Nuair a shreabhann lucht leictreach trí ábhar ar bith, bíodh an lucht deimhneach nó diúltach, is é sruth leictreach a thugtar ar an méid lucht a ritheann thar ionad ar leith in aghaidh an tsoicind. Is é an t-aimpéar an t-aonad ina dtomhaistear sruth leictreach, agus is é A an nod ar an aimpéar. Is ionann aimpéar agus cúlóm luchta a rith thart gach uile shoicind.

Bosca Sonraí Méid FisiciúilSruth leictreach


Dlí Ohm

An sruth a shreabhadh in aon treo amháin an t-am go léir - is sruth díreach (s.d) an uair sin é. Glactar leis gurb é treo an tsrutha: treo coibhéiseach shreabhadh an luchta dheimhnigh. Is é a mhalairt sin, dá réir sin: i gcoinne shreabhadh an luchta dhiúltaigh.

Is sruth díreach a fhaightear ó cill leictreach. I gcás an dineamó áfach, is sruth malartach nó sruth ailtéarnach (s.a.) a shreabhann uaidh sin i dtreo amháin leath an ama, agus sa treo eile, an leath eile den am.

An t-ábhar a sreabhann an sruth tríd - seoltóir leictreach a thugtar air.

Scríobh Matt Husseyː[1]

Nuair a shreabhann lucht leictreach trí ábhar ar bith, bíodh sé dearfach nó diúltach, tugtar sruth leictreach ar an méid luchta ghlain a ritheann thar ionad ar leith in aghaidh an tsoicind.

Is é an t-aimpéar an t-aonad ina dtomhaistear sruth leictreach, agus giorraítear go dtí A é. Is ionann aimpéar is cúlóm luchta ag rith thart gach soicind. Sa chás go sreabhann an sruth in aon treo amháin an t-am go léir, tugtar sruth díreach (SD) air. I

s é an gnás go nglactar le treo an tsrutha mar threo coibhéiseach sreabhadh luchta dhearfaigh, agus mar sin i gcoinne sreabhadh luchta dhiúltaigh. Sruth díreach a thaightear ó chill leictreach.

I gcás dineamó, áfach, sreabhann sruth ailtéarnach (SA) uaidh, i dtreo amháin leath den am, sa treo eile an leath eile. Sruth ailtéarnach a thaightear ó sholáthróirí leictreachais.

Tugtar seoltóir ar an ábhar trína sreabhann an sruth, agus chun an sruth a chur ar siúl, ní mór fórsa leictreaghluaisneach nó voltas chun an sruth a bhrú trí fhriotaíocht an tseoltóra, de réir dlí Ohm.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.