Athrú aeráide sna Stáit Aontaithe
Sa bhliain 2018, bhí na Stáit Aontaithe freagrach as 12% d’astaíochta gás teasa (GCT[2]) na cruinne (C02e).[3][4][5] Má chomhairtear na hastaíochtaí ar fad ó bhreoslaí iontaise ó 1750, is mó a tháirg SAM ná aon tír eile ar domhan.[6]
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/5/59/US_electricity_production_area_chart.svg/220px-US_electricity_production_area_chart.svg.png)
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/b/b6/1895-_Temperature_change_in_the_United_States_-_Ed_Hawkins_-_climate_change.jpg/220px-1895-_Temperature_change_in_the_United_States_-_Ed_Hawkins_-_climate_change.jpg)
Is as an tSín is mó a eisítear gáis ceaptha teasa sa lá inniu ach tá na Stáit Aontaithe sa dara háit. Ar ndóigh, bíonn 1,400 milliún ina chónaí sa tSín agus 330 milliún sna Stáit Aontaithe.[8] In aghaidh an duine, sa bhliain 2021, scaoileadh 14.2 tonna méadrach (CO2e) sna Stáit Aontaithe, 8.7 sa tSín, 7.1 in Éirinn, agus 4.6 sa Fhrainc[9] (foinse eile).[10]
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/e/ed/20201211_Billion_dollar_events_related_to_climate_change_-_U.S._-en.svg/220px-20201211_Billion_dollar_events_related_to_climate_change_-_U.S._-en.svg.png)
Ré Trump
cuir in eagarInsealbhaíodh Donald Trump mar Uachtarán na Stát Aontaithe den dara huair ar an 20 Eanáir 2025. In óráid a thug sé i dTeach na Comhdhála ar Chnoc an Chaipeatóil, mhaígh Trump go raibh éigeandáil náisiúnta fuinnimh ann agus thug sé le fios go rachfaí i muinín na mianadóireachta idir muir agus thír lena mhaolú. "Drill, baby, drill" an mana a bhí aige ina óráid.[11]
Bhí cead tugtha ag Trump do chomhlachtaí taiscéalaíochta ola agus gás a bhaint as tailte fairsinge gan mhilleadh in Alasca. Chuir sé maoiniú $300 billiún i dtaca le tionchar ar an gcomhshaol ar ceal ar an toirt; cuireadh cosc ar infheistiú in infreastruchtúr "glas".[12]
Féach freisin
cuir in eagar- An tAcht Laghdaithe Boilsciú, 2022
- Falscaithe in Haváí, 2023
- Athrú aeráide sa tSín
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "U.S. Energy Information Administration - EIA - Independent Statistics and Analysis". www.eia.gov. Dáta rochtana: 2022-08-24.
- ↑ astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa
- ↑ "List of countries by greenhouse gas emissions" (as en) (2022-03-11). Wikipedia.
- ↑ "List of countries by greenhouse gas emissions per person" (as en) (2022-03-04). Wikipedia.
- ↑ bunachar sonraí (2018). "Resource Watch" (en). resourcewatch.org. Dáta rochtana: 2022-08-23.
- ↑ "Biden lena lámh a chur leis an dlí aeráide is tábhachtaí riamh i Meiriceá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-23.
- ↑ "#ShowYourStripes (University of Reading, eolaí Ed Hawkins:)". web.archive.org (2022-02-20). Dáta rochtana: 2022-08-23.
- ↑ "List of countries by population (United Nations)" (as en) (2022-08-20). Wikipedia.
- ↑ EDGAR / edgar.jrc.ec.europa.eu (2022). "Gáis ceaptha teasa". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ "List of countries by greenhouse gas emissions per capita" (as en) (2023-01-04). Wikipedia.
- ↑ Alex Hijmans (22 Eanáir 2025). "‘Drill baby, drill!’ – ré nua ar dhath na hola geallta ag Donald Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-22.
- ↑ Amanda Chu, Jamie Smyth (2025-01-22). "Donald Trump halts more than $300bn in US green infrastructure funding". Financial Times. Dáta rochtana: 2025-01-22.