Bulaí Meiriceánach

(Athsheolta ó XL Bully)

Is madra as Meiriceá é an bulaí Meiriceánach nó an bulaí XL.[1] Faoi na Rialacháin um Rialú Madraí in Éirinn, tá rialacha i bhfeidhm maidir le húinéireacht agus rialú póranna áirithe madraí. Ina measc sin tá tarbh-bhrocairí Meiriceánacha agus Sasanacha, Tarbhmhaistíní agus Doberman. De réir dlí caithfidh duine ós cionn 16 bliana d'aois na madraí a shrianadh le hiall láidir agus béalóg a choinneáil orthu i gcónaí in áiteanna poiblí.[2]

WD Bosca Sonraí Pór Madra Bulaí Meiriceánach
Ginearaltaí
Tír bhunaidhStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Ionchas saoil10 bliain agus 12 bliain Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí cosc curtha ar mhadraí den phór seo sa mBreatain sa bhliain 2024, seachas i gcás daoine a bhfuil teastas díolúine acu.[2][3]

Eachtraí in Éirinn

cuir in eagar

Ar an 4 Meitheamh 2024, maraíodh Nicole Morey, bean 23 bliain d'aois i gCo. Luimnigh, nuair a d'ionsaigh Bulaí XL (agus tarbh-bhrocaire) í. Rinne baill de Aonad Armtha na nGardaí é a dhíothú nuair a cuireadh fios orthu chuig an láthair.[4][5]

Ar an 6 Meitheamh 2024, lámhaigh na Gardaí Bulaí XL i gCorcaigh tar éis don mhadra éirí trodach le linn eachtra aréir ar Bhóthar Uí Chonghaile i mBaile Féitheán.[6][2]

Ar an 17 Lúnasa 2024, gortaíodh go dona cailín bliain d'aois nuair a d'ionsaigh bulaí XL í i gCo Chiarraí.[3]

Eachtraí sa Bhreatain

cuir in eagar

Ar an 20 Lúnasa 2024, bhásaigh fear 53 bliain d'aois tar éis do mhadra den phór bulaí XL é a ionsaí ina theach cónaithe i mbaile Accrington in iarthuaisceart Shasana.[3]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. i mBéarla, American Bully agus cineálacha Pocket, Standard, Classic, XL, srl
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2024-06-07). "Tarbh-bhrocaire maraithe ag na Gardaí tar éis ionsaí ar bhean" (as ga-IE). 
  3. 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2024-08-22). "Fear maraithe ag bulaí XL i Sasana" (as ga-IE). 
  4. Nuacht RTÉ (2024-06-05). "A 23ú breithlá díreach slánaithe ag an bhean a mharaigh madra" (as ga-IE). 
  5. Garreth Macnamee (2024-06-06). "XL Bully owner killed by the dog had just come in from a night out". Mail Online. Dáta rochtana: 2024-06-06.
  6. Joan O'Sullivan / RTÉ News (2024-06-07). "'Severe' dog attacks becoming more common - CSPCA" (as en).