad bórach, H3BO3, an chomhdhúil is tábhachtaí de chuid an bhóróin. Aigéad lag é.

Nuair a úsáidtear bórón agus nítrigin, is féidir móilíní a thógáil a bhíonn an-chosúil le móilíní na gcomhdhúl orgánach. Mar shampla, tá an bóraisín, B3H6N3, iontach cosúil leis an mbeinséin.

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): bórón” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-06.