Nós (iris)

iris Ghaeilge i bprionta agus ar líne

Is iris chultúir agus stíl mhaireachtála í NÓS a chlúdaíonn ceol, scannáin, taisteal, cúrsaí reatha, dearadh agus gníomhachas[1]. Seoladh an chéad eagrán ar an 17 Márta 2008 (Lá Fhéile Pádraig) le linn Sheachtain na Gaeilge.

Bosca Sonraí NuachtánNós

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáltréimhseachán
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh17 Márta 2008 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Tomaí Ó Conghaile
Tréith
Príomhábharceol
EagarthóirConor Torbóid Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomhnos.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: nosmag X: nosmag Instagram: nosmag Youtube: UCOT71EC3TdYZZfcZwFtM2UQ Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Tomaí Ó Conghaile, iar-leaseagarthóir le Lá Nua agus láithreoir le BBC Raidió Uladh, a bhunaigh NÓS agus bhí sé ina eagarthóir ar an iris ar feadh deich mbliana. Ceapadh Maitiú Ó Coimín mar eagarthóir i 2018[2] agus tháinig an Feirsteach, Conor Torbóid, i gcomharbas air i 2023.[3]

Is ‘iris chultúir agus stílmhaireachtála’ é NÓS a fhreastalaíonn go príomha ar dhaoine idir 18-34 bliain d’aois in Éirinn.[4] Is iomaí ábhar a scríobhann na hiriseoirí faoi, mar shampla cúrsaí reatha, gnéas, ceol, scannáin agus taisteal. 50:50 an cóimheá idir léitheoirí ban agus léitheoirí fear.

In 2021, bhí 46% de léitheoirí NÓS san aoisghrúpa sin, tá 34% san aoisghrúpa 35-54, agus 20% san aoisghrúpa os cionn 55 bliana d’aois. Léirigh figiúirí léitheoireachta na hirise in 2021 gur sna Sé Chontae Fichead atá 54% na léitheoirí (méadú ar an 49% a bhí ann in 2020), bhí 24% sna Stáit Aontaithe, agus 10% sa ‘Ríocht Aontaithe’ lena n-áirítear na Sé Chontae. Ar na tíortha eile ba mhó a bhí léitheoirí NÓS iontu bhí Ceanada, an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Astráil, an Ísiltír, agus an Iorua.[4]

Thug tuairim is 47,000 duine uathúil cuairt ar an suíomh in 2017, méadaíodh an líon sin go 62,000 in 2018, go 69,000 in 2019 agus chomh hard le 92,000 i mbliain mhór na paindéime 2020. Léigh 72,000 duine an iris in 2021.

Sa bhliain 2022, fuair NÓS £62,000 sa mbliain. Is é deontas Fhoras na Gaeilge an t-aon teacht isteach rialta atá ag NÓS. Bíonn deontais eile ar fáil ón gCiste Craoltóireachta ó thuaidh anois is arís freisin.[4]

Lá Fhéile Pádraig 2008 a chuir Tomaí Rua Ó Conghaile an chéad eagrán den iris NÓS ar líne.[5] Foilsíodh an iris go míosúil, saor in aisce, ar an idirlíon ar dtús. Scaipeadh na chéad sé eagrán den iris mhíosúil a chuirtí le chéile i seomra suí an eagarthóra i mBéal Feirste go dtí gur aimsíodh tuairim is 400 síntiúsóir a thug an t-airgead a theastaigh leis an rud a chur i gcló den chéad uair i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2008. Scaipeadh é ar na meáin shóisialta a bhí ann ag an am – Bebo, MySpace agus an córas ríomhphoist.[5] Bhí NÓS ina shaorachán i mBéal Feirste ag an am agus é dírithe go príomha ar an gcathair sin, agus amantaí eile ar an gcuid eile de chúige Uladh.[4]

De réir a chéile bhí NÓS ar fáil i siopaí dála An Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath. Ansin tháinig an nuachtán Gaelscéal ar an saol agus bhí socrú ann NÓS a chur isteach mar fhorlíonadh uair sa mhí. Fuarthas maoiniú ó Fhoras na Gaeilge le leagan clóite a bhí níos téagartha a chur amach in 2012

Tháinig deireadh sách tobann le Gaelscéal in 2013 agus b’éigean do NÓS a bhealach féin a dhéanamh. Rinneadh athdhearadh ar an iris arís agus tosaíodh á foilsiú ar bhonn míosúil agus á scaipeadh i siopaí móra ar fud na hÉireann – Eason’s agus a leithéid san áireamh. Faoin am sin bhí dearcadh ruainne beag níos uile-Éireann ag NÓS ach níorbh fhéidir a dhéanamh gur iris Fheirsteach go príomha a bhí inti i gcónaí. Bhí isteach is amach le míle cóip den iris chlóite á gceannach gach mí i gcaitheamh na mblianta sin.

Bhronn Foras na Gaeilge conradh nua ar Nós in 2014 le hiris ar líne a chur ar fáil. Rinne Foras na Gaeilge athstruchtúrú ar an gcóras maoinithe a bhí ann d’fhoilseacháin Ghaeilge in 2014 agus ghnóthaigh Rua Media (máthairchomhlacht NÓS) an conradh le hiris ar líne do dhaoine óga a chur ar fáil.

Tháinig méadú “mór millteach” ar líon na léitheoirí i ndiaidh don iris an suíomh nua idirlín a chur i bhfeidhm in 2015. Idir 2015-2023, bhí os cionn milliún cuairt tugtha ag 540,000 léitheoir ar NÓS ó foilsíodh na chéad ailt ar www.nos.ie ar an 15 Eanáir 2015.[5][4]

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. "Gaelport". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-03-17. Dáta rochtana: 2018-03-17.
  2. "Iar-iriseoir le Tuairisc.ie ceaptha ina eagarthóir ar NÓS.ie" (ga-IE). Tuairisc.ie (2018-01-12). Dáta rochtana: 2023-10-12.
  3. NÓS (2023-10-06). "‘Ní mise amháin a bheas ar stiúir na hirise’ - Conor Torbóid ina eagarthóir nua ar NÓS" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-01-06.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Maitiú Ó Coimín (2022). "Cur i láthair / oireachtas.ie". Dáta rochtana: 2025.
  5. 5.0 5.1 5.2 "An iris chultúir NÓS ag ceiliúradh 15 bliain inniu" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-03-17). Dáta rochtana: 2023-10-12.