Athrú aeráide in 2025
Bhí teochtaí curiarrachta ar fud an domhain le linn 2024-2025. Ar an 10 Eanáir 2025, dúirt an tseirbhís Copernicus, a dhéanann anailís ar an athrú aeráide, gurbh í an bhliain 2024 ba theo riamh ó cuireadh tús le taifid.[1]
Cineál | events in a specific year or time period (en) ![]() ![]() | ||
---|---|---|---|
Dáta na bliana | 2025 ![]() | ||

Aimsir
cuir in eagarAg deireadh na bliana 2024, bhí an chuid is mó taighdeoirí ag súil go mbeidh 2025 beagán níos fuaire ná 2023 agus 2024, mar gheall ar El Niño 2023-2024. Ceapadh go mbeadh Eanáir 2025 níos fuaire ná Eanáir 2024 mar gheall ar theacht La Niña in áit El Niño. Ach a leithéid a tharla agus bhris Eanáir 2025 taifead Eanáir 2024.[3]
Polaitíocht
cuir in eagarInsealbhaíodh Donald Trump mar Uachtarán na Stát Aontaithe den dara huair ar an 20 Eanáir 2025. In óráid a thug sé i dTeach na Comhdhála ar Chnoc an Chaipeatóil, mhaígh Trump go raibh éigeandáil náisiúnta fuinnimh ann agus thug sé le fios go rachfaí i muinín na mianadóireachta idir muir agus thír lena mhaolú. "Drill, baby, drill" an mana a bhí aige ina óráid.[4]
Bhí cead tugtha ag Trump do chomhlachtaí taiscéalaíochta ola agus gás a bhaint as tailte fairsinge gan mhilleadh in Alasca. Chuir sé maoiniú $300 billiún i dtaca le tionchar ar an gcomhshaol ar ceal ar an toirt; cuireadh cosc ar infheistiú in infreastruchtúr "glas".[2]
Imeachtaí
cuir in eagarReáchtálfar idir 10 Samhain - 21 Samhain 2024 i mBelém na Brasaíle, COP30 (Comhdháil na bPáirtithe 29) nó Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2025.[5][6]
Tubaistí
cuir in eagarBhris falscaithe amach i Los Angeles agus sna ceantair máguaird ar chósta thiar na Stát Aontaithe i mí Eanáir 2025, Ba mhillteanach an tubaiste timpeallachta é.[7]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-10). "'2024 ba theo riamh'-Copernicus" (as ga-IE).
- ↑ Jump up to: 2.0 2.1 Amanda Chu, Jamie Smyth (2025-01-22). "Donald Trump halts more than $300bn in US green infrastructure funding". Financial Times. Dáta rochtana: 2025-01-22.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (8 Feabhra 2025). "Nuacht Mhall (Ard Mhacha)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-02-08.
- ↑ Alex Hijmans (22 Eanáir 2025). "‘Drill baby, drill!’ – ré nua ar dhath na hola geallta ag Donald Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-22.
- ↑ Ciallaíonn COP ‘Comhdháil na bPáirtithe’ agus is ionann na ‘páirtithe’ agus an 197 náisiún a d’aontaigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i 1992.
- ↑ "COP29 Azerbaijan - United Nations Climate Change Conference". cop29.az. Dáta rochtana: 2024-11-20.
- ↑ Samuel Granados, Nicholas Bogel-Burroughs, Soumya Karlamangla (2025-01-09). "How the Destruction in Los Angeles Ranks in California’s Fire History" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2025-01-10.