An Páipéar (nuachtán)

nuachtán Gaeilge a seoladh in 2024

Seoladh an nuachtán, An Páipéar, ag Oireachtas na Samhna 2024.[1][2][3]

Bosca Sonraí NuachtánAn Páipéar

An chéad eagrán, a foilsíodh ar an 1 Samhain 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálnuachtán seachtainiúil
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh1 Samhain 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Áit a fhoilsitheRáth Chairn

D'fhógair Gaelmheáin Teoranta i mí Dheireadh Fómhair go raibh an comhlacht ar tí “an chéad nuachtán clóite Gaeilge ó cuireadh deireadh le Gaelscéal” a fhoilsiú ar bhonn seachtainiúil gach Aoine ón 1 Samhain 2024.

Ba é Eoghan Ó Néill a sheol an nuachtán nua ar an 1 Samhain 2024[4] agus bhí cóipeanna den chéad eagrán ar fáil ag Oireachtas na Samhna 2024. Scríobh an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn an chéad alt sa nuachtán.[5]

 
Eoghan Ó Néill ag labhairt faoin nuachtán nua ag Oireachtas na Samhna 2024

Dáileadh agus maoiniú

cuir in eagar

Ar dtús, bhí an nuachtán ar díol i 300 siopa “ar fud na tíre” ar €3 (nó £2.50 sa Tuaisceart). Dúirt an tEagarthóir Caoimhín Ó Cadhla gurb é “aidhm Ghaelmheáin Teoranta go mbeidh an nuachtán ar fáil i ngach siopa sa tír”.[5]

Bhí síntiúis éagsúla ar fáil:

  • eagrán clóite, €20.84 (€12.50 + €8.34 do phostas agus pacáistiú) in aghaidh na míosa
  • eagrán digiteach, €6.70 in aghaidh na míosa
  • eagrán clóite agus digiteach, €25.34 (€17.00 + €8.34 do phostas agus pacáistiú) in aghaidh na míosa

Níl aon mhaoiniú Stáit ag An Páipéar. Níl a fhios an bhfuil foinse ioncaim eile ann.

Leagan amach táblóideach atá ar An Páipéar agus é lándaite. I ngach eagrán (sé leathanach déag in 2024), tá rannóga nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta le fáil, tuairimíocht, ‘comhfhreagras’ (litreacha ó na léitheoirí), eagarfhocal, clár imeachtaí Gaeilge, léirmheasanna ar leabhar agus féile, rannóg oideachais, alt faoin mbéaloideas, sceidil teilifíse agus raidió, puzail, agus tuairiscí spóirt.[5]

Luaigh Síle Ní Choncheanainn ar Thús Áite (Raidió na Gaeltachta)[6] gur shíl sí An Páipéar a bheith claonta.[7] I measc na gcomhfhreagraithe, tá Cathal Ó Murchú (Sinn Féin)[8][9] agus Eoin Ó Murchú (ar son na Rúise srl). Ar an 21 Nollaig 2024, luaigh Cathal Ó Murchú go raibh fiosrúchán ar siúl ag an nGinearál Kirillov, san Úcráin, "taighde ar siúl ... chun oibreán bitheolaíoch a chruthú dírithe ar dhíothú a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil cód géiniteach Rúiseach."[10][11]

 
Caoimhín Ó Cadhla, bainisteoir an nuachtáin ag Oireachtas na Samhna 2024

Naisc sheachtracha

cuir in eagar

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Gaelmheáin Teoranta (2024). "anpáipéar.ie". Dáta rochtana: 2024.
  2. "Dé hAoine || An tOireachtas". www.antoireachtas.ie. Dáta rochtana: 2024-11-01.
  3. Ciarán Dunbar (16 Deireadh Fómhair 2024). "Nuachtán nua le seoladh ag an Oireachtas". NÓS. Dáta rochtana: 03 Samhain 2024.
  4. Gaelmheáin (1ú Samhain). "Nuachtán nua Gaelach le seoladh ag an Oireachtas" (as Gaeilge) An Páipéar (Uimhir 1). 
  5. 5.0 5.1 5.2 Maitiú Ó Coimín (2 Samhain 2024). "Nuachtán clóite Gaeilge nua seolta ag Oireachtas na Samhna" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-02.
  6. Síle Ní Choncheanainn (2024-11-06). "Tús Áite: Mír na Meán" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-11-10.
  7. Smaointe Fánacha Aonghusa (6 Samhain 2024). "An Páipéar". aonghus.blogspot.com. Dáta rochtana: 2024-11-10.
  8. Issuu (2017-07-01). "Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2017" (ga-IE). issuu.com. Dáta rochtana: 2024-11-23.
  9. Cathal Ó Murchú ar Facebook. "CathalOMurchuSinnFein". Dáta rochtana: 2024.
  10. An Páipéar (2024-12-21). "Feallmharú an Ghinearáil Kirillov" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-12-22.
  11. "Ukraine war: Fact-checking Russia's biological weapons claims" (en-GB) (2022-03-11). Dáta rochtana: 2024-12-22.